Ról na gCoimisinéirí Ioncaim

  1. Léargas ginearálta
  2. Croí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim
  3. Struchtúr na heagraíochta – ról na rannóg

Struchtúr na heagraíochta – ról na rannóg

Tá 16 Rannóg sna Coimisinéirí Ioncaim, agus i ngach ceann díobh tá Rúnaí Cúnta ina cheannasaí. Tuairiscíonn gach Rannóg do chomhalta sonrach den Bhord. Tá achoimre ar na Rannóga agus ar a bhfeidhmeanna thíos.

Rannóga Riaracháin

Rannóg an Ard-Bhailitheora

Freagrach as cánacha a bhailiú agus as cláir bainistithe fiachais a fheidhmiú, lena n-áirítear idirghabhálacha cuí chun an chomhlíontacht in am is fearr a bhaint amach. Tá an Rannóg seo freagrach chomh maith as gníomhartha forfheidhmiúcháin a ghlacadh ina n-aghaidh siúd a loiceann a bheith comhlíontach.

Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha

Freagrach as straitéisí bainistíochta acmhainní daonna na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear pleanáil don fhórsa saothair, earcaíocht, oiliúint agus forbairt inniúlachtaí, forbairt eagraíochtúil, bainistiú buiséid riaracháin, iniúchadh inmheánach, rialú, comhlíontacht faisnéise agus athchóiriú corparáideach.

An Rannóg Custam

Freagrach as beartas, reachtaíocht agus córais Custam a fhorbairt. Tá an Rannóg seo freagrach chomh maith as dul i bhfeidhm ar fhorbairt an bheartais AE ar gach ábhar a bhaineann le custaim, lena n-áirítear feidhmiú Chód Custam an Aontais AE agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na gCoimisinéirí Ioncaim agus na hÉireann ag roinnt fóram éagsúil idirnáisiúnta.

Rannóg na Teicneolaíochta Faisnéise , Cumarsáide agus Lóistíochta

Freagrach as seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide slán, iontaofa agus ardchaighdeáin a chur ar fáil, chomh maith le nuálaíocht, inoiriúnaitheacht agus dul chun cinn nua sa teicneolaíocht. Freagrach freisin as seirbhísí lóistíochtúla atá lárnach ó thaobh reáchtáil na gCoimisinéirí Ioncaim a bhainistiú agus a sheachadadh.

An Rannóg Imscrúduithe, Ionchúiseamh agus Bainistíochta Teorann

Freagrach as príomhfheidhm imscrúdaithe choiriúil na gCoimisinéirí Ioncaim a threorú, as sábháilteacht agus slándáil fhoriomlán an tslabhra soláthair a chinntiú agus as teorainneacha seachtracha an AE a bhainistiú agus as toirmisc agus srianta chuí a chur i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta. Tá an Rannóg freagrach freisin as feidhmeanna imscrúdaithe náisiúnta na gCoimisinéirí Ioncaim lena n-áirítear comhordú idirchaidrimh náisiúnta agus idirnáisiúnta agus oibríochtaí cuí a sheoladh atá dírithe ar chalaois trasteorann, smuigleáil drugaí agus earraí incháinithe a atreorú, bainistíocht na feidhme faisnéise agus maoirseacht an Ghrúpa Sócmhainní Eischósta agus cláir mhórscála eile a dhíríonn ar imghabháil cánach trasnáisiúnta.

Rannóg an Ard-Chuntasóra agus na Pleanála Straitéisí

Freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmiú polasaithe gnó agus as monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí náisiúnta comhlíontachta cánach. Tá an Rannóg freagrach freisin as tomhas agus tuairisciú feidhmíochta, staidreamh agus taighde eacnamaíoch. Freagrach chomh maith as bainistiú airgeadais agus faisnéise, feidhmeanna baincéireachta, cumarsáid agus feidhmeanna bainistíochta faisnéise.

Rannóg Dlíodóirí na gCoimisinéirí Ioncaim

Freagrach as seirbhísí cuimsitheacha tacaíochta dlí a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim lena n-áirítear maidir le dlíthíocht agus achomhairc a dhéanamh agus in ionchúiseamh cionta coiriúla.

Seirbhísí Reachtaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim

An Rannóg Beartas agus Reachtaíochta um Chánacha Gnó

Freagrach as feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus mínitheacha maidir le cáin gnóthachan caipitiúil, cáin chorparáide, dreasachtaí, seirbhísí airgeadais agus cánacha eile gnó.

An Rannóg Beartas agus Reachtaíochta um Chánacha Indíreacha

Freagrach as beartas cánach indíreach a fhorbairt ar leibhéal náisiúnta agus AE agus as a chinntiú go ndéantar CBL, Mál agus Cáin Cláraithe Feithiclí a riar go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Rannóg na gCánacha Idirnáisiúnta

Freagrach as rannpháirtíocht san AE agus san OECD i ndáil le cánachas díreach, lena n-áirítear idirbheartaíocht cás-sonrach a bhaineann le praghsáil aistrithe le húdaráis eile chánach ar nósanna imeachta um chomhaontuithe frithpháirteacha (MAP) agus ar réamh-chomhaontuithe praghsála (APA). Freagrach chomh maith as monatóireacht a dhéanamh ar líonra conarthaí cánach na hÉireann agus é a thabhairt cothrom le dáta.

An Rannóg Beartas agus Reachtaíochta um Chánacha Pearsanta

Freagrach as beartas maidir le cáin phearsanta agus cánacha caipitiúla a fhorbairt ar leibhéal náisiúnta agus AE agus as feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus mínitheacha a bhainistiú i gcomhair cánacha pearsanta agus caipitiúla (gan cáin gnóthachan caipitiúil san áireamh).

Rannóga Náisiúnta Oibriúcháin

An Rannóg Gnó

Freagrach as bainistiú agus forbairt na bhfeidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta le haghaidh eintiteas cláraithe le haghaidh CBL, CCI agus Custaim agus Mál. Freagrach chomh maith as eintitis ceadúnais máil le hioncam trádála nó gairmiúil, as stiúrthóirí dílseánaigh agus fochuideachtaí/máthairchuideachtaí ar chuideachtaí na Rannóige Gnó.

Cásanna Móra – Rannóg Daoine Aonair Ardioncaim

Freagrach as bainistiú agus forbairt na bhfeidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta le haghaidh na ndaoine is saibhre sa Stát, scéimeanna pinsin/árachais agus cistí scoir. Freagrach chomh maith as dul i gcoinne idirbhearta seachanta cánach leis an Riail Ghinearálta um Fhrith-Sheachaint.

Rannóg na gCorparáidí Móra

Freagrach as bainistiú agus forbairt na bhfeidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta i leith na gcustaiméirí gnó is mó sa Stát agus as earnálacha áirithe amhail baincéireacht, árachas, léasú aerárthach, cuideachtaí ‘Alt 110’ agus cistí infheistíochta. Tá sé freagrach chomh maith as dúshlán a thabhairt faoi idirbhearta corparáideacha seachanta cánach, lena n-áirítear mí-úsáid a bhaint as praghsáil aistrithe.

Rannóg na bhFiontar Meánmhéide

Freagrach as bainistiú agus forbairt na bhfeidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta le haghaidh fiontair mheánmhéide agus stiúrthóirí dílseánaigh agus fochuideachtaí/máthairchuideachtaí ar chuideachtaí Rannóg na bhFiontar Meánmhéide.

An Rannóg Cánacha Pearsanta

Freagrach as bainistiú agus forbairt na bhfeidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta le haghaidh daoine aonair a bhfuil ioncam ÍMAT acu amháin agus eintitis nach bhfuil ioncam trádála ná gairmiúil acu, amhail iontaobhais, carthanais agus comhlachtaí spóirt. Freagrach chomh maith as comhordú seirbhísí Gaeilge.