Príobháideachas

Úsáid fianán

Clúdaíonn an ráiteas ar fhianán seo na suíomhanna idirlín revenue.ie agus ros.ie. 

Céard iad fianáin?

Is éard is fianáin ann ná comhaid bheaga téacs a íoslódáiltear agus a sábháiltear chuig do ríomhaire nó gléas móibíleach nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh idirlín. Seolann do bhrabhsálaí gréasáin (amhail Edge, Mozilla Firefox nó Google Chrome) na fianáin seo ar ais chuig an suíomh idirlín ar gach cuairt ina dhiaidh sin cuimhneamh ar rudaí ar nós do thosaíochtaí. Uaireanta seoltar fianáin chuig suíomh idirlín eile a úsáideann iad chun gníomhaíocht ar líne an úsáideora a thaifeadadh.

Úsáideann an suíomh idirlín seo cineálacha éagsúla fianán. Socraíonn muid cuid acu go díreach chun cuimhneamh ar do chuid tosaíochtaí mar a mhínítear thíos.

Úsáideann muid fianáin freisin socraithe ag tríú páirtithe le haghaidh aiseolais ó úsáideoirí agus cead féachaint ar fhíseáin YouTube, mar a mhínítear thíos. Teastaíonn do chead chun na cineálacha fianáin seo a shocrú.

Do roghanna i leith fianán

Úsáideann an suíomh idirlín seo fianáin atá riachtanach chun an suíomh idirlín a oibriú. Tá míniú tugtha orthu sa tábla thíos.

Féadtar roghnú chun fianáin anailíse roghnacha eile a shocrú a bhfuil cur síos orthu sa tabla thíos. Nuair a shábhálann tú do roghanna fianáin, sábhálfar fianán ar do ghléas chun cuimhneamh ar do rogha. Féadfaidh tú do chuid roghanna maidir le haon fhianáin a athrú ag am ar bith trí fhilleadh ar an leathanach seo den Ráiteas ar Fhianáin. Iarrfaimid ort do roghanna fianán a athdhearbhú go rialta, bunaithe ar na dátaí éaga a thaispeántar.

De rogha air sin, tugann formhór de na mbrabhsálaithe gréasáin deis duit do roghanna fianán a rialú tríd na socruithe brabhsálaí. Chuir muid naisc ar fáil do na treoracha brabhsálaithe is coitianta thíos. Má úsáideann tú socruithe do bhrabhsálaí chun na fianáin atá riachtanach chun go n-oibreoidh an suíomh idirlín seo a dhíchumasú, féadfaidh sé seo dul i bhfeidhm ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an suíomh idirlín seo duit.

Féadfaidh tú treoracha na mbrabhsálaithe a úsáid freisin chun na fianáin a socraíodh ar do ghléas roimhe seo a scriosadh.

Fianáin a úsáidtear ar an suíomh idirlín seo

 AinmSocraithe agCur síosAm Éaga
  Fianáin riachtanach Na Coimisinéirí Ioncaim

Is fianáin iad seo atá riachtanach chun go n-oibreoidh feidhmeanna bunúsacha an tsuímh idirlín seo. Féadtar na fianáin seo a chosc nó a scriosadh ach do shocruithe brabhsálaí a athrú. Féadfaidh sé seo dul i bhfeidhm ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an suíomh idirlín seo duit.

 
ASP.NET_SessionId Na Coimisinéirí Ioncaim

Coinníonn an fianán seo seisiún úsáideora anaithnidithe ag an bhfreastalaí. Stórálann sé seo stádas seisiún idir iarratais http chun feidhmíocht níos fearr a cheadú. Déantar an t-ábhar a chriptiú agus ní choinnítear é ach le linn do sheisiún brabhsála. Dá bhrí sin, nuair a dhúnann tú amach ón suíomh idirlín seo, ní choinnítear aon eolais, agus scriostar an fianán ó do ghléas

Seisiún
AWSALB Na Coimisinéirí Ioncaim

Cinntíonn sé go seoltar gach iarratas ón úsáideoir le linn an tseisiúin chuig an sprioc-fhreastalaí céanna as freastalaithe éagsúla taobh thiar den cothromóir lóid. Cuidíonn an ghné seo le faisnéis stáit a chothabháil, chun eispéireas leanúnach a sholáthar do chliaint agus ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta nó rianaithe.

 7 lá
AWSALBCORS Na Coimisinéirí Ioncaim

Cinntíonn sé go bhfuil an ghreamaitheacht cumasaithe maidir le hiarratais ar chomhroinnt acmhainní tras-tionscnaimh (CORS), rud a chiallaíonn go gceadaítear aistriú sonraí idir brabhsálaithe agus freastalaithe. Cuidíonn an ghné seo le faisnéis stáit a chothabháil, chun eispéireas leanúnach a sholáthar do chliaint agus ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta nó rianaithe.

 7 lá

 AinmSocraithe agCur síosAm Éaga
  Fianáin tosaíochta Na Coimisinéirí Ioncaim

Ligeann na fianáin seo ar a dtugtar “Fianáin Fheidhmiúla” orthu freisin do shuíomh idirlín cuimhneamh ar na roghanna atá déanta agat. Dá bhrí sin, seachnaítear an gá atá le ceist a chur ort faoi do chuid roghanna ar gach leathanach gréasáin.

 

Féadtar na fianáin seo a chosc nó a scriosadh ach do shocruithe brabhsálaí a athrú. Féadfaidh sé seo dul i bhfeidhm ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an suíomh idirlín seo duit.

 
cookie-opt-qualtrics Na Coimisinéirí Ioncaim

Socraítear an fianán seo nuair a shábhálann tú do chuid tosaíochtaí fianán chun gur féidir fianáin Qualtrics a shábháil ar do ghléas nó gan iad a cheadú.

Seisiún
  cookie-opt-youtube Na Coimisinéirí Ioncaim

Socraítear an fianán seo nuair a shábhálann tú do chuid tosaíochtaí fianán chun gur féidir fianáin YouTube a shábháil ar do ghléas nó gan iad a cheadú.

Seisiún
  mtm_consent_removed Na Coimisinéirí Ioncaim

Ní shocraítear an fianán seo ach amháin má ghlactar an rogha diúltaithe ó thaobh gan do ghníomhaíochtaí anaithnidithe ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun críocha staidrimh trí bhogearraí Matomo.

12 mhí

 AinmSocraithe agCur síosAm Éaga
 

Fianáin suirbhé

  

 

Qualtrics

Ligeann na fianáin seo dúinn d'aiseolas i leith ár suíomh idirlín a bhailiú. Tá siad socraithe ag seirbhís thriú páirtí curtha arna soláthair ag Qualtrics a bhailíonn eolas faoin leathanach a bhfuil aiseolas á sholáthar agat ina leith. Tá na fianáin seo riachtanach chun go mbeidh a fhios againn an leathanach gréasáin dá dtagraíonn d’aiseolas. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Qualtrics.

 

Seisiún
QSI_HistorySession Qualtrics

Aithníonn an fianán seo na leathanaigh ar thug úsáideoir cuairt orthu le linn a seisiúin chun eolas a chur ar fáil ar an leathanach a dtagraíonn aiseolas an úsáideora dó.

Seisiún
_cfdruid Qualtrics

Is fianán é seo a spreagfaidh nuair a bheidh úsáideoir ag fágáil aiseolas chun cuairteoirí mailíseacha a aithint agus úsáideoirí neamhdhlisteanacha a chosc ar chúiseanna slándála.

Seisiún

 

 AinmSocraithe agCur SíosAm Éaga
 

Fianáin YouTube

 

 

Google

 

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim físeáin leabaithe ar fáil ar an suíomh idirlín seo ó chainéal oifigiúil YouTube na gCoimisinéirí Ioncaim ag úsáid an modh príobháideachas feabhsaithe YouTube. Chomh luath agus a ghlacann tú le fianáin agus go sábhálann tú do rogha i seisiún brabhsála, féadfaidh YouTube fianáin agus sonraí stórála áitiúla a shocrú ar do bhrabhsálaí.

 

 

Chun féachaint ar fhíseáin ar revenue.ie, is gá duit athbreithniú a dhéanamh ar fhianáin YouTube agus glacadh leo. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach YouTube's embedding video information page.

Socraíonn YouTube na hamanna éaga ar na fianáin agus na sonraí stórála áitiúla atá liostaithe thíos, ach ní stórálfar iad ar do bhrabhsálaí mura nglacann tú leis an bhfianán tosaíochta tosaigh agus má shábhálann tú é. D’fhéadfadh sé go mbeadh aitheantas leanúnach ag cuid de na fianáin agus an tacar sonraí stórála áitiúla a shocraíonn YouTube a choinníonn súil ar d’iompar le himeacht ama.

Féach YouTube's embedding video information page

yt-remote-device-id,

yt-player-headers-readable,yt-player-bandaid-host, yt-remote-connected-devices, yt-player-bandwidth, yt-remote-session-app, yt-remote-cast-installed, yt-remote-session-name, yt-remote-fast-check-period

Google

Stórálann sé roghanna fís-seinnteora an úsáideora agus iad ag úsáid físeán YouTube leabaithe. Úsáideann sé seo Stóráil Áitiúil HTML.

 
NID Google Tá aitheantas uathúil san fhianán NID a úsáideann Google chun cuimhneamh ar do chuid sainroghanna.  
1P_JAR Google Bailíonn an fianán seo eolas faoin gcaoi a n-úsáideann an t-úsáideoir deiridh an suíomh idirlín agus aon fhógraíocht a d’fhéadfadh a bheith feicthe ag an úsáideoir deiridh chuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín sin  
DV Google Úsáidtear an fianán seo chun críche fógraíochta dírithe.  
CONSENT Google Úsáidtear an fianán seo chun críche toiliú úsáideora a ghabháil.  

Eolas faoi shocruithe fianán i leith na mbrabhsálaithe is coitianta

Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le fianáin a bhainistiú ar na brabhsálaithe is coitianta ag na naisc seo:

Tá an ráiteas ar fianán seo mar chuid de Ráiteas Príobháideachais iomlán na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Úsáid Qualtrics