Cairt Sheirbhísí Custaiméara na gCoimisinéirí Ioncaim

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim na cánacha agus dleachtanna lena maoinítear soláthar seirbhísí poiblí ar mhaithe le gach saoránach.

Cosnaímid an pobal trínár Seirbhís Chustam atá freagrach as rialú teorann.

Chun gur féidir linn na dlíthe cánacha agus custam a riaradh go héifeachtach cothrom is gá go n-aithneoidh na Coimisinéirí agus Saoránaigh cearta agus freagrachtaí bunúsacha áirithe.

Chuige sin leagtar amach sa Chairt Chustaiméara seo céard leis a bhfuil gach taobh ag súil.

Seasmhacht, Cothromas agus Rúndacht

  • Déanfaimid riaradh cothrom, réasúnach agus seasmhach faoin dlí gan níos mó cánach nó dleachta a bhailiú ná an méid ceart atá dlite.
  • Déileálfaimid faoi rún leis an eolas a thugann tú dúinn agus cinnteoimid nach ndéanfar é a úsáid ná a fhaisméisiú ach amháin mar a leagann an dlí síós.

Cuirtéis agus Tuiscint

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis

  • go gcaithfear leat le cuirtéis agus tuiscint ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus tú ag plé linn.

Beimidne ag súil leis

  • go gcaithfidh tú le hoifigigh dár gcuid le cuirtéis agus go dtabharfaidh tú gach comhoibriú réasúnach dóibh.

Eolas agus Cúnamh

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis

  • go dtabharfar an t-eolas is gá duit maraon le gach cúnamh réasúnach lena chur ar do chumas d'oibleagáidí cánach agus custam a thuiscint go soiléir agus a chomhlíonadh agus do chearta agus do chreidmheasanna a éileamh.

Beimidne ag súil leis

  • go soláthróidh tú eolas fíor cruinn i ngach cumarsáid agat linn agus go gcuirfidh tú ar an eolas sinn go tráthúil faoi aon athrú (m.sh. athrú ar sheoladh, bhunú nó scor gnó) a bhaineann le do chúrsaí cánach agus custam.

Glacadh le hIonracas

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis

  • go gcaithfear leat mar dhuine ionraic sna déileálacha agat linn, mura bhfuil cúis shoiléir a mhalairt a chreidiúint agus faoi réir na freagrachta atá orainn comhlíonadh na ndlíthe cánach agus custam a chinntiú.

Beimidne ag súil leis

  • go ndéileálfaidh tú ar bhealach ionraic trí na cearta agus creidmheasanna cánach, agus iadsan amháin, atá ag dul duit, a éileamh.

Costais Chomhlíonaidh

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis

  • go riarfar na córais chánach agus dhleachta ar bhealach a laghdóidh oiread agus is féidir costais chomhlíonaidh.

Beimid ag súil leis

  • go gcoimeádfaidh tú taifid agus cuntais chearta agus go gcinnteoidh tú go bhfuil do Thuairisceáin agus Dearbhuithe comhlánaithe go cruinn agus go tráthúil.

Gearáin, Athbhreithniú agus Achomharc

Tá nósanna imeachta cuimsitheacha ann maidir le gearáin agus achomhairc ar féidir lenár gcustaiméirí ar fad leas a bhaint astu. Molaimid duit leas a bhaint astu má tá tú míshásta ar chúis ar bith leis an tseirbhís a fhaigheann tú uainn.

Féadfaidh tú bheith ag súil leis

  • Má dhéanann tú gearán, go ndéileálfaimid leis go pras, neamhchlaonta agus faoi rún.
  • Nach dtiocfaidh ár nósanna imeachta féin salach riamh ar do chearta chun ceisteanna a ardú leis an Ombudsman nó achomharc foirmiúil a chur, laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, chuig Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne measúnachta a rinne na CoimisinéirÍ Ioncaim nó i gcoinne cinntí áirithe a rinne oifigigh dár gcuid.

Tá sonraí iomlána, ar a n-áirítear pointí teagmhála, ar fáil i mBileog CS4 agus in aon oifig chánach phoiblí, ónár n-uimhir Lóghlao Foirmeacha agus Bileoga 1890 30 67 06.

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil