Caighdeáin Seirbhíse

Is iad seo na Caighdeáin Seirbhíse do Chustaiméirí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim. Insíonn siad duit faoin gcaighdeán seachadta seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn.

Teastaíonn uainn é a dhéanamh éasca duit do ghnó a dhéanamh linn. Tá fúinn an tseirbhís atá uait a sholáthar go tapaidh gan aon stró. Chun cabhrú linn cabhrú leat, iarraimid ort d'uimhir thagartha cánach agus sonraí riachtanacha a bheith réidh agat nuair a dhéanann tú teagmháil linn.

Tá fúinn seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar. Chun caighdeán ár seirbhíse teileafóin a thástáil, déanaimid glaonna a thaifead. Tástálaimid cé chomh héasca is atá sé ár seirbhísí leictreonacha a úsáid d'fhonn a chinntiú go bhfuil siad chomh simplí agus is féidir. Déantar bainistiú cúramach ar litreacha ó chustaiméirí d'fhonn freagraí a thabhairt go tapaidh. Úsáidimid suirbhéanna ar chustaiméirí, painéil de chustaiméirí agus grúpaí fócais chun taithí an phobail ar dhéileáil linn a chloisteáil go díreach.

Déanfaimid an fhaisnéis a thugann tú dúinn a chosaint go cúramach. Caitear le sonraí cáiníocóirí mar eolas rúnda. Tá córas slán ríomhphoist againn le haghaidh cáiníocóirí gnó agus comhairleoirí gnó. Ciallaíonn sé seo gur féidir linn teachtaireachtaí ríomhphoist a bhfuil eolas íogair gnó iontu a sheoladh agus a ghlacadh go slán sábháilte.

Is féidir go n-athródh soláthar ár seirbhíse idir tréimhsí móréilimh agus beagéilimh. De bharr an chineáil gnó atá idir lámha againn d'fhéadfadh éileamh an-ard a bheith ar sheirbhísí ó mhí na Nollag go mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Táimid an-bhuíoch de bhur bhfoighne agus de bhur dtuiscint le linn na mbuaicthréimhsí seo. Chun an mhoill a ghabhann leis na buaicthréimhsí a sheachaint is féidir leat ár seirbhísí ar líne a úsáid, ÍMAT aon tráth aon lá agus ROS (Seirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim).

Príomhghealltanais

Eolas Ginearálta

  • Déanfaimid chomh héasca agus is féidir é eolas ginearálta a fháil maidir le nithe a bhaineann leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Beidh eolas cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí maidir le gach Cáin agus Dleacht do chustaiméirí gnó, do chomhairleoirí cánach agus do cháiníocóirí aonair.
  • Soláthraíonn an suíomh gréasáin eolas teagmhála iomchuí lena n-áirítear aimsitheoir teagmhálachaar féidir leat é a úsáid chun teacht ar d'oifig áitiúil chánach.
  • Soláthraíonn ár n-oifigí poiblí seirbhís eolais do ghlaoiteoirí. Tá réimse leathan bileoga eolais ar fáil freisin i ngach oifig phoiblí.
  • Tá eolas ginearálta ar Sheirbhís Teilithéacs Aertel ar RTE 1 (lch 591) maidir leis na Coimisinéirí, lena n-áirítear eolas ar chreidmheasanna cánach.
  • Leanfaimid ag simpliú ár gcuid bileog agus foirmeacha. Tá sé mar aidhm againn gnáthchaint a úsáid ar féidir í a thuiscint go furasta.

Seirbhísí Ar Líne/Suíomh Gréasáin

  • Is féidir leat cuid mhaith de do ghnó a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar líne anois. Ar na seirbhísí ar líne atá againn tá ÍMAT aon tráth aon lá do cháiníocóirí agus ROS do cháiníocóirí gnó. Tá na seirbhísí seo saor in aisce, tapaidh agus éasca le húsáid.
  • Próiseálfaimid tuairisceáin, dearbhaithe agus iarratais a chomhadaítear trí ROS laistigh de 5 lá oibre.
  • Déileálfaimid laistigh de 5 lá oibre le héilimh ar chreidmheasanna cánach nó ar aisíocaíochtaí cánach nó ar fhritháirimh, a dhéantar trí ROS (ach amháin nuair a roghnaítear an t-éileamh le haghaidh gnáthsheiceála).
  • Déileálfar láithreach le dearbhaithe iompórtála/easpórtála a thaisctear tríd an gcóras Próiseála um Iontráil Uathoibrithe (AEP).
  • Déileálfar láithreach le dearbhaithe iompórtála/easpórtála a thaisctear tríd an gcóras Próiseála um Iontráil Uathoibrithe (AEP).

Tuairisceáin agus comhfhreagras scríofa

Tuairisceáin, Dearbhaithe, Iarratais agus Aisíocaíochtaí/Fritháirimh nach ndéantar trí ROS

Is de réir na gcaighdeán seo a leanas a phróiseálfaimid gach tuairisceán, dearbhú, iarratas agus éileamh ar aisíocaíocht nó ar fhritháireamh:

  • 80% laistigh de 10 lá oibre
  • 100% laistigh de 20 lá oibre

Comhfhreagras

Tabharfaimid freagra ar litreacha go soiléir agus go cruinn laistigh de na hamanna seo a leanas:

  • 50% laistigh de 10 lá oibre
  • 85% laistigh de 20 lá oibre
  • 100% laistigh de 30 lá oibre

Nuair nach féidir freagra iomlán a sheoladh laistigh de 30 lá scríobhfaimid chuig cáiníocóirí agus míneoimid cén fáth, agus déarfaimid cén uair ba cheart a bheith ag súil le freagra iomlán.

Seirbhís Theileafóin

Freagróimid 90% de ghlaonna ar ár seirbhís 1890 ar an gcéad uair a ghlaoitear, agus má roghnaíonn tú labhairt le hoibritheoir is féidir a bheith ag súil go bhfreagrófar tú laistigh de na frámaí ama seo:

  • 50% de ghlaonna laistigh de 30 soicind
  • 85% de ghlaonna laistigh de 3 nóiméad
  • Freagrófar gach glaoch laistigh de 5 nóiméad*

Tabharfaidh ár bhfoireann a n-ainmneacha, beidh siad dea-bhéasach agus cairdiúil agus tabharfaidh siad an t-eolas atá de dhíth ort. Cinnteoimid rúndacht agus sinn ag déileáil le bhur nglaonna. Déantar glaonna a thaifead ar mhaithe le dearbhú cáilíochta.

*Le linn tréimhsí ardéilimh is féidir go dtógfadh sé achar níos faide glaonna a fhreagairt. Is í an tréimhse ó mhí na Nollag go lár mhí an Mhárta an bhuaicthréimhse do chustaiméirí ÍMAT. Is í an tréimhse ó dheireadh mhí Eanáir go deireadh mhí Feabhra agus ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go lár mhí na Samhna an bhuaicthréimhse do chustaiméirí gnó/corparáideacha.

Cuairteanna ar Oifigí Poiblí

Má roghnaíonn tú cuairt a thabhairt ar cheann dár n-oifigí geallaimid seirbhís atá cairdiúil agus cuiditheach.

Inár n-oifigí poiblí is féidir leat a bheith ag súil go labhróidh tú le ball foirne taobh istigh de 10 nóiméad ar an meán.

Clárú

  • Cláróimid 100% de chásanna laistigh de 5 lá oibre (10 lá oibre do Cháin Bhreisluacha).
  • Custaiméirí ÍMAT atá ag clárú do ÍMAT aon tráth aon lá, eiseofar pasfhocail dóibh laistigh de 5 lá oibre sa ghnáthphost.
  • Custaiméirí gnó atá ag clárú d'ár Seirbhís Ar-líne (ROS), tá próiseas clárúcháin trí-chéim i gceist agus de ghnáth eiseofar pasfhocail laistigh de 8 lá oibre sa ghnáthphost.
  • Custaiméirí gnó atá ag clárú do ríomhphost slán, de ghnáth eiseofar pasfhocail laistigh de 3 lá oibre sa ghnáthphost.

Comhairle do ghnólachtaí agus do chomhairleoirí cánach: Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim (RTS)

Soláthróidh Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim, atá bunaithe ar bhonn réigiúnda, comhairle maidir le ceisteanna teicniúla. Freagróimid ceisteanna casta teicniúla laistigh de 20 lá oibre; nuair nach féidir freagra iomlán a thabhairt laistigh de 20 lá seolfaimid freagra sealadach agus cuirfimid in iúl cathain is féidir leat a bheith ag súil le freagra mionsonraithe. Tá tacaíocht ó chóras slán ríomhphoist ag RTS.

pdfNa treoirlínte Soláthróidh Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 449KB)

áit ar féidir leat clárú do ríomhphost slán

Imréiteach Cánach

Déanfaimid athnuachan go huathoibríoch ar dheimhniú atá ann cheana, do thréimhse nach mó ná 4 bliana, ar an gcoinníoll go bhfuil do ghnóthaí cánach tugtha suas chun dáta. Eiseoimid deimhnithe nua laistigh de 5 lá a fhad is go sásaítear na coinníollacha riachtanacha.

Inrochtaineacht

  • Cinnteoimid go mbeidh rochtain ar ár n-oifigí ag daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus cinnteoimid go soláthrófar seirbhís ardchaighdeáin. Is féidir ár ráitis maidir le hinrochtaineacht agus sonraí teagmhála d'Oifigigh Rochtana na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí.
  • Cinnteoimid go mbeidh ár suíomh gréasáin agus ár seirbhísí ar líne inrochtana.

Teangacha

Gaeilge

  • Cuirfear seirbhís ar fáil do chustaiméirí ar mhian leo a ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá foilseacháin, treoirleabhair agus foirmeacha ar ár suíomh gréasáin. Tá na sonraí faoin réimse seirbhíse leagtha amach inár Scéim Teanga, atá ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Teangacha eile

  • Tá eolas ar fáil i dteangacha áirithe eile ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim agus in Oifigí Poiblí chun cabhrú lenár gcustaiméirí gnó a dhéanamh linn.

Gearáin agus Athchomhairc

  • Má tá tú míshásta le haon ghné dár Seirbhís do Chustaiméirí déileálfaimid le do ghearán go neamhchlaonta, laistigh de 20 lá oibre.
  • Má tá botún déanta againn gabhfaimid leithscéal agus cuirfimid ina cheart é chomh tapaidh agus is féidir.
  • Aon duine atá míshásta leis an gcaoi ar dhéileálamar lena ngnóthaí cánach, is féidir leo athbhreithniú a lorg. Déanann oifigeach sinsearach neamhspleách de chuid na gCoimisinéirí na habhreithnithe seo le cabhair, nó gan chabhair, ó athbhreithnitheoir seachtrach ó lasmuigh den tseirbhís phoiblí. Láimhseáiltear athbhreithnithe go pras. Níl chuireann an córas athbhreithnithe isteach ar an gceart atá ag cáiníocóir athchomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Athchomhairc neamhspleácha nó chun na gCúirteanna.
  • Tá eolas faoi conas gearán a dhéanamh linn leagtha amach ar bhileog CS4 – Seirbhís do Chustaiméirí.

Cuntasacht

Tá rún daingean againn ár ndul chun cinn a leanúint maidir le seachadadh na gCaighdeán Seirbhíse Custaiméara seo. Déanfaimid comparáid idir an chaoi a n-éireoidh linn agus na caighdeáin atá leagtha amach sa doiciméad seo, agus foilseoimid na torthaí inár dTuarascáil Bhliantúil.

Lúnasa 2009

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil