Príobháideachas
Seoltaí Prótacail Idirlín (IP) a bhailiú
Nuair a úsáideann tú an t-idirlíon, sanntar seoladh IP duit. Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh idirlín, déanann muid sonraí teicniúla áirithe a thaifeadadh i ndáil le cuairteanna ar an suíomh idirlín seo. Baintear úsáid as na sonraí seo le haghaidh roinnt cuspóirí, lena n-áirítear an suíomh a riar, treochtaí a anailísiú agus staitisticí a bhailiú.
Tá na sonraí teicniúla a logáiltear teoranta do na míreanna seo a leanas:
- an seoladh IP a shannann do Sholáthraí Seirbhíse Idirlín duit
- an t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla, .ie, .com, .org, .net)
- sonraí conaire cliceála ina léirítear trácht na gcuairteoirí ar an suíomh idirlín seo (mar shampla leathanaigh a rinneadh a rochtain agus doiciméid a íoslódáladh)
- an cineál brabhsálaí a úsáideann an cuairteoir ar an suíomh idirlín
- leagan an chórais oibriúcháin a úsáideann an cuairteoir.
Ach amháin i gcásanna de chalaois phoitéinsiúil nó imscrúduithe coiriúla eile, ní cheanglaíonn na Coimisinéirí Ioncaim sonraí teicniúla a bhailítear i ndáil le do chuairteanna ar revenue.ie le do chuid sonraí cánach.
Ar aghaidh: Úsáid fianán