Ról na gCoimisinéirí Ioncaim

Bunaíodh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le hOrdú Rialtais i 1923. D'fhoráil an tOrdú go mbeadh Bord Coimisinéirí ann. Tá an Bord comhdhéanta de Chathaoirleach agus de bheirt Choimisinéirí agus tá céim Ard-Rúnaí acu uile. Is é Cathaoirleach an Bhoird an tOifigeach Cuntasaíochta atá ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin. Is é Ráiteas Misin na gCoimisinéirí Ioncaim:

'Freastal ar an bpobal trí chánacha agus dleachtanna a bhailiú agus trí Chustaim a fheidhmiú go cothrom agus go héifeachtúil.'

Leathadh Thíreolaíoch agus an Fhoireann Oibre

Tá breis is 100 oifig ag na Coimisinéirí Ioncaim ar fud na tíre agus tá os cionn 6000 san fhoireann oibre.

Príomhghnó

Is é an príomhghnó measúnú agus bailiú cánach agus dleachtanna. Eascraíonn mandáid na gCoimisinéirí Ioncaim ó dhualgais reachtúla agus ó dhualgais a chuir an Rialtas orthu mar thoradh ar bhallraíocht na hÉireann den Aontas Eorpach I dtéarmaí ginearálta, clúdaíonn an obair na nithe seo a leanas

  • Measúnú, bailiú agus bainistiú cánacha agus dleachtanna arb iad breis is 93% d' Ioncam an Státchiste
  • An córas Custaim a riaradh chun allmhairí agus onnmhairí a rialú agus chun dleachtanna agus tobhaigh a bhailiú thar ceann an Aontais Eorpaigh
  • Obair i gcomhar le Gníomhaireachtaí Stáit eile sa chath in aghaidh drugaí agus i dtionscnaimh tras-Rannacha eile
  • Obair Ghníomhaireachta a dhéanamh do Ranna eile
  • Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasta (PRSI) a bhailiú don Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Comhairle a chur ar fáil maidir le polasaithe a bhaineann le cúrsaí cánach.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil