Príobháideachas

Fógra i leith athruithe don ráiteas seo

Coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim an ceart an ráiteas seo a leasú ag aon dáta amach anseo agus déanfaidh aon athruithe suntasacha a phostáil anseo.

09 Márta 2023

  • Tá athbhreithniú déanta ar úsáid rannán na bhfianán agus tá sonraí brabhsálaí bainte nach bhfuil tacaíocht ann dóibh a thuilleadh. Scriosadh an rannán Google reCAPTCHA .

23 Feabhra 2021

  • Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar an rannán maidir le húsáid fianán. Rinneadh tagairtí d’fhianáin Google Analytics nach bhfuil in úsáid ar an suíomh idirlín a thuilleadh a scriosadh.

24 Deireadh Fómhair 2020

  • An rannán ar fhianáin athbhreithnithe agus tugtha suas chun dáta le go gcuirfí san áireamh cur síos ar na fianáin a úsáideadh, agus eolas faoin am éaga.

15 Meán Fómhair 2020

  • Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar an rannán maidir le húsáid fianáin chun go gcuirfí san áireamh tuairiscí ar na fianáin a úsáideadh, agus eolas maidir le héag na bhfianán.

29 Bealtaine 2020

  • An rannán ar Úsáid Google Analytics athainmnithe agus tugtha cothrom le dáta le léiriú go n-úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim Google reCAPTCHA anois mar chuid de na feidhmeanna logála isteach agus athshocraithe pasfhocail le haghaidh moChúrsaí.

7 Bealtaine 2020

  • Rinneadh nuashonrú ar an rannán ar ‘Sheoltaí Prótacail Idirlín (IP) a Bhailiú’ le léiriú nach gceanglaíonn na Coimisinéirí Ioncaim sonraí teicniúla a bhailítear i ndáil le do chuairteanna ar revenue.ie le do chuid sonraí cánach ach amháin i gcásanna de chalaois phoitéinsiúil nó imscrúduithe coiriúla eile.

17 Eanáir 2019

  • Rinneadh nuashonrú ar an rannán ‘Úsáid Fianán’ le go gcuirfí san áireamh cur síos ar na fianáin a úsáidtear agus eolas i leith na roghanna chun roghnú nó díroghnú.

25 Bealtaine 2018

  • Ráiteas Ginearálta tugtha cothrom le dáta chun na nuashonruithe don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a léiriú, arna fhorchur ag Rialachán 2016/679 de chuid na Comhairle (AE).
  • Úsáid Google Analytics tugtha cothrom le dáta chun an tagairt do sheoltaí IP a bhaint, ar an ábhar go bhfuil siad seo anois anaithnidithe.

3 Bealtaine 2017

  • An rannán ar Úsáid Fianán tugtha cothrom le dáta chun an t-athrú a léiriú sa chur chuige ó chur chuige roghnaithe go cur chuige díroghnaithe ó thaobh úsáid fianán ar an suíomh idirlín.

1 Bealtaine 2017

  • Rinneadh comhdhlúthú ar pholasaithe príobháideachais na gCoimisinéirí Ioncaim dár suíomh idirlín, lena n-áirítear Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ÍMAT Aon Tráth, an córas CMÁ agus moChúrsaí. Bhí mionathruithe don fhoclaíocht i gceist leis an gcomhdhlúthú seo agus bhí na hathruithe seo a leanas ann chomh maith:
    • ráiteas soiléir go n-úsáidfear chun críocha na gCoimisinéirí Ioncaim aon fhaisnéis chuirtear ar fáil go saorálach
    • leathnaíodh an úsáid as fianáin chuig na seirbhísí moChúrsaí agus an córas CMÁ
    • baineadh alt a bhaineann le bealach a chur ar fáil chun faisnéis phearsanta a cheartú, a thabhairt cothrom le dáta nó a bhaint ó thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim (ní fhéadtar aon sonraí pearsanta a bhaint ó thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim)
    • baineadh tagairt do chosc ar an doiciméad seo a chóipeáil, a atáirgeadh nó a mhacasamhail.

20 Feabhra 2017

  • Leathnaíodh an rannán ar ‘Úsáid Fianán’ chun go gcuirfí san áireamh sonraí ar an úsáid a bhaineann muid as Qualtrics le haghaidh suirbhéanna.

Dé Máirt 29 Meán Fómhair 2015 (Polasaí príobháideachais an tsuímh idirlín)

  • In áit an rannáin ar ‘Seoltaí Prótacail Idirlín (IP) a bhailiú’, cuireadh rannán níos leithne in áit ‘Eolas teicniúil a bhailiú agus a úsáid’ agus tá níos mó sonraí ann. 
  • Leathnaíodh an rannán ar ‘Úsáid Fianán’ chun tuilleadh sonraí a chur ann, lena n-áirítear na cineálacha fianán a úsáideann muid agus an chaoi le fianáin a dhíchumasú. Cuireadh alt leis chun sonraí a chur ar fáil faoin úsáid a bhaineann muid as Google Analytics. 
  • Cuireadh tagairt leis don tseirbhís ar líne moChúrsaí.

29 Meitheamh 2013 (polasaithe príobháideachais do ROS, ÍMAT Aon Tráth, don suíomh idirlín agus don chóras CMÁ)

  • Cuireadh an rannán ar ‘Sheoltaí Prótacail Idirlín (IP) a Bhailiú’ in eagar chun an ráiteas a bhaint nach bhfuil seoltaí IP ceangailte le faisnéis inaitheanta phearsanta. Tá sé seo ann chun bearta frith-chalaoise a éascú. 

10 Márta 2013 (Polasaí príobháideachais an tsuímh idirlín)

  • Cuireadh tagairt leis maidir leis an tseirbhís ar líne CMÁ.

27 Bealtaine 2011 (Polasaí príobháideachais an tsuímh idirlín)

  • Cuireadh an rannán ar ‘Úsáid Fianán’ in eagar chun go ndéanfaí soiléiriú ar an uair a úsáideann muid fianáin. 

11 Meán Fómhair 2009 (Polasaí príobháideachais an tsuímh idirlín)

  • Cuireadh abairt leis an rannán 'Úsáid Fianán'. 

26 Feabhra 2009 (Polasaí príobháideachais an tsuímh idirlín)

  • Baineadh roinnt ábhair i ndúblach.
  • Cuireadh an rannán ‘Naisc’ in eagar chun soiléiriú a thabhairt maidir le hinfheidhmeacht i leith www.revenue.ie amháin.
  • Bogadh an rannán ‘Fioscaireacht’ chuig leathanach ar leithligh maidir le slándáil.