Ról na gCoimisinéirí Ioncaim

Léargas ginearálta

Bunaíodh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le hOrdú Rialtais in 1923. Faoin Ordú, tugadh foráil do Bhord na gCoimisinéirí.

Tá triúr Coimisinéirí ar an mBord. Ceaptar duine díobh ina Chathaoirleach agus is ag grád Ard-Rúnaí a bhíonn an triúr. Is é Cathaoirleach an Bhoird Oifigeach Cuntasaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim.

An Ráiteas Misin atá ag na Coimisinéirí Ioncaim ná:

‘Freastal ar an bpobal trí chánacha agus dleachtanna a bhailiú agus rialuithe Custam a fheidhmiú go cothrom agus go héifeachtúil.’

Tá timpeall 6,600 ball foirne (coibhéisí lánaimseartha) á fhostú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair. Tá an fhoireann scaipthe thar timpeall 70 oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar fud na tíre.

Ar aghaidh: Croí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim