Athúsáid faisnéise de chuid na hearnála poiblí

Tá an fhaisnéis ar fad atá ar ár suíomh idirlín faoi chóipcheart Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim mura léirítear a mhalairt.

Cloíonn na gCoimisinéirí Ioncaim le Regulations on the re-use of public sector Information. Molann muid an fhaisnéis a chuireann muid ar fáil a athúsáid. Féadtar an fhaisnéis ar an suíomh idirlín seo a athúsáid in aon fhormáid saor in aisce.

Folaíonn athúsáid:

  • faisnéis a chóipeáil
  • a mhionathrú
  • a fhoilsiú
  • a aistriú
  • a oiriúnú
  • a dháileadh
  • eile ag baint úsáid as aon mheán, mhodh nó fhormáid chun aon chríocha dlíthiúla.

Téarmaí athúsáide

Tá Athúsáid faoi réir téarmaí an Ceadúnas Faisnéise de chuid na hEarnáil Poiblí (PSI) a chloíonn le caighdeán an Cheadúnais Shannta Creative Commons (CC-BY 4.0 Ididnáisiúnta). Faoi Cheadúnas FEP, ní mór d’úsáideoirí faisnéise na gCoimisinéirí Ioncaim foinse na Faisnéise a admháil tríd an ráiteas sannta seo a leanas a chur san áireamh:

  • ‘Cuirtear an fhaisnéis ar fáil le caoinchead ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)’

agus, nuair is féidir, nasc a sholáthar chuig an gceadúnas. 

Má táthar ag baint úsáid as faisnéis ó roinnt soláthraithe faisnéise agus nuair nach bhfuil sé praiticiúil tagairtí iomadúla a dhéanamh don táirge nó feidhm, ní mór d’úsáideoirí an ráiteas admhála seo a leanas a úsáid:

  • ‘Tá Faisnéis san áireamh anseo de chuid na Seirbhíse Poiblí in Éirinn faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)’.

Níl Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim faoi dhliteanas aon chaillteanais nó dliteanais a bhaineann leis an bhfaisnéis a athúsáid agus ní dheimníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní thugann Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim údarás d’aon úsáideoirí cearta eisiacha a bheith acu an fhaisnéis a athúsáid.

Faisnéis

Faoi láthair, cuireann na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis ar fáil go rialta don phobal i dtaca lena gcuid feidhmeanna, gníomhaíochtaí agus scéimeanna. Leanfar le faisnéis den chineál seo a chur ar fáil gan an riachtanas an tAcht um Shaoráil Faisnéise a úsáid. Faoin Acht seo, tá an fhaisnéis seo a chuirtear ar fáil go rialta san áireamh in Alt 8 (Samhail de Scéim Foilseacháin).

Le tuilleadh eolais a fháil ar an bhfaisnéis a choinníonn Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a athúsáid, déan teagmháil le:

Seoladh:
Rannóg an Ard-Chuntasóra agus na Pleanála Straitéisí
Na Coimisinéirí Ioncaim
An Chéad Urlár
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamainn
Baile Átha Cliath 2
D02 TD99.

Ríomhphost: webmaster@revenue.ie