Príobháideachas

Léargas ginearálta

Tá aird iomlán ag na Coimisinéirí Ioncaim ar do chearta chun príobháideachais i dtaca le d’idirghníomhaíocht lenár suíomh idirlín [1].

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta dá dhualgais a chomhlíonadh mar atá leagtha ag Rialachán 2016/679 ón gComhairle AE. Is éard a thugtar air seo ná an  Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Féadtar  teagmháil a dhéanamh linn má tá aon fhiosruithe agat i ndáil le ceisteanna cosanta sonraí. Féadfaidh sé go bhfolódh na fiosruithe seo an chaoi le fiosrú cosanta sonraí a dhéanamh, nó fiosrú chun do chuid sonraí a cheartú.

Tá sonraí agus eolas faoi ár bpolasaí cosanta sonraí ar fáil ar an leathanach  Cosanta Sonraí ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ráiteas ginearálta

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim réimse leathan sonraí chun críocha  chroí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim. Is chun na críocha sin amháin a úsáidfear aon eolas a chuireann tú ar fáil dúinn le linn do chuid gnó linn. Ní roinnfear le tríú páirtithe é ach amháin má cheadaítear é faoin dlí. Féach an rannán ar  Chosaint Sonraí sna Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh eolais.

Rúndacht agus slándáil

Tá dualgas de réir dlí orainn rúndacht faisnéise cáiníocóirí a chosaint. Caithfear le do chuid sonraí pearsanta leis na caighdeáin is airde ó thaobh slándála agus rúndachta. Déileálfar leis go díreach de réir na reachtaíochta náisiúnta Cosanta Sonraí agus Cumarsáide Leictreonaí, polasaí na gCoimisinéirí Ioncaim [2] agus treoracha infheidhmithe de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).

I rith an phróisis clárúcháin le haghaidh ár seirbhísí ar líne agus nuair a chuireann tú isteach faisnéis íogair mar a theastaíonn i dtuairisceán cánach, déantar an fhaisnéis a chriptiú. Tá sé seo i gceist chun rúndacht a chosaint. Déantar é seo a tharchur le Deimhniú Digiteach i gcás Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), agus déantar é a chosaint de réir an chleachtais is fearr sa tionscal.

[1] Folaíonn tagairtí do ‘shuíomh idirlín’ agus tagairtí dár seirbhísí ar líne, is é sin ROS, moChúrsaí agus CMÁ.

[2] Folaíonn sé seo polasaithe cosanta sonraí, nochtuithe cosanta agus inrochtaineacht soláthair.

Ar aghaidh: Clárúchán