Conas Gearán a Dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim
CS4 Seirbhís Custaiméara Ioncaim
Nósanna Imeachta d’ár gcustaiméirí a bhaineann le:
Tá bealaí eagsúla ar fáil duit chun:
- Gearán Seirbhíse Custaiméara a dhéanamh linn faoi chaighdeán na seirbhíse a fuair tú sna déileálacha pearsanta éagsúla a bhí agat linn, cibé acu ar an teileafón, trí litir, faics, ríomhphost nó mar chuairteoir ar cheann d’ár nOifigí Poiblí.
- Athbhreithniú Inmheánach a iarraidh ar ghné ar bith den bhealach a déileáladh le do ghnóthaí cánach agus dleachta.
- Achomharc a dhéanamh faoi fhorálacha reachtúla (Na Coimisinéirí Achomhairc, Oifig an Ombudsman nó an Binse Comhionannais)
1. Gearáin Seirbhíse Custaiméirí
De ghnáth is é an bealach is fearr agus is gasta chun gearán seirbhíse custaiméara a thabhairt chun réitigh ná dul i dteagmháil leis an Oifig Ioncaim atá ag déileáil le do ghnóthaí cánach. Déanfaidh ballfoirne dár gcuid gach iarracht do ghearán a réiteach. Murar féidir é a réiteach áfach nó mura bhfuil an toradh chun do shástachta, féadfaidh tú ansin a iarraidh go ndéanfaidh an Bainisteoir áitiúil athbhreithniú ar an scéal.
Má bhíonn tú míshásta fós, téigh i dteagmháil le do thoil leis an mBainisteoir Seirbhíse Custaiméara sa Réigiún / Rannán ábhartha. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Bainisteoirí Seirbhísí Custaiméara
An Réigiún Teorann, Lár Tíre agus Iarthair:
Seoladh
Geata na Cathrach,
Faiche an Aonaigh,
Gaillimh.
Teileafón: (091) 57 63 50
Ríomhphost: bmwregion@revenue.ie
Faics: (091) 57 63 98
Réigiún Bhaile Átha Cliath
Teileafón: (01) 633 08 83
Ríomhphost: jacintah@revenue.ie
Faics: (01) 633 08 86
Seoladh:
Urlár 2,
Teach Apollo,
Sráid na Teamhrach,
Baile Átha Cliath 2.
Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt
Teileafón: (051) 86 27 00
Ríomhphost: eseregionaloffice@revenue.ie
Faics: (051) 86 22 81
Seoladh:
Urlár 3,
Oifigí an Rialtais,
An Gleann,
Port Láirge.
Réigiún an Iardheiscirt
Teileafón : (021) 602 70 16
Ríomhphost: swregoffice@revenue.ie
Faics: (021) 602 71 02
Seoladh:
Teach Ioncaim,
Bóthar na Deastógála,
Linn Dubh,
Corcaigh.
Rannán na gCásanna Móra
Seoladh:
Ionad Setanta,
Sr. Nassau,,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 647 07 10
Ríomhphost: largecasesdiv@revenue.ie
Faics: (01) 671 66 68
Oifig an Árd-Bhailitheóra
Seoladh:
Teach an tSáirséalaigh,
Sr. Phrionsias,
Luimneach.
Teileafón: (061) 48 82 02
Ríomhphost: cg@revenue.ie
Faics: (061) 41 02 67
ROS - Seirbhís Ar-Líne na gCoimisinéirí Ioncaim
Seoladh:
Na gCoimisinéirí Ioncaim,
Ofigeach Rochtana,
Urlár 1, Cearnóg An Easpaig,
Cnoc Réamainn,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 424 42 25
Ríomhphost: rosmanager@revenue.ie
Faics: (01) 424 43 99
Mar mhalairt, féadfaidh tú an cheist a ardú leis an Aonad Beartais Seirbhíse Custaiméara Ioncaim ach dul i dteagmháil le:
Na Coimisinéirí Ioncaim,
Aonad Beartais Seirbhíse Custaiméara,
Urlár 1, Cearnóg An Easpaig,
Cnoc Réamainn,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 424 42 29 nó (01) 424 42 36
Faics: (01) 424 43 96
Ríomhphoist: complaints@revenue.ie
Más duine tú atá faoi mhíchumas agus nach féidir leat na bealaí teagmhála a thaispeántar thuas a úsáid, is féidir teacht ar an Oifigeach Rochtana Ioncaim ag :
Na gCoimisinéirí Ioncaim,
Ofigeach Rochtana,
Urlár 1, Cearnóg An Easpaig
Cnoc Réamainn,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 424 42 35
Faics: (01) 424 43 96
Ríomhphoist: accessofficer@revenue.ie
2. Athbhreithniú Inmheánach
Má bhíonn tú míshásta am ar bith faoin mbealach a láimhsíomar gné ar bith de do ghnóthaí cánach nó dleachta, tá rogha agat a iarraidh go ndéanfaidh ceachtar acu seo athbhreithniú inmheánach:
- oifigeach sinsearach Ioncaim nár ghlac páirt sa chinneadh bunaidh, nó
- Athbhreithneoir Seachtrach agus an t-oifigeach Ioncaim atá luaite thuas, ag obair le chéile.
Is féidir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a chur chuig:
Na Coimisinéirí Ioncaim,
An tAonad Um Athbhreithniú Inmheánach,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 674 88 82
Ríomhphost: ghughes@revenue.ie
Faics: (01) 679 38 14
3. Nósanna Imeachta reachtúla
Na Coimisinéirí Achomhairc
Faoi dhlíthe na hÉireann, tá córas achomhairc neamhspleách ann chun do ghnóthaí cánach agus dleachta a athbhreithniú. Chun achomharc a dhéanamh tabhair fógra i scríbhinn don Oifigeach Ioncaim ábhartha a dhéanfaidh socrú faoina dtabharfaidh na Coimisinéirí Achomhairc éisteacht don achomharc uait. Tá na Coimisinéirí Achomhairc, a cheaptar ag an Aire Airgeadais, neamhspleách ar fad ar na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc suite ag:
Urlár 8,
Teach Fitzwilton,
Plás Wilton,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 662 45 30
Ríomhphost: egeraghy@revenue.ie nó squigley@revenue.ie
Faics: (01) 661 18 92
(Gheobhaidh tú eolas inár mbileoga C&E 5 - Nós imeachta achomhairc i dtaca le Gnóthaí Custaim nó C&E 6 - Nós imeachta achomhairc i dtaca le Gnóthaí Máil mar gheall ar na nósanna imeachta achomhairc do chúrsaí Custaim nó Máil)
Ombudsman
Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman mura mbíonn tú sásta leis an mbealach a láimhsíomar gné ar bith de do ghnóthaí cánach. Déanann foireann an Ombudsman scrúdú ar ghearáin faoi ghníomhaíochtaí riaracháin Ranna agus Oifigí Rialtais, chomh maith leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Oifig an Ombudsman,
18 Sr. Líosain Íocht,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 639 56 00 (Glao Áitiúil: 1890 22 30 30)
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Faics: (01) 639 56 74
An Binse Comhionannais
Is é an Binse Comhionannais an comhlacht neamhchlaon a bhíonn ag déileáil le gearáin faoi idirdhealú má b’fhíor, faoi reachtaíocht comhionannais . Eisreachtaítear faoin Acht um Stádas Comhionannais 2000 idirdhealú i dtaca le soláthar seirbhísí don phobal. Eisreachtaítear, faoin Acht um Stádas Comhionannais 2000, idirdhealú ar cheann ar bith de na forais seo a leanas:
Is iad na forais ná : Inscne, Stádas Pósta, Stádas Teaghlaigh, Claonadh Gnéasach, Creideamh Reiligiúin, Aois, Míchumas, Cine, Dath, Náisiúntacht, bunadh Eitneach nó Náisiúnach, agus Ballraíocht den Phobal Taistil. Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a láimhsigh na Coimisinéirí Ioncaim do ghnóthaí ar cheann ar bith de na forais seo, is cóir duit dul i dteagmháil leis an mBinse Comhionannais. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
An Binse Comhionannais,
3 Sráid Chluain Meala,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: (01) 477 41 00
(Glao Áitiúil: 1890 34 44 24 )
Ríomhphost: info@equalitytribunal.ie
Faics: (01) 477 41 41
Deireadh Fómhair 2010
