Músaem na gCoimisinéirí Ioncaim

  1. Léargas ginearálta
  2. Taispeántais

Léargas ginearálta

Soláthraíonn Músaem na gCoimisinéirí Ioncaim léargas uathúil ar ghníomhaíochtaí iomadúla agus éagsúla na gCoimisinéirí Ioncaim, idir rialuithe custam agus cánacha a bhailiú thar na céadta seo caite. Cuirfidh ár dtaispeántais dhathúla agus léirsteanacha iontas ort agus tabharfaidh siad an-eolas duit.

Chomh maith le taispeántais nua agus sean, tá taispeántais chlosamhairc ag an Músaem agus cluichí físe foghlama. Féach an féidir leat contrabhanna atá i bhfolach a aimsiú nó tomhais a dhéanamh ar na codanna tí a bhí faoi réir cánach sna seanlaethanta.

I measc an mhóráin taispeántas, tá:

  • an chéad sraith de Thuairisceáin Státchiste le haghaidh Shaorstát Éireann
  • stil phoitín
  • gléas Dleachta Stampála
  • samplaí d’earraí bréige agus speicis i mbaol a urghabhadh ag calafoirt agus ag aerfoirt
  • raon leathan d’ionstraimí áille tomhais.

Tá siad seo go léir san uaigh atmaisféarach sa Séipéal Ríoga.

Agus tú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, féadfaidh tú turas a thabhairt ar Leabharlann Chester Beatty, na hÁrasáin Stáit agus an uaimh ársa.

De ghnáth, bíonn an Músaem ar oscailt ó Luan go hAoine 10.00 go 16.00, seachas ar laethanta saoire bainc. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, cuir ríomhphost chuig museum@revenue.ie.  

Ar aghaidh: Taispeántais