Athbhreithniú an Bhoird ar 2009
Tuarascáil Bhliantúil 2009
An seachtach Tuarascáil Bhliantúil is ochtú de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2009, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le Ráiteas Straitéise na gCoimisinéirí Ioncaim a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, curtha faoi bhráid an Aire Airgeadais.
Aibreán 2010
Josephine Feehily
Cathaoirleach
Michael O'Grady
Coimisinéir
Liam Irwin
Coimisinéir
Athbhreithniú an Bhoird ar 2009
Chuaigh an timpeallacht eacnamaíochta agus airgeadais ina n-oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim agus a gcuid custaiméirí i léig go mór le dhá bhliain anuas. Tá dhá staitistic faoi leith a léiríonn cuid de na hathruithe sin ar ghráin le daoine iad. Is í an chéad staitistic ná an laghdú os cionn €14 billiún a tháinig ar ghlanfháltais ó 2007 - titim ó €47.3 billiún go €33 billiún. Is í an dara staitistic ná gur tháinig méadú 91% ó €1.1 billiún go €2.1 billiún laistigh de dhá bhliain ar an bhfiach cánach. Tugann an fiach seo tomhas réasúnta dúinn ar an anás airgeadais atá á fhulaingt ag go leor gnóthas agus daoine aonair agus is dócha go méadóidh sé tuilleadh fós in 2010. Tá dúshlán cánach an-mhór le sárú dá bharr sin.
Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim go dianmhaith na deacrachtaí atá ag cáiníocóirí ach tuigeann siad freisin an mórdhualgas foriomlán atá orthu éifeacht an chórais cánach a chosaint agus a fheabhsú. Bhí claonadh dearfa le sonrú sa chomhthéacs sin maidir lenár gclár bailiúcháin sa mhéid is nár tháinig aon laige ar an ráta comhlíonta maidir le tuairisceán a sheoladh isteach in am in 2009, go mór mór maidir le cásanna móra. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach óir is ar chomhlíonadh a bhunaítear na hidirghabhálacha maidir le bainistiú fiach.
Is é 'cothroime' an focal is fearr le cur síos a dhéanamh ar an gcur chuige atá againn sna tosca eacnamaíochta reatha. Caithfimid cothroime a fháil idir an trua atá againn do cháiníocóirí a bhfuil deacrachtaí sealadacha dáiríre acu agus an baol go dtabharfaimis buntáiste éagórach dóibh i gcomparáid leis na cáiníocóirí sin atá ag comhlíonadh a ndualgas, agus dar ndóigh ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an mbundualgas atá orainn tús áite a thabhairt do shláine an chórais cánach a chosaint.
Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh fadhbanna sreafa airgid a bheith ag gnóthais inmharthana agus gurb amhlaidh atá an scéal inniu. Ní mian linn neart iomlán ár gcumhachtaí forfheidhmithe a úsáid in aghaidh daoine mífhortúnacha ar imir an cúlú eacnamaíochta buille tubaiste orthu nó iad a thabhairt os comhair cúirte, ach má tá gnóthais chun an trioblóid sin a sheachaint caithfidh siad an scéal a phlé linn go macánta iomlán ó chroí agus é sin a dhéanamh go luath. Ní féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim feidhmiú mar bhaincéir nó mar iasachtóir do ghnóthais atá i dtrioblóid.
Ba í an fhadhb ab achrannaí a bhí le réiteach againn féin in 2009 ná déileáil le cailliúint 500 ball foirne in aon bhliain amháin, rud a tharla den chuid ba mhó de bharr scéimeanna an Rialtais le daoine a spreagadh le dul ar scor nó sosanna gairme a ghlacadh. Ba mhór iad na dúshláin a bhí le sárú de bharr an oiread sin daoine saineolacha a raibh eolas na heagraíochta acu a chailliúint ina leithéid d'achar gearr agus thug sé an-suaitheadh don eagraíocht. Caillfimid tuilleadh ball foirne in 2010 agus ar an ábhar sin caithfimid tús áite a thabhairt mar eagraíocht d'atheagrú a dhéanamh chun ár gcumas a atógáil agus a bheith in ann gníomhú gan an oiread céanna acmhainní.
Ceann de na buntáistí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim (agus tá roinnt mhaith buntáistí againn) is ea an fhoireann bhreá agus cultúr na hoscailteachta atá againn, lena n-áirítear struchtúr inmheánach um chomhpháirtíocht foirne a bhí deich mbliana d'aois in 2009 agus atá ag feidhmiú go breá. Chothaíomar agus d'fhorbraíomar caidreamh lena lán páirtithe leasmhara seachtracha. Éistimid go cúramach lena bhfuil le rá acu agus ag páirtithe leasmhara an Stáit. Is mór an tacaíocht dúinn é sin go léir sna saolta deacra seo.
Dul Chun Cinn maidir lenár Spriocanna Straitéiseacha
Rinneamar athbhreithniú go luath in 2009 ar ár Ráiteas Straitéise 2008 - 2010 le féachaint ar oir sé do chúrsaí i dtimpeallacht eacnamaíoch a bhí ag athrú go tapa. Nuair a bhí gach rud curtha san áireamh againn, ba é ár dtuairim go raibh na Spriocanna, na Straitéisí agus na hAschuir a bhí leagtha síos sa Ráiteas Straitéise fós ceart ach gur ghá athruithe béime a dhéanamh anseo agus ansiúd le cabhrú linn déileáil le saincheisteanna a bhí ag teacht chun cinn. Bheartaíomar go háirithe tacú le cáiníocóirí géilliúla a raibh deacrachtaí sealadacha acu, leanúint ar aghaidh ag cur barr feabhais ar ár seirbhísí ar líne, níos mó dár n-iarrachtaí a dhíriú ar idirghabhálacha fíor-ama agus cur le cumas na gCoimisinéirí Ioncaim ár gcostais oibriúcháin a laghdú agus ár bpríomhchláir ghnó a chomhlíonadh i gcónaí maidir le géilliúntas agus seirbhís do chustaiméirí.
Bailiúchán & Géilliúntas
B'fhiú €33.28 billiún iad na glanfháltais iomlána in 2009, agus bhí laghdú €1.29 billiún (3.73%) orthu i gcomparáid leis na meastacháin sa Cháinaisnéis Fhorlíontach in 2009, agus bhí siad €7.79 billiún (19%) níos lú ná glanfháltais na bliana 2008.
Faoi mar a tharla in 2008 bhí na heasnaimh ba shuntasaí le sonrú sa Cháin Ghnóthachan Caipitiúil agus i nDleachtanna Stampála, áit ar tharla laghdú 62% agus 43% faoi seach ar fháltais na bliana roimhe sin. Tharla sé sin de bharr an laghdaithe atá ag teacht i gcónaí ar luach maoine agus scaireanna. Tháinig laghdú 23.3% bliain ar bhliain ar Cháin Chorparáide. Tháinig laghdú 15.7%, 20.8%, 15.1% agus 12.5% faoi seach ar na fáltais ó Cháin Ioncaim (ÍMAT), CBL, Chustam agus Mhál. [Tábla 2: Ioncam Iomlán/Glanfháltais]
Bainistiú Fiach
Ba é méid an fhéich a bhí ar fáil lena bhailiú ag deireadh 2009 ná €1,443 milliún, agus ba mhéadú é sin ar an €1,233 milliún a bhí ann in 2008. Ba é méid an fhéich a bhí ar fáil lena bhailiú mar chéatadán na n-ollfháltas iomlán ná 2.8%, agus ba mhéadú é sin ar an 2.1% a bhí ann in 2008.
In ainneoin na gcúinsí eacnamaíochta deacra a bhí ann, d'fheidhmigh ár nAonad Bainistíochta Fiach go dícheallach ag cinntiú nach raibh ach laghdú beag ar na rátaí géilliúntais maidir le tuairisceáin a chomhdú agus cáin a íoc i gcomparáid le rátaí 2008. Bhí sé i bhfad ní ba dheacra ag gnólachtaí a ndualgas cánach agus dleachta a chomhlíonadh go tráthúil mar gheall ar an srian a bhí curtha le creidmheas agus toisc an laghdú a bhí ag teacht ar shreabhadh airgid de bharr deacrachtaí trádála. Tá leibhéal ár bhfiach cánach mar chéatadán d'fháltais cánach an-íseal de réir caighdeáin idirnáisiúnta. Táimid tiomnaithe, chomh fada agus is féidir é ar chor ar bith, do na leibhéil chomhlíonta a choinneáil ard agus na leibhéil fiachais a choinneáil íseal. Ar an ábhar sin leanfaimid ar aghaidh in 2010, agus ina dhiaidh sin más gá, ag tacú le gnóthais inmharthana a bhfuil deacrachtaí gearrthéarmacha acu.
Géilliúntas
Baineann na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as raon leathan idirghabhálacha, lena n-áirítear seiceálacha dearbhaithe, iniúchtaí fánacha agus iniúchtaí bunaithe ar riosca, chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais cánach. Clár sofaisticiúil le cásanna a roghnú is ea ár gClár um Measúnú agus Anailís Rioscaí (REAP) a chuireann ar ár gcumas díriú ar chustaiméirí ardriosca agus an oiread is lú bainte agus is féidir a bheith againn lenár gcustaiméirí géilliúla.
I rith na bliana 2009, rinne ár n-iniúchóirí 12,419 iniúchadh a raibh fáltas foriomlán €602 milliún dá mbarr. Ba mhéadú 5.7% é sin ar fháltas na bliana 2008. Ní gá an oiread acmhainní céanna a chaitheamh le seiceálacha dearbhaithe, agus rinneadh os cionn 361,000 seiceáil den sórt in 2009. Ba mhéadú de bheagnach 14,000 é sin ar líon na bliana 2008. Fuaireamar beagán ós cionn €66 milliún ó sheiceálacha dearbhaithe. [ Tábla 6: Idirghabhálacha Iniúchta agus Dearbhaithe 2009]
Cuireadh tús in 2009 le himscrúdú iontaobhas agus struchtúir easchósta. Is é an cuspóir atá leis ná scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileáiltear, ó thaobh cánach de, leis na maoine, na sócmhainní agus na gcistí atá curtha ag daoine in iontaobhais in Éirinn agus thar lear agus i struchtúir den sórt sin. Ba é €17.6 milliún ó 94 cás an fáltas a bhí faighte roimh dheireadh na bliana ón iniúchadh sin. Tá fiosruithe ar siúl i gcónaí.
Ó ba rud é go raibh faisnéis á fáil againn faoin ús a bhí á thuilleamh ar thaiscí in institiúidí airgeadais, chuireamar tús in 2008 le tionscnamh um nochtadh deonach do dhaoine a bhí ag coinneáil cistí neamhchánaithe de €100,000 nó níos mó i gcuntais taisce. Ag deireadh na bliana 2009, bhí 1,214 nochtadh déanta agus €76.3 milliún íoctha. [Tábla 14: Imscrúduithe Speisialta]. Faightear an fhaisnéis faoi na cuntais gach bliain anois agus úsáidfear í ar mhaithe le hanailís riosca.
Leanfaimid ar aghaidh in 2010 lenár straitéis chun feabhas a chur ar anailís riosca agus díriú ar chásanna trí leas a bhaint as faisnéis ó thríú páirtithe. Gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis faoi ús ar thaiscí ó na Comharchumainn i mbliana. Lena chois sin gheobhaimid faisnéis ón Rialálaí Tacsaithe faoi úinéirí na bplátaí tacsaithe, agus ó na cuideachtaí árachais faoi fheithiclí nach bhfuil cláraithe in Éirinn.
Cosaint na Sochaí
Feidhm lárnach atá againn ná saoránaigh na tíre a chosaint ó na torthaí creimneacha a bhíonn ag gach cineál smuigleála agus é sin a dhéanamh i gcomhpháirtíocht lenár bpáirtithe sa Chomh-Thascfhórsa, an Garda Síochána agus an tSeirbhís Chabhlaigh.
Ba é an rud ba shuntasaí in 2009 ná an méadú mór a tháinig ar líon agus ar luach na dtoitíní smuigleáilte a urghabhadh. Bhí 10,600 eachtra urghabhála ann in 2009 inar urghabhadh 218 milliún toitín agus ba mhéadú 62% é sin ar fhigiúr na bliana roimhe. Bhí na Coimisinéirí Ioncaim i gceannas ar oibríocht ilghníomhaireachtaí a raibh an códainm 'Samhna' air i mí Dheireadh Fómhair nuair a gabhadh 120 milliún toitín contrabhannach, an gníomh urghabhála ba mó riamh san Eoraip. Bhí luach miondíola thart faoi €50 milliún ag na toitíní agus d'fhéadfaí fáltas tuairim is €40 milliún a cailliúint dá mbarr. Bhí an tSeirbhís Custaim, an Garda Síochána, an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór, oifigigh ó Revenue & Customs na Breataine agus ó Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) páirteach san oibríocht. Bhí an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise páirteach ann freisin. Meastar go raibh páirt ag breis agus 150 oifigeach ó na Gníomhaireachtaí éagsúla san oibríocht.
D'éirigh thar cionn lenár Seirbhís Chustaim sa chogadh in aghaidh drugaí aindleathacha. Bhí treochtaí éagsúla le sonrú i líon na n-urghabhálacha drugaí aindleathacha. Tharla laghdú 12% agus 51% faoi seach ar urghabhálacha cannabais agus cócaoin/hearóine. Tharla méadú 43% ar urghabhálacha amfataimíní/eacstaise. Lena chois sin rinneadh 34 urghabháil ar airgead a rabhthas den tuairim gur le coirpigh é agus arbh fhiú €1.35 milliún é san iomlán.
Rinne na Coimisinéirí Ioncaim 74 urghabháil in 2009 ina bhfuair siad airm thine agus 227 urghabháil eile ina ghabhadar airm ionsaitheacha eile, lena n-áirítear gás díobhálach, maiseití agus ábhair phléascacha.
Chuireamar go mór lenár gcumas gníomhaíochta nuair a coimisiúnaíodh an cuitéar saintógtha Custaim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, An RCC Faire, ar 16 Deireadh Fómhair 2009. Soitheach mara 23.60 méadar ar fhad is ea í agus is í sin an dara ceann dá sórt atá ag an tSeirbhís Chustaim. Seachadadh an dara scanóir le haghaidh coimeádán ag Calafort Bhaile Átha Cliath i Samhain 2009. Rinneadh tástálacha forleathana air agus tosaíodh á úsáid ar 21 Nollaig. Úsáidfear an scanóir nua formhór an ama i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus sa limistéir thart timpeall air. Tá obair nua faighte don scanóir a bhí ann roimhe agus déanfar é a bhainistiú ó Ros Láir.
Ionchúisimh
Gné ríthábhachtach maidir le muinín an phobail sa chóras cánach agus i srianta custaim a chinntiú is ea smachtbhannaí oiriúnacha a chur i bhfeidhm sna cásanna ina sáraítear an reachtaíocht chánach agus chustaim go tromchúiseach.
D'éirigh leis na Coimisinéirí Ioncaim 15 chiontú Cúirte a fháil in 2009 de bharr imghabháil thromchúiseach chánach agus dhleachta. Bhain 6 cinn acu sin le himghabháil thromchúiseach chánach. Bhí 15 chiontú den sórt sin ann in 2008. Gearradh 20 mí príosúnachta ar dhuine i gcás amháin ach scaoileadh an té sin saor ar achomharc tar éis dó nó di 4 mhí a sheirbheáil i bpríosún. Bhí 9 gciontú Cúirte ann in 2009 de bharr cionta tromchúiseacha Custaim agus Máil. Ba méadú de 4 chiontú bhreise iad sin ar líon na bliana 2008. Bhí 123 cás dlí maidir le cáin agus le dleachtanna ann ag deireadh na bliana 2009 agus iad ag céimeanna éagsúla den phróiseas ionchúisimh. Ba mhéadú 4% iad sin ar líon na bliana roimhe sin.
[Tábla 11: Ionchúisimh de bharr Imghabháil Thromchúiseach in 2009]
D'éirigh leis na Coimisinéirí Ioncaim 548 ionchúiseamh achomair a fháil i gcaitheamh na bliana agus gearradh fíneálacha arbh fhiú €864,840 iad dá mbarr.
Seirbhís do Chustaiméirí
Bíonn na Coimisinéirí Ioncaim ag iarraidh i gcónaí feabhas a chur ar cháilíocht agus ar réimse na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do chustaiméirí. Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh, ós rud é go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta mar atá, go mbeidh custaiméirí in ann déileáil linn go tapa agus go héasca. Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar ár gCaighdeáin um Sheirbhís Custaiméara tar éis dul i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara seachtracha. Is í an teist is mó ar cháilíocht ár seirbhíse custaiméara ná gur tugadh tús áite d'Éirinn ar bhallstát uile an AE maidir lena éasca is atá sé cánacha a íoc sa staidéar dar teideal 'Paying Taxes 2010 - The Global Picture', a d'fhoilsigh an Banc Domhanda agus PricewaterhouseCoopers. Táimid an-bhródúil as an rangú sin agus déanfaimid ár ndícheall é a choinneáil.
Seirbhísí Ar Líne
Is ar líne a sheachadtar seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim mar réamhshocrú anois agus caithimid mórchuid aire ag cinntiú go bhfuil na seirbhísí sin tapa, éifeachtach, cuimsitheach agus gur furasta iad a úsáid. Bhí beagnach 500,000 custaiméirí cláraithe lenár seirbhís ar líne 'ÍMAT Aon tráth, aon lá' roimh dheireadh 2009 agus ba mhéadú 55% é sin ar líon na bliana roimhe. Tharla méadú suntasach 41% go 670,000 ar líon na n-idirbheart freisin.
Seoladh córas nua ríomh-Stampála i Nollaig 2009 tar éis mórchuid plé a rinneadh leis an Údarás Clárúcháin Maoine agus leis an Dlí-Chumann. Cuireann an córas nua ar chumas cleachtóirí bailchríoch a chur ar stampáil ionstraimí mar thíolachais agus léasanna go tapa, slán trí mheán Sheirbhís Ar-Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Beidh sé éigeantach ríomhsheirbhísí a úsáid le haghaidh níos mó agus níos mó idirbhearta coimpléascacha. Tá sé éigeantach ó 2009 i gcás Ranna agus Oifigí Rialtais, Comhlachtaí Stáit agus cuideachtaí móra comhdú leictreonach a dhéanamh agus roinnt cánacha a íoc go leictreonach. Maidir leis na gníomhaireachtaí agus na cuideachta Stáit sin a éilíonn Acht na gCuideachtaí go gcuirfeadh siad cuntais iniúchta ar fáil, tugadh faoi réim na scéime iad an 1 Eanáir 2010. Faoi réir scéime nua de chuid an AE ní féidir aisíocaíochtaí CBL trasteorann a dhéanamh ach amháin ar líne, agus tabharfaimid isteach níos déanaí i mbliana ríomhchomhdú éigeantach maidir le tuairisceáin Cáin Fáltas Caipitiúil nuair a bhíonn faoisimh nó díolúintí á n'éileamh ag tairbhí i gcomhair bronntanais nó uachta ach amháin i gcás bronntanas beag.
Bhain na Coimisinéirí Ioncaim amach caighdeán faisnéise ISO 27001 maidir le slándáil faisnéise a bhainistiú, rud a thugann muinín bhreise do chustaiméirí a bhíonn ag plé linn go leictreonach. Déantar iniúchadh neamhspleách maidir leis an gcaighdeán seo agus leagtar síos riachtanais a bhaineann le gach gné de shlándáil agus de láimhseáil sonraí. Níl ach 30 cuideachta in Éirinn a bhfuil an caighdeán seo bainte amach acu.
Thug Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi iniúchadh neamhspleách seachtrach a dhéanamh i rith 2009 ar chosaint sonraí sna Coimisinéirí Ioncaim. Sa Tuarascáil dheireanach a foilsíodh ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, thug an an Coimisinéir Cosanta Sonraí le fios gur mhol an tuarascáil an cur chuige dearfach maidir le cosaint sonraí atá le sonrú in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.
Simpliú
D'éirigh leis na Coimisinéirí Ioncaim comhtháthú iomlán a dhéanamh ar an bpróiseas measúnaithe agus bailithe cánacha i rith 2009 nuair a rinneadh dlúthchuid dár gcóras le haghaidh Sheirbhísí Cánach Comhtháite den Chóras Measúnaithe Cánach Corparáide. Tá foireann na gCoimisinéirí Ioncaim in ann teacht ar na sonraí go léir faoi mheasúnú agus faoi bhailiú Cháin Chorparáide in aon chóras amháin anois, rud a chabhraíonn leo freagraí níos tapúla a thabhairt.
Tabharfaimid isteach samhail ghnó nua-aimseartha a bheidh níos simplí do Cháin Fáltas Caipitiúil i gcomhar leis an Oifig Phrobháide in 2010. Tabharfar isteach córas athstruchtúraithe do Cháin Chláraithe Feithiclí freisin.
Leanamar ar aghaidh lenár gclár chun aisíocaíochtaí cánach a dhéanamh go huathoibríoch áit ar bith a bhféadfaí é sin a dhéanamh. D'eisíomar beagnach 56,000 aisíocaíocht dar luach €9.6 milliún go huathoibríoch i leith costas drugaí ar oideas. Eisíodh 1,500 aisíocaíocht uathoibríoch cánach arbh fhiú beagnach €760,000 iad i dtaobh táillí teagaisc a íocadh as cúrsaí oideachais tríú leibhéil faofa. Lena chois sin deonaítear creidmheasanna aoise go huathoibríoch anois. Líon na gcuntas taisce díolmhaithe ó Cháin Choinneála ar Ús Taisce ag 73,738 ag deireadh 2009 agus ba mhéadú 68,855 é sin ar líon na bliana roimhe sin. Cuireadh breis agus 2,500 póstaer faisnéise ar thaispeáint i mbainc, in Oifigí Poist, in Oifigí Faisnéise do Shaoránaigh agus in Oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim ar fud na tíre ag tabhairt le fios go raibh díolúine ag daoine os cionn 65 bliain d'aois maidir le cáin choinneála ar ús taisce.
Éisteacht lenár gcustaiméirí
Rinne na Coimisinéirí Ioncaim suirbhé poist ar thart faoi dhá mhíle fiontar beag agus meánmhéide idir Nollaig 2008 agus Feabhra 2009. Ba é cuspóir an tsuirbhé ná faisnéis chruinn a bhailiú ó chustaiméirí maidir le trí réimse: an leas a bhaineann siad as seirbhís na gCoimisinéirí Ioncaim agus faoina shásta is atá siad léi; na tosca a bhfuil baint acu le géilliúlacht; agus na deacrachtaí a bhí acu ag íoc cánacha sa 12 mhí roimhe sin. Ceann de phríomhthorthaí an tsuirbhé ab ea an chaoi ar dúirt 87% de na freagróirí go raibh siad sásta nó an-sásta lenár seirbhís do chustaiméirí. Lena chois sin dúirt thart faoi 22% de na freagróirí go raibh deacrachtaí acu ag íoc cánach in am agus/nó go hiomlán i rith na 12 mhí roimh an suirbhé. Foilsíodh torthaí an tsuirbhé mar aon leis an anailís a rinneamar ar cad a chiallaíonn siad ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Mar fhreagra ar na hábhair imní a léirigh gnóthais agus cleachtóirí cánach rinneamar athbhreithniú ar ár bpróiseas le déileáil le aisíocaíochtaí Cáin Chorparáide (CC) agus Cáin Ioncaim (CI). Cuireadh feabhas láithreach ar an méid ama a thóg sé freagra a thabhairt. Tharla méadú ó 48% go 63% ar an méid aisíocaíochtaí a faomhadh agus a eisíodh laistigh de 5 lá i gcás CC agus ó 80% go 89% i gcás CI. Beidh torthaí iomlána an athbhreithnithe le sonrú in 2010.
Cur le Forbairt Eacnamaíochta agus Shóisialta
Tá ról ríthábhachtach ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cur le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta na hÉireann, go háirithe i gcruthú timpeallachta a chuireann fás eacnamaíochta chun cinn, a éascaíonn trádáil, a spreagann infheistíocht agus a fheabhsaíonn iomaíochas.
Chuir na Coimisinéirí Ioncaim comhairle agus tacaíocht ar fáil don Roinn Airgeadais faoi réimse leathan beart a bhí sna hAchtanna Airgeadais. Dúshlán faoi leith ab ea an tobhach ioncaim a thabhairt isteach go rathúil agus lena chois sin thugamar isteach an Cháin Aerthaistil go rathúil, cáin a sholáthair €84.4 milliún sa chéad bhliain. Cuireadh feabhas ar an gcóras Taighde agus Forbartha agus eisíodh Treoirlínte nua. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim bailchríoch ar an gcéad chéim ullmhúcháin le haghaidh Acht Comhdhlúite CBL nua. Foilsíodh dréacht-reachtaíocht ar láithreán Gréasáin an gCoimisinéirí Ioncaim i nDeireadh Fómhair 2009 chun tús a chur le próiseas comhairliúcháin leis an lucht dlí, le heagraíochtaí cuntasaíochta agus le cleachtóirí cánach. Leanadh ar aghaidh ag ullmhú Bille Comhdhlúite Custaim a bhfuil sé ar intinn é a achtú in 2010.
Chuireamar baill foirne agus saineolas taighde ar fáil d'obair an Choimisiúin um Chánachas, agus chabhraíomar le cur i bhfeidhm na Scéime um Thacaíocht Tithe Banaltrais agus an chreidmheasa aoise i gcomhair árachas príobháideach sláinte.
Tugadh isteach clár éascaithe trádála ar a dtugtar Clár an Oibreora Eacnamaíochta Údaraithe (AEO) in 2008 ionas nach bhféadfadh sceimhlitheoirí sochar a bhaint as slabhra an tsoláthair idirnáisiúnta. Oibríonn an clár trí aitheantas a thabhairt d'oibreoirí iontaofa agus úsáid na gcleachtas is fearr a spreagadh ar gach leibhéal i slabhra an tsoláthair idirnáisiúnta. Eisíodh 35 teastas AEO do thrádálaithe Éireannacha roimh dheireadh 2009. Níor eisíodh ach 14 theastas in 2008.
Cabhraíonn na Coimisinéirí Ioncaim ag go leor leibhéil idirnáisiúnta. Tá ionadaíocht againn ar fhóraim an AE, an ECFE, an WCO agus na NA agus cuirimid go mór le forbairt agus cur i bhfeidhm beartais.
Faoi dheireadh 2009 bhí comhaontuithe cuimsitheacha um chánachas dúbailte sínithe ag Éirinn le 56 tír, agus tá 48 díobh siúd curtha i bhfeidhm cheana féin. Tháinig dhá chonradh nua leis an tSín agus le Vítneam i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana agus beidh feidhm le dhá chonradh nua eile le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine agus le Málta in Eanáir 2010. Cuireadh seacht gconradh eile i gcríoch agus síníodh iad in 2009. Meastar go síneofar seacht chonradh eile le Hong Cong, san Aireamh, in 2010. Rinneadh 13 Chomhaontú nua maidir le Malartú Faisnéise Cánach (TIEA-anna) a chaibidliú agus a shíniú agus rinneadh ardtacaíocht le ceithre cinn eile. [Straitéis 3.2, Aschur 3]
Maidir le cúrsaí idirnáisiúnta, tá ról gníomhach i gcónaí ag na Coimisinéirí Ioncaim in obair na hEagraíochta Domhanda Custam (WCO). I Meitheamh 2009, chuir Éire críoch le tréimhse rathúil dhá bhliain mar Cheann Réigiún na hEorpa agus mar Leaschathaoirleach ar an WCO.
Ár bhfoireann agus Ár Eagraíocht a Fhorbairt
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh foireann oibre díograiseach, oilte againn má tá spriocanna na gCoimisinéirí Ioncaim le baint amach. D'fhág 500 dár gcomhghleacaithe an tSeirbhís in 2009 de bharr na Scéime Dhreasaithe um Luathscor agus na Scéime Dhreasaithe um Shos Gairme agus de bharr gnáthchúrsaí scoir. Bhí dúshláin faoi leith le sárú againn go mór mór ó bhí cosc curtha le hearcú foirne.
Thugamar aghaidh ar an scéal trí ath-imlonnú daoine laistigh den tseirbhís agus trínár gcuid próiseas gnó a scrúdú chun modhanna níos éifeachtúla a aithint, agus ár n-aire á díriú againn i gcónaí ar ár bpríomhghnó. D'éirigh linn cur go suntasach lenár n-éifeachtúlacht trí nuashonrú, trí athstruchtúrú agus trí chórais leictreonacha agus theicneolaíocht a úsáid.
Rinneamar athbhreithniú ar ár gcláir oiliúna agus rinneamar athruithe orthu le cinntiú go bhfuil siad dírithe ar na riachtanais gnó atá againn faoi láthair i bhfianaise na n-athruithe atá tagtha ar shaol eacnamaíochta na tíre. Bhronn Ollscoil Luimnigh céim ar 99 mac léinn de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Eanáir 2010; fuair 23 acu BA (Onórach) i gCánachas Feidhmeach agus fuair 76 eile acu Teastas i gCánachas Feidhmeach.
I bhFeabhra agus Márta 2009, athlonnaíodh baill foirne ó roinnt oifigí i Muineachán agus Lú chuig an bhFoirgneamh M: TEK II i Muineachán.
In Aibreán, osclaíodh go hoifigiúil oifig nua na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh bhaill foirne Rannán an Ard-Bhailitheora sa Chaisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh. Is í oifig an Ard-Bhailitheora an oifig dhíláraithe is mó sa Stát anois. Freisin in Aibreán, osclaíodh go hoifigiúil an dara hoifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i nGeata na Cathrach, Faiche an Aonaigh, Gaillimh. Tá áiseanna nua-aimseartha agus éifeachtúla ag na baill foirne san fhoirgneamh nua agus bítear ag déileáil le gach gné de ghnó na gCoimisinéirí Ioncaim - idir cháin, chustam agus mhál - le haghaidh fostaithe, daoine féinfhostaithe agus custaiméirí corparáideacha atá lonnaithe i gCathair agus i gContae na Gaillimhe agus i gContae Ros Comáin.
Tá páirt ghníomhach againn maidir le clár Bunathraithe an Rialtais agus cuirimid le seirbhísí comhroinnte trí sheirbhísí priontála agus postála a chur ar fáil d'eagraíochtaí eile Rialtais agus trí chórais TF a óstáil inár lárionad sonraí.
Ag Féachaint Amach Romhainn
Is é an rud a dtabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tús áite dó thar gach aon rud eile in 2010 ná an bunús cánach a chosaint. Déanfaimid é sin trí leanúint ar aghaidh ag iarraidh é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do ghnóthais agus do cháiníocóirí a ndualgas cánach a dhéanamh; éisteacht go tuisceanach le gnóthais a bheadh inmharthana murach cúrsaí reatha agus a bhfuil deacrachtaí sealadacha acu, agus cothroime a chinntiú ina gcás siúd a chomhlíonann a ndualgas cánach trí ghníomhú go daingean ina n-aghaidh siúd nach gcomhlíonann.
Ag deireadh na chéad ráithe den bhliain 2010, tá fáltais chánach agus dleachta fós lag, agus iad €1.27 billiún níos lú ná fáltais ón tréimhse chéanna anuraidh. Léiríonn na figiúirí is déanaí go bhfuil an fiach atá ar fáil le bailiú 33% níos airde. Bíodh is go bhfuil sé róluath fós le breith a thabhairt, tá an chosúlacht ar na comharthaí tosaigh go mbeidh bliain an-dúshlánach againn in 2010.
Nuair a bhí deireadh na bliana 2009 ag druidim linn, thug an tAire Airgeadais faomhadh do 200 post sna Coimisinéirí Ioncaim a líonadh trí athlonnú foirne, ceapacháin inmheánacha agus trí earcú. Tá na trí ghné sin ar siúl faoi láthair agus tá na Coimisinéirí ag earcú go díreach i gcomhair post ar leibhéal Príomhoifigigh and Príomhoifigigh Cúnta den chéad uair riamh. Rud an-tábhachtach is ea é seo agus muid ag obair ag iarraidh cur le scileanna na heagraíochta.
Gabhaimid buíochas go poiblí le gach duine atá ag obair do na Coimisinéirí Ioncaim as a gcuid oibre crua agus as a dtiomantas in 2009. Éireoidh linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn le cabhair agus tacaíocht na ndaoine seo.
Josephine Feehily
Cathaoirleach
Michael O'Grady
Coimisinéir
Liam Irwin
Coimisinéir
