Nósanna imeachta maidir le déileáil le Gearáin faoi Alt 38 den Acht um Míchumas, 2005
Is féidir le duine gearán a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim má cheapann sé nó sí gur mhainnigh an eagraíocht forálacha Ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh. Baineann na hAilt sin den Acht le rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar na nithe seo a leanas:
- foirgnimh phoiblí na gCoimisinéirí Ioncaim;
- scéimeanna agus seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim;
- seirbhísí agus earraí arna gceannach ag na Coimisinéirí Ioncaim; nó
- faisnéis.
Má theastaíonn cúnamh ó dhuine le gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí inrochtana, is féidir leis nó léi dul i dteagmháil lenár nOifigigh Rochtana a thabharfaidh cúnamh dóibh, a mhéid is féidir, agus iad ag déanamh a ngearáin. De réir Alt 39 (2) den Acht um Míchumas, 2005, is iad seo a leanas na nósanna imeachta maidir le gearáin dá leithéid a dhéanamh agus a imscrúdú.
Oifigigh Fiosrúcháin faoin Acht um Míchumas 2005
Tá Oifigigh Fiosrúcháin ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim chun gearáin arna ndéanamh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas a imscrúdú.
Déanfaidh na hOifigigh Fiosrúcháin imscrúdú neamhspleách go príobháideach agus soláthróidh siad tuarascáil ina ndéarfar:
- an bhfuil do ghearán bailí
- cibé ar mhainnigh na Coimisinéirí Ioncaim cloí le forálacha ábhartha an Achta um Míchumas nó nár mhainnigh, agus
- sa chás inar tharla mainneachtain, leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna atá le glacadh chun a chinntiú go gcomhlíonfar forálacha an Achta as seo amach.
Gearán a dhéanamh
1. Is féidir le duine é nó í féin gearán a dhéanamh, nó is féidir leis nó léi gearán a dhéanamh trí na daoine seo a leanas dá c(h)uid:
- céile/páirtí, tuismitheoir nó gaol;
- caomhnóir nó duine atá ag gníomhú in loco parentis don duine sin;
- ionadaí dlíthiúil;
- abhcóide pearsanta, arna shannadh ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun labhairt thar ceann an duine sin; nó
- duine eile a phléadálann ar son an duine sin lena thoiliú nó lena toiliú.
2. Ní mór gearán a dhéanamh i scríbhinn, lena n-áirítear facs nó ríomhphost, agus ba cheart sonraí teagmhála uile an duine atá ag déanamh an ghearáin a thabhairt ann.
3. Ba chóir go luafaí sa ghearán go bhfuil gearán á dhéanamh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005 agus ba chóir, a mhéid is féidir, go leagfaí amach ann, chomh soiléir agus is féidir, na forais le haghaidh an ghearáin maidir le mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim rochtain a chur ar fáil faoi Ailt 25 go 28 den Acht.
4. Ní mór an gearán a sheoladh chuig:
An Bainisteoir Seirbhísí do Chustaiméirí,
An Rannán Pleanála,
An Chéad Urlár,
Cearnóg an Easpaig,
Cnoc Réamainn,
Baile Átha Cliath 2.
Facs: (01) 4244399
Ríomhphost: complaints@revenue.ie
Imscrúdú gearáin
5. Nuair a fhaightear gearán, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig Oifigeach Fiosrúcháin lena imscrúdú. Admhóidh an Oifig Fiosrúchán go bhfuarthas an gearán a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis go bhfuarthas é.
6. Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin an gearán a scrúdú, le féachaint an mbaineann sé le faillí líomhnaithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim Ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh. Má tá an gearán neamhbhailí, .i. mura mbaineann sé le hábhair atá folaithe in Ailt 25 go 28 den Acht, déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin an méid sin a chur in iúl don ghearánaí agus tabharfaidh sé nó sí cúiseanna ag tacú leis an gcinneadh sin, agus, más féidir, cuirfidh sé nó sí comhairle ar an ngearánaí maidir le deiseanna eile sásaimh..
7. Sa chás ina measann an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach, cuirfidh sé nó sí an cinneadh sin in iúl don Bhainisteoir Seirbhísí do Chustaiméirí agus don ghearánaí i scríbhinn, agus tabharfaidh sé nó sí an deis don ghearánaí uiríll a dhéanamh ar an ábhar. Ina mhalairt de chás, déanfaidh sé nó sí an gearán a imscrúdú.
8. Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúchán tuilleadh faisnéise/sonraí a iarraidh ar an duine a rinne an gearán agus féadfaidh sé nó sí a éileamh go gcuirfear faisnéis/sonraí den sórt sin ar fáil laistigh de dhá sheachtain ó iarradh í nó iad.
9. Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúchán dul i gcomhairle le gach páirtí is cuí leis maidir leis an ábhar agus faisnéis/tuarascálacha/comhaid a iarraidh, mar aon le haon sonraí eile ó oifigigh ábhartha. Ní mór aon fhaisnéis a iarrfar a chur ar fáil laistigh de dhá sheachtain ó iarradh í.
10. I gcúrsa an imscrúdaithe, féadfaidh an tOifigeach Fiosrúchán agallamh a dhéanamh le haon duine a mheasann sé nó sí a bheith cuí, lena n-áirítear an duine a rinne an gearán, chun faisnéis a fháil.
11. Coinneoidh an tOifigeach Fiosrúchán taifead scríofa dá (h)imscrúdú.
12. Ullmhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuarascáil scríofa maidir le torthaí an imscrúdaithe, ina leagfar amach na torthaí mar aon le cinneadh i ndáil le:
- cibé ar mhainnigh na Coimisinéirí Ioncaim an fhoráil iomchuí den Acht um Míchumas a chomhlíonadh nó nár mhainnigh; agus
- i gcás inar tharla mainneachtain den sórt sin, na bearta atá le déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim lena chinntiú go gcomhlíonfar an fhoráil ábhartha nó na forálacha ábhartha den Acht as seo amach.
13. Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin cóip den tuarascáil don duine a rinne an gearán agus don Chathaoirleach.
14. Críochnóidh an tOifigeach Fiosrúcháin an tuarascáil laistigh de 20 lá oibre ón uair a gheofar gach faisnéis is gá, lena n-áirítear faisnéis bhreise a iarrtar ar an ngearánaí. I gcás nach bhfuil tuarascáil iomlán ar fáil laistigh de 20 lá, seolfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin freagra eatramhach agus tabharfaidh sé nó sí le fios cén uair a bheidh an tuarascáil ar fáil.
15. Beidh deireadh le himscrúdú an ghearáin nuair a dhéanfar an tuarascáil a sholáthar don duine a rinne an gearán agus don Chathaoirleach.
16. Cuirfear in iúl don ghearánaí go bhfuil sé de cheart aige nó aici achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman.
