Ról na gCoimisinéirí Ioncaim

Croí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim

Croí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim is ea cánacha agus dleachtanna a mheasúnú agus a bhailiú. Is ó dhualgais a chuirtear i bhfeidhm de réir reachta agus de réir an Rialtais, agus mar thoradh ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach (AE) a thagann údarás na gCoimisinéirí Ioncaim. I gcoitinne, is éard atá san obair a dhéanaimid:

  • cánacha agus dleachtanna a mheasúnú, a bhailiú agus a bhainistiú is cúis le 93% d’Ioncaim an Státchiste
  • an córas custam a riar d’fhonn iompórtálacha agus easpórtálacha a rialú agus dleachtanna agus tobhaigh a bhailiú thar ceann an AE
  • oibriú i gcomhar le comhlachtaí eile Stáit san fheachtas i gcoinne drugaí agus i ndreasachtaí eile tras-rannacha
  • obair ghníomhaireachta a dhéanamh ar son ranna eile
  • Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) a bhailiú don Roinn Coimirce Sóisialaí
  • comhairle beartais a sholáthar i dtaca le saincheisteanna cánach.

Ar aghaidh: Struchtúr na heagraíochta – ról na rannóg