Príobháideachas

Clárúchán

Tá réimse seirbhísí ar líne á tairiscint ar ár suíomh idirlín, lena n-áirítear áiseanna chun:

  • tuairisceáin chánach a sheoladh
  • féachaint ar fhaisnéis reatha
  • íocaíochtaí a dhéanamh
  • cur isteach ar chreidmheasanna cánach
  • agus
  • athbhreithnithe deireadh bliana a iarraidh.

Chun ár seirbhísí ar líne a úsáid, ní mór duit ar dtús an próiseas clárúcháin a bhaineann leis an tseirbhís a chomhlánú. Tá próisis ar leithligh clárúcháin ann le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), moChúrsaí agus an Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ).  

Le linn an chlárúcháin, iarrann muid go gcuireann tú ar fáil sonraí áirithe chun ligean dúinn d’aitheantas a fhíorú. Féadfaidh sé go n-iarrfar ort eolas teagmhála a chur ar fáil (amhail seoladh ríomhphoist), rud a úsáidfidh muid chun críocha na gCoimisinéirí Ioncaim amháin. Féadfaidh muid do shonraí teagmhála a úsáid chun go mbeidh a fhios agat faoi na seirbhísí ar ár suíomh idirlín.

Ag brath ar an tseirbhís atá tú ag clárú di, gheobhaidh tú deimhniú digiteach ROS, UAP slán le haghaidh an chórais CMÁ, nó pasfhocal sealadach le haghaidh moChúrsaí. Nuair a fhaigheann tú é seo, beidh tú in ann teacht ar ár seirbhísí slán taobh istigh dár suíomh idirlín.

Féadfaidh sé go seolfaidh muid tuilleadh ríomhphost, ag tráth níos déanaí, le thú a chur ar an eolas faoi na hathruithe ar na seirbhísí nó ar chánacha agus dleachtanna cuí.

Ar aghaidh: Seoltaí Prótacail Idirlín (IP) a bhailiú