Faisnéis a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim

Fáiltíonn na Coimisinéirí Ioncaim roimh gach eolas faoi éagóir fhéideartha a bhaineann le rialuithe cánach, dleachta nó custam. D'fhéadfadh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

  • má loictear an dliteanas ceart cánach nó dleachta a dhearbhú
  • má loictear an méid ceart cánach nó dleachta atá dlite a íoc
  • calaois chánach nó dleachta
  • earraí a iompórtáil go neamhdhleathach.

Déileáileann na Coimisinéirí Ioncaim go dáiríre le gach tuairisc dá leithéid agus le rúndacht iomlán.

Féadfaidh duine ar bith faisnéis faoi éagóir fhéideartha a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir é seo a dhéanamh trí:

Gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar a thuairisciú

Mura mbaineann an éagóir le d'ionad oibre, tá bealaí eile ann ar féidir leat faisnéis a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ag Imghabháil Chánach a Thuairisciú (Gníomhaíochtaí sa Scáthgheilleagair).

Nochtadh cosanta a dhéanamh

Más mian leat faisnéis a thuairisciú faoi éagóir fhéideartha i d'ionad oibre, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi chuimsiú an Achta um Nochtadh Cosanta, 2014 (arna leasú). Tugtar 'nochtadh cosanta' air seo. Tugann an tAcht cosaintí láidre dlíthiúla dóibh siúd a dhéanann nochtadh cosanta. Féadtar breis eolais a fháil maidir le Nochtaí Cosanta.