Músaem na gCoimisinéirí Ioncaim

  1. Léargas ginearálta
  2. Taispeántais

Taispeántais

Tá dhá mhórthaispeántas á óstáil ag Músaem na gCoimisinéirí Ioncaim faoi láthair.

Ceangail - Na Coimisinéirí Ioncaim agus 1916

Pléitear in “Ceangail - Na Coimisinéirí Ioncaim agus 1916” na comhcheangail idir na Coimisinéirí Ioncaim agus Éirí Amach na Cásca trí bheirt fhear as an ngnách: Bulmer Hobson agus Mortimer O'Connell.

D’oibrigh Bulmer Hobson d’Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim mar Leas-Stiúrthóir Stampála ó 1924 go 1948.  

Idir 1900 agus 1916, áfach, bhí Bulmer Hobson ar dhuine de na ceannairí náisiúnacha ba mhó tionchar sa tír. Bunaitheoir Na Fianna agus Óglaigh na hÉireann a bhí ann. Ba bhall sinsearach de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann é, agus smuigléir gunnaí a bhí ann freisin.

Níor ghlac Bulmer páirt ar bith i dteacht chun cinn Shaorstát Éireann a bhí beartaithe aige a chur i bhfeidhm roimhe sin.

Le blianta beaga anuas, tá staraithe tar éis tús a chur le hainm Bulmer Hobson a tharrtháil ón anaithne. Tá aitheantas tugtha dá ról lárnach sa bhunsraith a ullmhú le haghaidh neamhspleáchais d’Éirinn, ar mhórán bealaí is é an réabhlóidí a ndearnadh dearmad air.

Ar Aoine an Chéasta 1916, d’fhuadaigh baill d’Óglaigh na hÉireann Bulmer Hobson. Rinneadh é seo chun cosc a chur air an t-éirí amach a bhí beartaithe a stopadh nó cur isteach air. Ba é Mortimer O'Connell duine de na fir a bhí á chosaint. Ag an am, bhí sé ina oifigeach Custam agus Máil.

I ndiaidh dó Hobson a chosaint, throid O'Connell in éineacht lena chomhghleacaithe sna hÓglaigh i gceantair éagsúla timpeall ar Bhaile Átha Cliath. Gabhadh é ina dhiaidh sin agus cuireadh i ngéibheann é i bhFrongoch na Breataine Bige. Sa blianta ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé i nDáil Éireann agus rinneadh Cléireach na Dála de in 1948.

Stampaí Fioscacha na hÉireann ó 1922 go dtí an lá inniu – stair fhísiúil

Tugtar léargas uathúil sa taispeántas seo ar stampaí fioscacha. Stampaí greamaitheacha agus cabhartha a bhí in úsáid le haghaidh gach sórt ruda, seachas litreacha agus beartáin a chur sa phost.

Bhí dlúthbhaint ag na Coimisinéirí Ioncam le táirgeadh agus úsáid stampaí fioscacha ó bunaíodh an oifig in 1923. Déantar ceiliúradh sa taispeántas seo ar an dlúthbhaint fhada sin agus tugtar le chéile den chéad uair sraith iontach de stampaí, obair ealaíne agus ábhair ghaolmhara.

Saorchead isteach chuig na taispeántais seo.