Tugann an liostaí thíos treoir maidir le rangú gníomhaíochtaí mar thrádáil. Déantar tuairimí ar rangú gníomhaíochtaí mar thrádáil le tagairt do na fíricí agus na cúinsí leithleach do gach cás. Is iad na saincheisteanna, sa phróiseas déanta cinní ná an ghníomhaíocht, an t-údarás agus na scileanna atá ag teastáíl laistigh den chuideachta. Ní thugtar tuairimí roimh ré ach i gcásanna ina bhfuil sé soiléir go dtaispeánann na fíricí mar atá leagtha amach go mbeidh cuideachta ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí trádála. I gcásanna áirithe, ní féidir tuairim a thabhairt mar ar an iomlán cibé an bhfuil cuideachta ag trádáil nó nach bhfuil beidh sé sin ag brath ar an gcaoi atá an ghníomhaíocht ag forbairt agus an méid a thagann ioncam na cuideachta as gníomhaíocht den sórt sin.
Liosta na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuairim a fháil ar rangú gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí trádála: Nollaig 2002 go Márta 2004
| |
Dáta a Fuarthas |
Líon Fostaithe in Éirinn |
Cur Síos ar an nGníomhaíocht |
Tuairim a Tugadh |
Cúis |
| 1 |
Nollaig-02 |
Níl aon |
Soláthar áis trádstórais aerárthaí go dtí go mbeidh aerlíne in ann úinéireacht iomlán a thógáil ar aerárthaí agus iad a sheachadadh. Faoin socrú tógfaidh SPC Éireannach sannadh de chonradh ceannaigh idir deantóir aerárthaí agus aerlíne agus rachaidh i gcomhaontú leis an déantóir na haerárthaí a stóráil go dtí go mbeidh siad ag teastáil ón aerlíne. Gearrfaidh an SPC táille ar an aerlíne ar an socrú trádstórála. |
Ní Cás 1 |
Cuideachta sheoladáin is ea SPC, níl aon fíorghníomhaíocht ar siúl, níor idirbheartaigh sí na conarthaí buncheannaigh agus ní dhéanann sí ach tascanna conraidh a thógáil. Níl aon spreagadh bhrabús dáiríre san idirbheart. |
| 2 |
Nollaig-02 |
1 Bainisteoir sinsireach. Obair sheachfhoinsithe do chuideachtaí grúpa eile ag a mbeadh breis agus 35 fhostaí ag obair sa ghníomhaíocht. |
Tógáil agus oibriú an tionscadail ghiniúna leictreachais. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh an chuideachta ag gint agus ag díol leictreachais. Tá freagracht foriomlán ag an mbainisteoir sinsireach as na hoibriúcháin lena n-áirítear na hoibriúcháin seachfhoinsithe |
| 3 |
Eanáir-03 |
5 |
Beidh baint ag an gcuideachta le hóstáil gréasáin, margaíocht cógaisíochta ar líne, margaíocht agus dáileadh gairis mhíochaine agus táirgí sláinte agus áilleachta, agus seirbhísí riaracháin agus tacaíochta le haghaidh díolacháin mhiondíola agus aerlíne agus eagraíochtaí margaíochta laistigh den ghrúpa ar fud an domhain. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar bhonn an leibhéil ghníomhaíochtaí bainteach agus go bhfuil foireann leis an leibhéal cuí scileanna agus saineolais fostaithe ag an gCuideachta. |
| 4 |
Eanáir-03 |
Níor luadh |
Oibriúchán saincheadúnaithe |
Níor tugadh tuairim |
Níl go leor eolais tugtha maidir le hoibriúchán na cuideachta. Iarradh níos mó eolais i mBealtaine 2003 ach níor lean gníomhairí ar aghaidh leis an gcás. |
| 5 |
Feabhra-03 |
Níor luadh |
Cuideachta chomhfhiontair bunaithe chun ceannach aerárthaí a mhaoiniú. Cuirfidh an chuideachta SPC ar bun do gach idirbheart. Gheobhaidh an SPC iasacht óna mháthairchuideachta nó ó thríú páirtí agus ar iasacht nó léas airgeadais chuig an aerlíne. |
Ní Cás 1 |
Tabhair faoi deara go bhfuil Cás 1 mar an SPC éighníomhach go bunúsach. Tá tréithe trádála de dhíth. Níl na gníomhaíochtaí atá ar siúl a dhóthain ionas gur féidir gníomhaíochtaí trádála a thabhairt orthu. Rinneadh an chinnteoireacht agus pleanáil réadach in áit éigin eile. |
| 6 |
Márta-03 |
Níl aon |
Beidh an chuideachta freagrach as gníomhaíocht bhainistíochta bhranda dhomhanda an ghrúpa ar a bhfaighidh sí ioncam ríchíosa ó chuideachtaí grúpa agus tríú páirtithe |
Ní Cás 1 |
Faoi struchtúr nua, dhéanfadh cuideachtaí grúpa eile an obair lena mbaineann díriú ar, measúnú agus idirbheartú conarthaí le comhpháirtithe cuí. Tá an chuideachta i mbun gníomhaíochtaí infheistíochta ar a bhfaightear ríchíosanna. Is é Cás IV an rangú is mó is cuí. |
| 7 |
Márta-03 |
Seachfhoinsithe ar dtús |
Beidh baint ag cuideachta le (1) maoiniú grúpa agus oibriúcháin chistíochta agus (2) cairtfhostú loingis ar bhonn fadtéarmach do chuideachta ghrúpa eile |
(1) Cás 1 dearbhaithe (2) Ní Cás 1 |
(1)Cás 1 dearbhaithe le haghaidh gníomhaíochtaí maoinithe agus cistíochta. Beidh an chuideachta Éireannach ag bainistiú an ghnó go gníomhach agus déanfaidh sí na cinní straitéiseacha maidir leis na hoibriúcháin chistíochta agus mhaoinithe. Déanfaidh stiúrthóirí intí ag a bhfuil an leibhéal cuí saineolais sa réimse seo an socrú seachfhoinsithe a bhainistiú agus a rialú (2) maidir le cairtfhostú loingis, ní bheidh a dhóthain ghníomhaíochtaí ar bun chun trádáil a thabhairt air. Níl baint ag na cuideachtaí sa phróiseas déanta cinní straitéiseacha agus ardleibhéil agus de réir dealraimh is in áiteanna eile sa ghrúpa a dhéantar na cinní agus atá an fíorúdarás agus an fhreagracht. Tagann an t-ioncam sa chás seo as úinéireacht sóchmhainn imthaca ioncaim seachas ó thádáil. |
| 8 |
Márta-03 |
Níl aon fostaithe breise |
Teastaíonn ón gcuideachta (mar leathnú ar a cuid trádála i gCás 1) an t-ioncam a thagann as ceadúnú do fhochuideachta na Stáit Aontaithe as an gceart gaolmhaireacht chustaiméirí reatha a úsáid. Ní |
Ní Cás 1 |
Ní féidir cuntas Cás 1 a dhearbhú. Níl a dhóthain obair leanúnach ar siúl bainteach le gaolmhaireacht chustaiméirí a chothú ar mhaithe leis an mbonn custaiméirí a shaothrú ionas gur féidir í a bheith ina gníomhaireacht trádála. |
| 9 |
Márta-03 |
4 |
Cuirfidh an chuideachta seirbhísí cistíochta gníomhaireachta ar fáil do chuideachtaí grúpa eile bainteach le hinfheistíocht agus seirbhís bhainistíochta airgid thirim |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh an chuideachta ag dul i mbun fíorghníomhaíochtaí trádála, agus go mbeidh na scileanna agus an saineolas atá ag teastáil chun na bearta a chur i bhfeidhm ag foireann na cuideachta agus go mbeidh an chuideachta i mbun rialaithe agus cinní a dhéanamh agus go mbeidh cruinnithe ag stiúrthóirí in Éirinn. |
| 10 |
Márta-03 |
2 ar dtús |
Comhpháirtíocht bunaithe chun árthaigh a cheannach. Tabharfaidh Comhpháirtíocht na hárthaigh ar léas ansin do gach ceann de na comhpháirtí a thabharfaidh iad ar fho-léas do chuideachtaí ag oibriú mar ghrúpaí. Beidh comhpháirtí Éireannach ina chomhpháirtí bainistíochta agus beidh freagracht aige as bainistíocht loingis agus socruithe agus idirbheartaíocht dá ghníomhaíocht léasa féin a dhéanamh. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe de bhrí gurb í an chuideachta Éireannach an comhpháirtí bainistíochta agus chomh maith le húdarás iomlán a bheith aige idirbheartaíocht a dhéanamh ar a léasanna féin agus iad a bhainistiú, tá údarás tugtha di freisin faoin gcomhaontú Comhpháirtíochta an loingeas go léir a bhainistiú chomh maith le freagracht as na hárthaigh a leithdháileadh idir na comhpháirtithe. |
| 11 |
Aibreán-03 |
seachfhoinsithe chuig fostaithe dhá chuideachta eile |
Dhá chuideachta bainteach. Gheobhaidh agus léasóidh an dá cheann acu aerárthaí. |
Cás 1 dearbhaithe |
Beidh na cuideachtaí ag lorg custaiméirí nua go gníomhach agus ag déanamh idirbheartaíochta ar léasanna do na haerárthaí. Cuirfidh daoine leis an eolas agus saineolas cuí na gníomhaíochtaí i bhfeidhm, beidh freagracht ar an gcuideachta as cinní straitéiseacha agus feidhmeoidh gach ceann acu go neamhspleách lena gcuid gníomhaíochtaí trádála a chur i bhfeidhm. Glacfaidh Stiúrthóirí na cuideachta páirt ghníomhach an conradh seachfhoinsithe a bhainistiú agus beidh freagracht acu as beartas straitéiseach na gcuideachtaí a leagan síos. |
| 12 |
Bealtaine-03 |
3 ag méadú go 7 tar éis bliana amháin |
Beidh an Chuideachta Éireannach freagrach as seirbhísí aistrithe airgid a bhainistiú, a rialú agus a fhorbairt. Beidh baint ag cistíocht a bhainistiú agus gníomhaíochtaí riaracháin aige seo. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn gur fíoroibriúchán an tseasaimh aonair an chuideachta Éireannach, ina bhfuil foireann leis na scileanna agus taithí cuí agus is í an chuideachta a dhéanfaidh cinní gnó fíorstraitéiseacha. |
| 13 |
Meitheamh-03 |
2 - 3 |
Cuirfidh an chuideachta seirbhísí comhthiomsaithe agus bainistíocht airgid ar fáil, fálú airgeadraí agus próiseáil agus socrú airgeadais íocaíochta do chuideachtaí grúpa eile |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn gurb iad daoine le scileanna agus taithí cuí a chuirfidh na gníomhaiochtaí i bhfeidhm agus gurb í an chuideachta a dhéanfaidh na cinní gnó fíorstraitéiseacha. |
| 14 |
Iúil-03 |
Seachfhoinsithe do chuideacha ghrúpa eile ag a bhfuil 44 fostaí oilte |
Beidh an chuideachta freagrach as oibriúcháin RA an ghrúpa a mhaoiniú agus go háirithe as a riachtanais mhaoinithe fardail. Beidh sraith iasachtaí ghearrthéarma ag baint leis seo a dhúnann amach go coícíseach. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar bhonn an leibhéil ghníomhaíochta atá le déanamh. Beidh Stiúrthóirí na cuideachta freagrach as pleanáil straitéiseach gnó agus ag comhaontú paraiméadar agus comhaontaithe iasachtaí |
| 15 |
Lúnasa-03 |
17/20 laistigh de 2 bhliain |
(1) Ceadúnóidh an chuideachta cuideachtaí grúpa eile chun an córas dílsithe a úsáid a fhéadfaidh eolas a sheachadadh ar chliaint tríd an idirlíon. Is leis an chuideachta Éireannach an bogearra, crua-earra agus infreastruchtúr agus (2) cuireann sí deasc cabhrach agus díolacháin ar líne ar fáil freisin maidir le heolas meán idirnáisiúnra a sholáthar. |
(1) Cás 1 dearbhaithe (2) Ní Cás 1 |
(1) Níltear in ann Cás 1 a dhearbhú anseo de bhrí go sreabhann an t-ioncam as úinéireacht sóchmhainne seachas é a bheith ginte ó ghníomhaíochtaí a dhéanann an chuideachta. Ní raibh smacht agus freagairt iomlán ag an gcuideachta Éireannach as an gcóras a fhorbairt agus a cheadúnú. Tá na príomhdhaoine go léir a dhéanann na cinní sa réimse seo lonnaithe thar lear agus tuairiscíonn siad do chuideachtaí grúpa eile. (2) Cás 1 dearbhaithe d'ioncam ó dhíolacháin ar líne agus feidhmeanna deasc-chabhracha de bhrí go mbeidh gníomhaíochtaí a dhóthain sna réimsí seo chun trádáil a bheith i gceist. |
| 16 |
Meán-Fómhair-03 |
1 |
Beidh gníomhaíochtaí airgeadais ar siúl ag an gcuideachta Éireannach le cuideachtaí grúpa eile i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain. Ar dtús is éard a bheidh anseo ná iasacht fadtéarmach amháin. Féadfaidh iasachtaí breise a dhéanamh ach beidh sé seo ag brath ar fhachtóirí eile laistigh den ghrúpa |
Ní Cás 1 |
Ní féidir cuntas Cás 1 a dhearbhú. Ní raibh baint ghníomhach ag an gcuideachta an socrú iasachta a fhoinsiú agus a idirbheartú. Rinneadh an cinneadh an t-iasacht a dhéanamh in áit eile sa ghrúpa. Níor tháinig an brabús ó ghníomhaíochtaí na cuideachta |
| 17 |
Deireadh Fómhair-03 |
12 |
Tugann an chuideachta na gníomhaíochtaí déantúis do chuideachta ghrúpa thar lear ar fhochonarthaí agus tá sí freagrach freisin as díolacháin Eorpacha na dtáirgí |
Cás 1 dearbhaithe |
Is cuid de thrádáil Éireannach reatha na gníomhaíochtaí fochonartha. Bainisteoidh seisear fheidhmeannach shinsearacha ag a bhfuil freagracht as bainistíocht trádála go laethúil lena n-áirítear na hoibriúcháin seachfhoinsithe. Bhí na Coimisinéirí Ioncaim sásta go raibh an cumas ag na feidhmeannaigh, i gcnámhscéal athstruchtúrach, na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a bhainistiú. Tá an chuideachta Éireannach freagrach freisin as rialú cáilíochta na n-earraí agus iniúchfaidh foireann seisear an fochonraitheoir chun a chinntiú gur comhlíonadh caighdeáin theicniúla |
| 18 |
Deireadh Fómhair-03 |
Níl aon |
Tá an chuideachta á forbairt chun córas teicneolaíochta a fhorbairt, a dhéanamh, é a mhargadh agus a dhíol. |
Níor tugadh tuairim |
Ní bheadh sé cuí tuairim a thabhairt ar stádas trádála. Déanfaidh bord stiúrthóirí a bheidh bunaithe in Éirinn cinní straitéiseacha laethúla na cuideachta agus bainisteoidh siad í. Níl aon phearsanra sinsearach bunaithe in Éirinn ag an gcuideachta leis an t-údarás agus na scileanna na feidhmeanna a chomhlíonadh bainteach le Taighde agus Forbairt a bhainistiú agus déantús agus díolachan táirgí na cuideachta. Ní ghlacfaí le céim Taighde agus Forbairt den oibriúchán mar thrádáil. |
| 19 |
Samhain-03 |
Níl aon |
Gheobhaidh an chuideachta scair i loingeas aerárthaí a thabharfar ar léas do aerlíne na Stáit Aontaithe |
Ní Cás 1 |
Níltear in ann Cás 1 a dhearbhú de bhrí nach bhfuil a dhóthain ghníomhaíochta sa chuideachta chun trádáil a bheith i gceist. Ní bheidh an chuideachta ag lorg gnó go gníomhach |
| 20 |
Samhain-03 |
Níl aon - obair seachfhoinsithe |
Tabharfaidh an mháthairchuideachta airgead ar iasacht do chuideachta nua chun teideal a fháil ar dhá eitleán a thabharfaidh newco ar léas ansin d'aerlíne ar feadh tréimhse seacht mbliana |
Ní Cás 1 |
Ní Cás 1 |
| 21 |
Samhain-03 |
4 |
Feidhmeoidh an chuideachta mar chuideachta idirghrúpa airgeadais agus cistíochta. |
Cás 1 dearbhaithe |
Dearbhú tugtha ar an mbonn go mbeidh baint ghníomhach ag an gcuideachta idirbheartaíocht a dhéanamh in iasachtaí agus iad a shochrú do chuideachtaí grúpa eile agus comhthiomsú airgead tirim agus riachtanais do bhainistíocht airgeadra an ghrúpa freisin. |
| 22 |
Samhain-03 |
3+ |
Beidh brainse na hÉireann freagrach as feidhmeanna bainistíochta infheistíochta na n-oibriúchán athárachais ghúpa árachais mhóir ilnáisiúnaigh. Beidh sé freagrach as punann bhanna chorparáide reatha a thrádáil go gníomhach. Beidh baint aige seo le ceannach nua, díol bannaí reatha, malartuithe srl. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh an t-oibriúchán brainse ag trádáil na punainne go gníomhach agus tá sé freagrach as agus tá an cumas aige na príomhchinní straitéiseacha a dhéanamh maidir le ceannach, díolacháin srl. |
| 23 |
Eanáir-04 |
Níl aon |
Cuideachta cuspóir speisialta curtha ar bun chun aerárthaí a cheannach agus a ligean ar léas. Níl an chuideachta bunaithe ach amháin chun ceannach agus ar léasú do custaiméir ar leith. |
Ní Cás 1 |
Ní raibh baint ag an gcuideachta sa phróiseas idirbheartaíochta nó cinnteoireachta ná ní bheidh sí ag iarraidh gnó nua. Mar sin níl sí ag comhlíonadh trádáil Cás 1. Tá ioncam incháinithe níos cuí faoi Chás IV |
| 24 |
Feabhra-04 |
Seachfhoinsithe don chuideachta ag a mbeidh 5 fhostaí cheana i mbun an tsórt sin oibre agus a fhéadfaidh duine amháin eile a fhostú ag brath ar an méid gnó amach anseo. |
Tabharfaidh an chuideachta Éireannach iasachtaí do chuideachtaí grúpa eile, cuirfidh sí airgead tirim farasbarr i dtaisce agus gabhfaidh sí i gceann gníomhaíochtaí fálaithe don ghrúpa. |
Cás 1 dearbhaithe |
Pléifidh an chuideachta le an-chuid chustaiméirí agus idbheartaíochtaí gach bliain. Tá an obair seachfhoinsithe ach déanann stiúrthóirí Éireannacha measúnú uirthi agus tá freagracht acu as cinní leanúnacha ar iasachtaí, faomhadh ar theorainneacha creidmheasa, rátaí úis srl. |
| 25 |
Feabhra-04 |
2-3 |
Ceadúnóidh an chuideachta Éireannach tríú páirtithe chun trádmharcanna a shaothrú san Eoraip agus san Áis. San fadtéarma tá sé i gceist ag an gcuideachta freisin a gníomhaíochtaí a leathnú chun dáileadh agus soláthar seirbhísí áirithe roinnte do chuideachtaí grúpa eile a chur san áireamh. |
Cás 1 dearbhaithe |
Beidh an chuideachta ag trádáil go gníomhach leis na ceadúnais. Tá freagracht ar fhostaithe cuideachta monatóireacht agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar cheadúnais agus ceadúnaithe reatha, ag lorg ceadúnaithe poitéinsiúla nua, chun íomhá brandaí a dheimhniú trí chomhairle a thabhairt ar straitéisí margaidh agus iad a thiomáint. |
| 26 |
Feabhra-04 |
Seachfhoinsithe ar dtús |
Bunaithe chun IP neamhchónaitheach a chosaint |
Ní Cás 1 |
Níltear in ann a dhearbhú gur trádáil Cás 1 iad gníomhaíochtaí na cuideachta mar níl baint ag an gcuideachta leis na príomhghníomhaíochtaí as a dtagann an t-ioncam. Níl aon duine de phríomhimreoirí an cháis lonnaithe in Éirinn agus is baint éighníomhach atá i gceist ag an gcuideachta go bunúsach. D'Fheidhmeodh Cás 1 dá mbeadh an chuideachta lonnaithe in Éirinn |
| 27 |
Márta-04 |
12 |
Freastalóidh an chuideachta mar an t-aonán grúpa príomhúil a iontrálann in airgeadraí tríú páirtí agus bearta díorthacha don ghrúpa |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar bhonn an leibhéil ghníomhaíochtaí bainteach agus go bhfuil foireann leis an leibhéal cuí scileanna agus saineolais fostaithe ag an gCuideachta. |
| 28 |
Márta-04 |
Níl aon - seachfhoinsithe |
Bunaithe chun trádáil léasa agus maoinithe aerárthaí a dhéanamh in Éirinn. |
Ní Cás 1 |
Níltear sásta go gcomhdhéanann gníomhaíochtaí na cuideachta Trádáil Cás 1. Bheifí ag súil go mbeadh baint ghníomhach ag cuideachta léasa i sóchmhainní a ghnóthú agus a léasú. Ní raibh baint ag an gcuideachta le hidirbheartaíochtaí ar mhaithe le ceannach agus ar léasú sóchmhainne ná ní bheidh sí ag iarraidh gnó eile. Sna cúinsí seo tá an t-ioncam níos inrochtanaí i gceart faoi Chás IV |
| 29 |
Nollaig-03 |
7 |
Trádáil agus soláthar agus dáileadh táirgí lasmuigh den Stát |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh (1) bainisteoir sinsearach i láthair i gcónaí chun cinní straitéiseacha a dhéanamh, (2) go ndéantar conarthaí in Éirinn agus (3) go mbainistíonn cuideachta Éireannach go gníomhach aon ghnó seachfhoinsithe agus muirear cuí curtha i bhfeidhm sna cuntais. |
| 30 |
Márta-04 |
5 |
Ní féidir sonraí an cháis seo a fhoilsiú óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint |
Ní Cás 1 |
Ní féidir sonraí an cháis seo a fhoilsiú óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint |
Liosta na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuairim a fháil maidir le rangú gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí trádála: Aibreán 2004 go Nollaig 2006
| |
Dáta a Fuarthas |
Fostaithe |
Cur Síos ar an nGníomhaíocht |
Tuairim a Tugadh |
Cúis |
| 31 |
Bealtaine-04 |
10 |
Oibriúchán reatha a leathnú chun deileáil le ciste eischósta a chur san áireamh. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn gur féidir leis an gcuideachta a thaispeáint gur gnóthadh infheistíochtaí sna cistí mar stoctrádáil, go bhfuil méid a dhóthain ghnó i gceist agus go bhfuil an chuideachta freagrach as na hinfheistíochtaí a bhainistiú agus nach bhfeidhmíonn sí mar sheoladán. |
| 32 |
Lúnasa-04 |
5 |
Táirgeadh agus Dáileadh Scannán |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh baint ghníomhach ag an gcuideachta i dtráirgeadh agus dáileadh scannán |
| 33 |
Lúnasa-04 |
1 ar dtús ag méadú go 6 - 10 faoi 2008 |
Seirbhísí bainistíochta sóchmhainní ghrúpa. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go gcuirfidh an chuideachta seirbhísí bainistíochta sochmhainní ar fáíl freisin do chuideachtaí tríú páirtithe agus go bhfuil freagracht agus údarás iomlán ag Stiúrthóir na cuideachta cinní ar son na cuideachta a dhéanamh. |
| 34 |
Meán Fómhair-04 |
2 |
Ní féidir sonraí an cháis seo a fhoilsiú óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint |
Cás 1 dearbhaithe |
Ní féidir sonraí an cháis seo a fhoilsiú óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint |
| 35 |
Deireadh Fómhair-04 |
10 |
Déantúsóir agus dáilitheoir ag leathnú oibriúcháin reatha chun déantús agus díol táirgí nua a chur san áireamh nuair atá cuid de na hoibriúcháin ar fhochonarthaí. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil freagracht foriomlán ag an gcuideachta Éireannach as na feidhmeanna bainistíochta agus fochonartha agus go mbeidh foireann le hardscileanna fostaithe sna hoibriúcháin sin. |
| 36 |
Samhain-04 |
1 |
Seirbhísí Airgeadais - ag tabhairt iasachtaí do thrádálaithe thar lear |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an tuiscint go mbeidh an Bord Stiúrthóirí chomh maith le bainisteoir ginearálta na cuideachta freagrach as treoir straitéiseach agus beartas na cuideachta agus go gcomhlíonfaidh an bainisteoir ginearálta na gníomhaíochtaí agus feidhmeanna bainteach leis na hiasachtaí. |
| 37 |
Nollaig-04 |
19 |
Cistíocht Chorporáide |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbainisteoidh an chuideachta farasbarr airgid thirim an ghrúpa agus a riosca airgeadraí go gníomhach agus go mbeidh sí freagrach as riachtanais fiacha sheachtracha a idirbheartú agus a bhainistiú. |
| 38 |
Nollaig-04 |
50 ar dtús ag méadú go 350 faoi 2006 |
Áiríonn i Lárionad Oibriúchán díolacháin, dáileadh, comhchruinniú, bainistíocht IP agus tacaíocht bhainteach agus feidhmeanna cúloifige. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh gníomhaíochtaí na cuideachta á ndéanamh ag pearsanra atá lonnaithe in Éirinn agus go bhfuil daoine á bhfostú ag an gcuideachta a bhfuil an saineolas agus na scileanna cuí acu. |
| 39 |
Feabhra-05 |
4 ar dtús |
Cistíocht Chorporáide |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh fíorghníomhaíochtaí trádála ar siúl ag an gcuideachta agus go bhfuil na scileanna agus an saineolas atá ag teastáil ag fostaithe na cuideachta na hidirbheartaíochtaí a dhéanamh. |
| 40 |
Nollaig-04 |
120 |
Díolacháín agus dáileadh earraí lasmuigh den Stát nuair atá cuid den dáileadh seachfhoinsithe |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go gcomhdhéanann gníomhaíochtaí reatha na cuideachta trádáil agus go ndéanann an chuideachta bainistíocht laethúil ar an ngnó seachfhoinsithe. |
| 41 |
Márta-05 |
8 ar dtús ag méadú go 25 sa mheántéarma |
Ceanncheathrú riaracháin ghrúpa. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an tuiscint go mbeidh na scileanna agus saineolas atá ag teastáil ag fostaithe na cuideachta agus go ngearrfaidh sí táille mhór ar na seirbhísí a chuirfear ar fáil do chuideachtaí grúpa eile. |
| 42 |
Márta-05 |
36 |
Seirbhísí Airgeadais - Iasachtaí. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go dtabharfar na hiasachtaí ar shealús lonnaithe in Éirinn agus go bhfuil na scileanna agus saineolas riachtanacha ag an gcuideachta chun a cuid idirbheartaíochta a chomhlíonadh. |
| 43 |
Deireadh Fómhair-04 |
100 |
SPC a úsáídeadh chun punann aerárthaí a choimeád. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeadh an SPC ag léasú roinnt aerárthach agus go mbeidh sé freagrach as aerárthaí a athmhargadh nó a dhíol ag deireadh na tréimhse léasa. |
| 44 |
Bealtaine-05 |
2 |
Cuideachta Airgeadais agus Ghrúpachistíochta |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbainisteoidh foireann le scileanna cuí in Éirinn na hoibriúcháin go laethúil |
| 45 |
|
20 ar dtús |
Soláthróir seirbhíse idirghrúpa agus idirghábhálaí. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn gur measadh gníomhaíochtaí an ghrúpa ina iomláine a bheith ina gcinn trádála. |
| 46 |
Bealtaine-05 |
5 ar dtús |
Seirbhísí Airgeadais - Iasachtaí. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil baint ag an gcuideachta i réimse éagsúil gníomhaíochtaí maoinithe agus ní i mbannaí agus urrúis eile amháin atá sí ag infheistiú. |
| 47 |
Meitheamh-05 |
Níor luadh |
Chruthaigh grúpa léasaithe aerárthaí reatha líon SPVanna chun aerárthaí a choimeád a bhí ar léas ag oibritheoirí éagsúla. Bheadh bainistíocht na léasanna agus na n-aerárthach seachfhoinsithe chuig an mháthairchuideachta. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn gur measadh gníomhaíochtaí an ghrúpa ina iomláine a bheith ina gcinn trádála. |
| 48 |
Meitheamh-05 |
415 |
Deileáil le hioncam ríchíosa (é a chur leis an trádáil reatha) |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn nach bhfuil san ioncam ríchíosa ach céatadán beag de bhrabúis na cuideachta agus nach féidir é a dheighilt ó ioncam trádála na cuideachta. |
| 49 |
Meitheamh-05 |
7 ar dtús |
Tá an chuideachta ag déanamh Taighde agus Forbairt agus é i gceist aici paitinn a fháil ar an IP a thagann as agus ceadúnais a thabhairt ar úsáid an IP a forbraíodh. Tá sé i gceist ag an gcuideachta freisin patainní reatha a ghnóthú óna máthairchuideachta. |
Cás 1 dearbhaithe |
Ní bheadh gníomhaíocht trádála i gceist sa ghnóthú patainní molta ann féin. Mar sin féin, aontaíodh go ndéanann an chuideachta an Taighde agus Forbairt agus gníomhaíochtaí ceadúnais mholta go léir agus ansin bheadh trádáil agus ioncam i gceist agus bheadh ioncam ó na gníomhaíochtaí molta incháinithe faoi Chás 1. |
| 50 |
Meán-Fómhair-05 |
1 páirtaimseartha móide seachfhoinsithe |
Cuideachta Airgeadais agus Ghrúpachistíochta |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar bhonn an leibhéil ghníomhaíochta sa chuideachta. Cuirfidh sí seirbhísí cistíochta ar fáil don mháthairchuideachta chomh maith le comhairle airgeadais agus infheistíochta do chustaiméirí dá máthairchuideachta agus do thríú páirtithe |
| 51 |
Deireadh Fómhair-05 |
16 |
Ghnóthaigh cuideachta an ceart druga áirithe a thráchtálú. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil na scileanna agus saineolas riachtanacha ag fostaithe chun an gnó a riaradh agus na ceadúnais a bhainistiú. |
| 52 |
Samhain-05 |
4 |
Tá an chuideachta gafa go príomhúil i margaíocht agus díol táirgí grúpa le custaiméirí Éireannacha. Cuirfidh sí tacaíocht theicniúil ar fáil freisin do chustaiméirí Eorpacha. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil na scileanna agus saineolas riachtanacha ag fostaithe chun gníomhaíochtaí gnó a dhéanamh agus go mbeidh siad gníomhach chun gnó nua a iarraidh. |
| 53 |
Samhain-05 |
3 |
Atheagrú cuideachta airgeadais. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil an chuideachta ag tionscaimh deiseanna idirnáisiúnta iasachaithe chomh maith le punann iasachta reatha a bhainistiú. |
| 54 |
Nollaig-05 |
Níor luadh |
Ní féidir sonraí an cháis seo a fhoilsiú óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint |
Cás 1 dearbhaithe |
Ní féidir sonraí an cháis seo a fhoilsiú óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint |
| 55 |
Iúil-06 |
50 ag méadú go 100 faoi 2 bhliain |
Cuideachta bunaithe chun fostaithe a sholáthar do chuideachtaí cleamhnaithe agus tríú páirtithe ar fud an domhain ar tháille. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar bhonn an ardleibhéil ghníomhaíochta bainteach leis na fostaithe ar iasacht a bhainistiú, Caidrimh Dhaonna (HR) agus saincheisteanna dlí um eachtrannaigh a fhostú agus an próiseas párolla |
| 56 |
Iúil-06 |
2 |
Cuideachta airgeadais ghrúpa |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar bhonn leibhéil na ngníomhaíochtaí bainteach agus go bhfuil foireann leis na scileanna agus saineolas cuí fostaithe ag an gcuideachta |
| 57 |
Iúil-06 |
Seachfhoinsithe |
Cuideachta airgeadais bunaithe chun airgead a thabhairt ar iasacht, airgead tirim a bhainistiú agus comhairle airgeadais a thabhairt. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil ardleibhéal gníomhaíochta ar siúl ag an gcuideachta lena n-áirítear anailís chreidmheasa monatóireacht agus idirbheartaíocht ar iasachtaí agus bainistiú fuílligh airgid thirim. |
| 58 |
Nollaig-06 |
32 faoi láthair - 50 - 60 faoi 2007 |
Cuideachta bhunaithe ina bhfuil gníomhaíocht mar ghnóthú agus forbairt IP pharma go tráchtáil agus ag tuilleamh brabús trí dhíolacháin dhíreacha agus cuspóir ceadúnaithe chun rannán nua a bhunú chun (1) comhaontuithe le cuideachtaí pharma nua a bhainistiú agus (2) ceadúnais reatha a bhainistiú agus comhaontais nua le haghaidh táirgí reatha agus nua a idirbheartú |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go raibh leibhéal gníomhaíochta reatha na cuideachta agus an leathnú molta amhlaidh gur cháiligh siad le bheith incháinithe faoi Chás 1. |
| 59 |
Nollaig-06 |
2 ar dtús |
Cuideachta bhainistíocht infheistíochta |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil an chuideachta ag bainistiú go gníomhach na n-infheistíochtaí agus go bhfuil na scileanna agus an saineolas cuí ag an mbord Stiúrthóirí agus ag an bhfoireann á bhfostú chun an chuideachta a bhainistiú. |
Liosta na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuairim a fháil maidir le rangú gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí trádála: Eanáir go Nollaig 2007
| |
Dáta a Fuarthas |
Fostaithe |
Cur Síos ar an nGníomhaíocht |
Tuairim a Tugadh |
Cúis |
| 60 |
Eanáir-07 |
Stiúrthóir Páirtaimseartha amháin |
Cuideachta bunaithe chun IP a shaothrú. |
Níor tugadh tuairim |
Ní féidir réamhthuairim a thabhairt. Ón eolas a tugadh dealraíonn sé go bhfuil an chuideachta éighníomhach go bunúsach. De réir dealraimh ní raibh na hacmhainní aici an phunann IP a bhainistiú go gníomhach. |
| 61 |
Eanáir-07 |
7 ar dtús- 3 le bheith bunaithe in Éirinn le freagracht as cuntasaíocht agus próiseáil ordaithe, an chuid eile de na fostaithe le bheith cónaitheach sna SA. |
Cuideachta Éireannach bunaithe chun fíonacha agus biotáillí a dháileadh sna SA. |
Níor tugadh tuairim |
Ní féidir réamhthuairim a thabhairt. Tárlaíonn gníomhaíochtaí tuilleamh airgid sna SA. Déanann an mháthairchuideachta na hearraí, lasmuigh d'Éirinn agus seoltar iad go díreach ón déantúsóir chuig custaiméirí na SA. Aistrítear teideal ar earraí ón máthairchuideachta go dtí an chuideachta Éireannach agus ansin chuig custaiméirí na SA. Bíonn an mháthairchuideachta freagrach i gcónai as margaíocht. Díolann fostaithe Chuideachta Éireannach bunaithe sna SA na hearraí sna SA. Sa deireadh thiar, braithfidh an méid a mbeidh ioncam go léir na cuideachta le rangú a éiríonn faoi Chás 1 ar an gcaoi a bhforbraíonn an chuideachta agus an méid a éiríonn an t-ioncam as gníomhaíochtaí na cuideachta. Leis an struchtúr molta, d'fhéadfadh sé tárlú, go mbeadh bunaíocht bhuan ag an gcuideachta Éireannach sna SA agus tiocfadh an cheist chun cinn faoi bhrabúis a chur síos idir bunaíocht bhuan na SA agus an Chuideachta Éireannach.
|
| 62 |
Eanáir-07 |
3 |
Cuideachta aerárthaí chomhfhiontair. |
Níor tugadh tuairim |
Ní féidir réamhthuairim a thabhairt. Ligeadh na príomhghníomhaíochtaí tuilleamh airgid ar fochonradh do chuideachtaí lasmuigh d'Éirinn. Fad is nach gcoscann gníomhaíocht a ligean ar fochonradh cuideachta a bheith ag trádáil, bhí sé deacair a fheiceáil cén chaoi a mbeadh sí freagrach as gníomhaíochtaí a chomhlíonadh comhsheasmhach leis an ioncam a thuilleamh óna gníomhaíochtaí féin, nuair a chuirtear san áireamh na hacmhainní a bhí ar fáil don chuideachta. |
| 63 |
Márta-07 |
1 |
Cuideachta bunaithe chun polasaithe árachais saoil a cheannach, a bhainistiú agus a athdhíol. |
Níor Tugadh Tuairim |
Ní féidir réamhthuairim a thabhairt. Ceannaíodh na polasaithe ácharais ó na haonáin amach ón gcósta a bhainisteodh agus a sheirbhíseodh iad chomh maith le comhairle a thabhairt ar iad a dhiúscairt sa deireadh thiar. Ní rabhthas in ann réamhthuairim a thabhairt mar bhí sé deacair a fheiceáil cén chaoi a mbeadh sí freagrach as gníomhaíochtaí a chomhlíonadh comhsheasmhach leis an ioncam a thuilleamh óna gníomhaíochtaí féin, nuair a chuirtear san áireamh na hacmhainní a bhí ar fáil don chuideachta. |
| 64 |
Feabhra-07 |
2 Stiúrthóir |
Cibé an raibh ús taisce a thuill an chuideachta mar chuid de thrádáil um dheileáil i scaireanna. |
Ní Cás 1 |
Ní Cás 1. Ionas go measfar ús taisce mar admháil trádála, ba cheart go mbeadh sé soiléir go bhfuil an taisce á choinneáil mar chuid riachtanach de ghnó na cuideachta agus go bhfuil an taisce á choinneáil i gcúrsa an ghnó sin. Ní mór do na cistí ar taisce a bheith á n-úsáid go gníomhach agus faoi riosca sa ghnó. Sa chás seo, ní raibh an t-airgead i dtaisce á choinneáil chun críocha trádála. Níor tháinig aon chuid den mhéid a bhí ar taisce ó idirbheartaíochtaí deileáil scaireanna agus níor úsáideadh ach cuid an-bheag de ar idirbheartaíochtaí deileáil scaireanna. De réir dealraimh, ba níos mó d'infheistíocht seachas trádáil a bhí i gceist leis an ngníomhaíocht trádáil scaireanna a bhí á déanamh sa chuideachta mar bhí gníomhaíochtaí na cuideachta teoranta do cheannach agus díol scaireanna trí bhróicéir. |
| 65 |
Márta-07 |
Níor luadh |
Iasachtaí gearrthéarma a thabhairt do tríú páirtithe ar tháille ó chistí féin. |
Ní Cás 1 |
Ní Cás 1. Bunaithe ar na cúinsí faoi leith, measadh go raibh na hiasachtaí sa chás seo níos mó de nádúr infheistíochtaí. Ní raibh aon cheann de ghnáthghnéithe trádála le feiceáil - ní raibh aon toirt ghnó, ní raibh aon eagrúchán nó fógraíocht srl. Ní raibh ceadúnas iasachtóir airgid nó bainc ag an gcuideachta. |
| 66 |
Aibreán-07 |
100 |
Cistíocht Chorporáide |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbainisteoidh an chuideachta idirbheartaíochtaí airgeadais ionghrúpa, go mbeidh sí freagrach as aon fálú um rioscaí ráta úis/eachtrannaigh agus go mbeidh sí in ann cinní infheistíochta / iasachtaí / maoiniú idirchuideachta a dhéanamh go laethúil agus go neamhspleách. |
| 67 |
Aibreán-07 |
Níor luadh |
Grúpa Airgeadais agus Gníomhaíocht Seirbhísí Roinnte |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbainisteoidh an chuideachta sealúchas an ghrúpa, go mbeidh sí freagrach as soláthar airgeadais iasachta do chuideachtaí grúpa agus riosca airgeadraí a bhainistiú agus go gcuirfidh sí TF, Caidrimh Dhaonna (HR) agus seirbhísí eile ar fáil do chuideachtaí grúpa. |
| 68 |
Lúnasa-07 |
Níor luadh |
Cuideachta ag bunú SPCanna chun aerárthaí a léasú don léasaí ultamach. |
Ní Cás 1 |
Ní Cás 1. B'fheithiclí léasú isteach / léasú amach na SPCanna. Faoin moladh ní bheadh úinéireacht ag na SPCanna ar an aerárthach agus ní raibh baint acu in aon idirbheartaíochtaí bainteach leis na bearta léasa. An phríomhchúis a tugadh le bunú na SPCanna ná cánacha iarchoimeádta coigríche a sheachaint. Bhí tréithe trádála de dhíth. Rinneadh an chinnteoireacht agus pleanáil réadach in áit éigin eile. Bhí na SPCanna éighníomhach go bunúsach agus níor leor na gníomhaíochtaí a bhí le comhlíonadh ionas gur féidir gníomhaíochtaí trádála a thabhairt orthu. |
| 69 |
Meán-Fómhair-07 |
Níl aon |
An Chuideachta bunaithe chun oibriúchán na léasanna a thógáil uirthi féin a idirbheartaigh a máthairchuideachta bunaithe thar lear. |
Ní Cás 1 |
Ní Cás 1. Bunaíodh an chuideachta chun foléasú óna máthairchuideachta agus ní raibh baint aici na léasanna a idirbheartú. Tá stiúrthóir ainmnithe amháin ag an gcuideachta, níl aon struchtúr foirne nó bainistíochta aici agus de réir dealraimh ní raibh aon duine ina hoifig chláraithe agus ní raibh nasc teileafóin inti. |
| 70 |
Samhain-07 |
6 ar dtús ag méadú go 40 tar éis 4 bliana. |
Cuideachta bunaithe le haghaidh Cearta Maoine Intleachtúla a shealbhú agus a fhorbairt. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh gníomhaíochtaí na cuideachta á ndéanamh ag pearsanra atá lonnaithe in Éirinn agus go bhfuil daoine á bhfostú ag an gcuideachta a bhfuil an saineolas agus na scileanna cuí acu. |
| 71 |
Samhain-07 |
11 |
Cuideachta bunaithe le haghaidh Cearta Maoine Intleachtúla a shealbhú agus a fhorbairt. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh gníomhaíochtaí na cuideachta á ndéanamh ag pearsanra atá lonnaithe in Éirinn agus go bhfuil daoine á bhfostú ag an gcuideachta a bhfuil an saineolas agus na scileanna cuí acu. |
| 72 |
Samhain-07 |
30 ar dtús ag méadú go 40 faoi dheireadh bliain 2. |
Cuideachta bunaithe chun punann aerártaí a choimeád. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeadh an chuideachta ag léasú roinnt aerárthaí agus go mbeadh sí freagrach as na haerárthaí a athmhargú agus a dhíol ag deireadh na tréimhse léasa.
|
Liosta na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuairim a fháil maidir le rangú gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí trádála: Eanáir go Nollaig 2009
| |
Dáta a Fuarthas |
Fostaithe |
Cur Síos ar an nGníomhaíocht |
Tuairim a Tugadh |
Cúis |
| 77 |
Feabhra-08 |
Níl aon, go díreach. Tá bainistíocht an ghnó seachfhoinsithe do chuideachta ghrúpa eile ag a bhfuil oibriúchán léasa suntasach in Éirinn. |
Cuideachta bunaithe le haghaidh Aerárthaí a cheannach agus a léasú. Tá an chuideachta seo bainteach le cás uimhir 80 - tá comhaontais bhainistíochta léasa agus riaracháin ag an dá chuideachta araon leis an soláthróir seirbhíse céanna.
|
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh an chuideachta, trína Bord Stiúrthóirí, freagrach as cinní go léir maidir le aerárthaí a fháil, a cheannach agus a léasú agus go ndeachaigh an chuideachta isteach i gconradh le cuideachta bhainistíochta léasa reatha chun deiseanna bainistíochta léasa agus riaracháin a chur ar fáil agus déanfaidh an Bord athbhreithniú agus monatóireacht ghníomhach ar an gconradh seo. |
| 78 |
Márta-09 |
1 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le haghaidh Aerárthaí a shealbhú agus a léasú.
|
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh baint ghníomhach ag an gcuideachta, trína Bord Stiúrthóirí, in idirbheartaíocht téarmaí na léasanna agus go mbeidh sí freagrach freisin as cinní go léir maidir leis an ngnó léasaithe a bhainistiú agus as athmhargaíocht na n-aerárthaí ag deireadh na tréimhse léasa. |
| 79 |
Márta-09 |
Níl aon, go díreach. Bainistíocht an ghnó seachfhoinsithe do sholáthraí seirbhíse Éireannach ag a bhfuil breis agus 100 fostaí in Éirinn. |
Cuideachta bunaithe le haghaidh Aerárthaí a shealbhú agus a léasú. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh an chuideachta, trína Bord Stiúrthóirí, freagrach as cinní go léir maidir leis na haerárthaí a shealbhú, a cheannach agus a léasú agus go bhfuil baint iomlán ag na Stiúrthóirí i ngach gné de ghnó na cuideachta agus go ndéanfaidh siad athbhreithniú agus monatóireacht ghníomhach ar na soláthróirí seirbhíse. |
| 80 |
Aibreán-09 |
Níl aon, go díreach. Tá bainistíocht na cuideachta seachfhoinsithe do chuideachta ghrúpa eile ag a bhfuil oibriúchán léasa suntasach in Éirinn. |
Cuideachta bunaithe le haghaidh Aerárthaí a cheannach agus a léasú. Tá baint ag an gcás seo le cás uimhir 77 - tá comhaontais bhainistíochta léasa agus riaracháín ag an dá chuideachta araon leis an solathróir seirbhíse céanna.
|
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go mbeidh an chuideachta, trína Bord Stiúrthóirí, freagrach as cinní go léir maidir le haerárthaí a ghnóthú, a cheannach agus a léasú agus go ndeachaigh an chuideachta isteach i gconradh le cuideachta bhainistíochta léasa reatha chun deiseanna bainistíochta léasa agus riaracháin a chur ar fáil agus déanfar athbhreithniú agus monatóireacht ghníomhach ar an gconradh seo. |
| 81 |
Iúil-09 |
5-6 ar dtús |
Cuideachta bunaithe chun
1. Bainistíocht bhranda a bhainistiú agus a chomhordú.
2. Seirbhísí Cistíochta Chorparáide a Sholáthar. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhforbróidh agus go mbainisteoidh an chuideachta an branda agus go gcuirfidh sí bainistíocht airgead tirim agus deiseanna airgeadais idirghrúpa ar fáil agus go mbeidh foireann le ardscileanna agus speisialaithe á bhfostú aici chun an bhainistíocht bhranda mholta agus gníomhaíochtaí cistíochta a chomhlionadh. |
| 82 |
Feabhra-09 |
2 ar dtús |
Cuideachta bunaithe chun maoin intleachtúil an ghrúpa a shealbhú, a cheadúnú agus a bhainistiú. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go ndéanfaidh an chuideachta idirbheartaíocht ar chomhaontais um cheadúnais nua agus go ndéanfaidh sí monatóireacht ar chomhaontais reatha go léir. Beidh baint ghníomhach aici punainn a chosaint agus a chur i bhfeidhm chomh maith le gníomhaíochtaí fógraíochta. |
| 83 |
Feabhra-09 |
1 bainisteoir cistíochta le suas go 8 bhfoireann tacaíochta.
|
Cuideachta bunaithe chun Seirbhísí Cistíochta Corparáide idirghrúpa a chur ar fáil. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go rachaidh an chuideachta isteach i líon suntasach idirbheartaíochtaí cistíochta. Fostóidh sí foireann speisialaithe le hardscileanna chun socrú comhthiomaithe airgid thirim a bhainistiú agus a oibriú, áiseanna fiacha nua a idirbheartú le tríú páirtithe chomh maith le comhaontuithe iasachta idirghrúpa agus neamhchosaint ar athluacháil airgeadraí an ghrúpa a bhainistiú. |
| 84 |
Iúil-09 |
Líon fostaithe. Úsáidfidh an chuideachta seirbhísí ochtar dá cuid foirne reatha agus fostóidh sí foireann bhreise más gá. |
Cuideachta chun seirbhísí bainistíocht ócáide a chomhlíonadh a bhí seachfhoinsithe do thríú páirtí go dtí seo. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go dtógfaidh an chuideachta uirthi féin an réimse iomlán seirbhísí atá seachfhoinsithe faoi láthair. Is ar an bhfoireann bhainistíochta sinsearaí a mbeidh freagracht fhoriomlán na seirbhísí bainistíocht ócáide a rith. |
| 85 |
Lúnasa-09 |
1 ar dtús |
Oibreoir Páirceála. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil fostaí lánaimseartha lonnaithe ar an suíomh ar a bhfuil freagracht as an gcarrchlós a bhainistiú agus na táillí páirceála a bhailiú. Tá an carrchlós ar oscailt don phobal agus níl aon chonarthaí fadtéarmacha nó páirceáil in áirithe ag baint leis an gcarrchlós. |
| 86 |
Meitheamh-09 |
1 ar dtús |
Oibriúchán chomhthiomsaithe airgid thirim lena mbaineann comhthiomsú airgid thirim bharrachais airgid thirim na cuideachta. |
ní Cás 1 |
Ní mheastar mar ghníomhaíocht Cás 1 ús a thagann ó chomhthiomsú airgid thirim agus infheistíocht cistí barrachais na cuideachta féin. |
| 87 |
Meán-Fómhair-09 |
3 ar dtús |
Oibriúchán airgeadais le bunú ag an gcuideachta in Éirinn chun maoiniú a chur ar fáil do chuideachtaí grúpa. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go rachaidh an chuideachta isteach go gníomhach i roinnt bheart ghrúpa agus go gcuirfidh si conclúid leo. Beidh na scileanna agus cáilíochtaí riachtanacha ag Bainisteoir an Chisteáin Náisiúnta chun gníomhaíochta laethúla na cuideachta a chomhlíonadh. |
| 88 |
Nollaig-09 |
20 ar dtús |
Cuideachta bunaithe chun saoráidí crua-earraí a óstáil agus tacaíocht TF a chur ar fáil do chuideachtaí grúpa. |
Cás 1 dearbhaithe |
Cás 1 dearbhaithe ar an mbonn go bhfuil foireann á bhfostú ag an gcuideachta lena dhóthain scileanna agus eolais chun an tacaíocht TF a chur ar fáil don ghrúpa. |
| 89 |
Nollaig-09 |
3 ar dtús |
Cuideachta bunaithe chun infheistiú a dhéanamh in ionstraimí airgeadais. |
Níor Tugadh Tuairim |
Níor Tugadh Tuairim mar bhí an chuideachta i ngnó cheana agus is ceist don chigire cánach é cibé an bhfuil an chuideachta i mbun trádála nó ag déanamh infheistíochtaí. |
| 90 |
Samhain-09 |
7 faoi 31 Nollaig 2010 |
Ní féidir sonraí a thabhairt óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint dá bharr. |
Cás 1 dearbhaithe |
Ní féidir sonraí a thabhairt óir d'fhéadfaí an chuideachta a aithint dá bharr. |
Liosta na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuairim a fháil maidir le rangú gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí trádála: Eanáir go Nollaig 2010
| |
Dáta a Fuarthas |
Fostaithe |
Cur Síos ar an nGníomhaíocht |
Tuairim a Tugadh |
Cúis |
| 91 |
Aibreán-10 |
Fostaithe le sannadh ó ghrúpchuideachtaí eile chun gníomhaíochtaí beartaithe na cuideachta a dhéanamh. |
Cuideachta a bunaíodh chun seirbhísí bainistíochta, riaracháin agus airgeadais a chur ar fáil do ghrúpchuideachtaí eile.
|
Deimhnithe mar Chás 1 |
Deimhnithe mar chás 1 ar an mbonn go bhfuil baill foirne fostaithe ag an gcuideachta a bhfuil dóthain scileanna agus saineolais acu chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích. |
| 92 |
Feabhra-10 |
1 cheann amháin ar dtús, le ball foirne reatha an ghrúpa le hathshannadh. |
Cuideachta a bunaíodh chun maoin intleachtúil reatha agus amach anseo de ghrúpa cuideachtaí a bhainistiú agus a shaothrú. |
Deimhnithe mar Chás 1 |
Deimhnithe mar Chás 1 ar an mbonn go bhfuil duine sinsearach earcaithe ag an gcuideachta ag a bhfuil na scileanna agus an saineolas ábhartha chun ardán domhanda maidir le maoin intleachtúil an ghrúpa a fheidhmiú. Beidh an chuideachta freagrach as gach cinneadh a bhaineann le saothrú na maoine intleachtúla ar fud an domhain. |
| 93 |
Nollaig-09 |
Níl sé sonraithe |
Cuideachta a bunaíodh chun aerárthach a léasú chun é a léasú ar aghaidh chuig aerlíne. |
Ní Cás 1 é |
Níltear sásta gur trádáil Chás 1 a bheadh i ngníomhaíochtaí na cuideachta. Ní raibh baint ag an gcuideachta le margántaíocht an léasa ná ní raibh sí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an léas ina dhiaidh sin. Sna cúinsí seo is féidir an t-ioncam a rochtain i gceart faoi Chás IV. |
| 94 |
Márta-10 |
10 gcinn ar dtús, ag méadú go dtí 20 é faoi dheireadh 2011
|
Cuideachta a bunaíodh chun maoin intleachtúil dhomhanda de chuid Grúpa a bhainistiú. |
Deimhnithe mar Chás 1 |
Deimhnithe mar chás 1 ar an mbonn go mbeidh an chuideachta freagrach as margaíocht, díolacháin, oibriúchán agus tacaíocht i leith na maoine intleachtúla ar fud an domhain. |
| 95 |
Márta-10 |
1 cheann amháin ar dtús |
Cuideachta a bunaíodh chun maoin intleachtúil reatha agus amach anseo de ghrúpa cuideachtaí a bhainistiú agus a shaothrú. |
Deimhnithe mar Chás 1 |
Deimhnithe mar chás 1 ar an mbonn go mbeidh an chuideachta freagrach as margaíocht, díolacháin, oibriúchán agus tacaíocht i leith na maoine intleachtúla ar fud an domhain. |
| 96 |
Márta-10 |
172 ceann ar dtús |
Cuideachta a bunaíodh chun feidhm na Seirbhíse do Chustaiméirí de chuid grúpchuideachtaí a chomhlíonadh. |
Deimhnithe mar Chás 1 |
Deimhnithe mar chás 1 ar an mbonn go bhfuil baill foirne fostaithe ag an gcuideachta a bhfuil dóthain scileanna agus údaráis acu chun feidhm na seirbhíse do chustaiméirí a chomhlíonadh do na grúpchuideachtaí. |
| 97 |
Meán Fómhair-10 |
1 cheann amháin ar dtús |
Cuideachta a bunaíodh chun feidhm an Chisteáin de chuid grúpchuideachtaí a chomhlíonadh. |
Deimhnithe mar Chás 1. |
Deimhnithe mar Chás 1 ar an mbonn go mbeidh idirbhearta maoinithe grúpa á ndéanamh agus á gcur i gcrích go gníomhach ag an gcuideachta. Beidh na scileanna agus cáilíochtaí is gá ag Bainisteoir Chisteán na hÉireann chun gníomhaíochtaí ó lá go lá a bhaineann le feidhm an Bhainisteora Chisteáin a chomhlíonadh. Beidh Rannán an Chisteáin á rialú ag bord stiúrthóirí, a bheidh freagrach ar deireadh as bainistíocht beartais ag Cuideachta Chisteán na hÉireann. |
| 98 |
Deireadh Fómhair-10 |
1 cheann amháin ar dtús |
Cuideachta a bunaíodh chun margaíocht a dhéanamh ar tháirgí in Iarthar na hEorpa. |
Deimhnithe mar Chás 1 |
Deimhnithe mar Chás 1 ar an mbonn go mbeidh an chuideachta freagrach as na táirgí a dhíol ar fud Iarthar na hEorpa. Beidh baill foirne na cuideachta freagrach as orduithe a ghlacadh agus as praghsanna a shocrú, as creidmheas a thairiscint agus as leibhéil stoic an táirge. |
| 99 |
Deireadh Fómhair-10 |
6-8 ar dtús |
Cuideachta chun lárionad bainistíochta agus ceadúnaithe Maoine Intleachtúla a bhunú |
Deimhnithe mar Chás 1. |
Deimhnithe mar Chás 1 ar an mbonn go mbainfidh an chuideachta leas as Maoin Intleachtúil ar gach bealach is féidir. Earcaíodh Leas-Uachtarán, ag a bhfuil an saineolas agus na scileanna cuí le bheith i gceannas ar fhoireann gairmithe a bheidh freagrach as deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann a aimsiú maidir le deiseanna ceadúnaithe agus forbartha dá dtáirge maoine intleachtúla a shaothrú ar fud an domhain. |
Liosta na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuairim a fháil maidir le rangú gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí trádála: Eanáir go Nollaig 2011.
| |
Dáta a Fuarthas |
Fostaithe |
Cur Síos ar an nGníomhaíocht |
Tuairim a Tugadh |
Cúis |
| 100 |
Bealtaine-11 |
1 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le gnó léasú aerárthach a rith. |
Cás 1 deimhnithe |
Deimhníodh Cás 1 ar an mbonn go mbeadh an chuideachta freagrach as gach cinneadh maidir le líon aerárthach a fháil, a cheannach agus a léasú. |
| 101 |
Bealtaine-11 |
6 |
Tá sé beartaithe ag an gCuideachta breis forbartha agus saothrú tráchtála a dhéanamh ar Mhaoin Inleachtúil chuideachtaí an Ghrúpa. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go mbeidh lucht foirne leis an saineolas agus an scil ábhartha freagrach as gach cinneadh maidir le deiseanna ionchasacha a lord leis an MI a shaothrú go domhanda. |
| 102 |
Meitheamh-11 |
1 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le gníomhú mar chuideachta shealbhaíochta aonáin neamh-Sam an Ghrúpa agus le gníomhú mar Chuideachta Chisteáin don Ghrúpa. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go mbeadh an chuideachta gníomhach i mbun bainistíú barrachas airgid i seilbh aonáin an ghrúpa agus go mbeidh maoiniú á sholáthar le freastal ar riachtanais leanúnacha aonáin an ghrúpa. |
| 103 |
Meitheamh-11 |
1 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le fearas agus innealra a fháil agus a léasú chuig cuideachtaí an Ghrúpa i SAM agus i gCeanada le húsáid i gníomhaíochtaí déantúsaíochta an ghrúpa. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go ndéanfaidh an chuideachta idir 10-25 léas gach bliain. Beidh an chuideachta freagrach as téarmaí agus coinníollacha na léasanna a idirbheartú. |
| 104 |
Iúil-11 |
20-30 tar éis 2 bhliain |
Cuideachta bunaithe le comhpháirteanna a fhoinsiú le haghaidh táirgí Brandáilte ó chuideachtaí an Ghrúpa agus leis ne táírgí cóimeáilte Brandáilte a dhíol ar aghaidh chuig cuideachtaí cleamhnaithe agus go díreach chuig custaiméirí neamhghaolmhara. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go mbeadh an chuideachta freagrach as gach comhpháírt den táirge a sholáthar don táirge Brandáilte agus go mbeidh sí freagrach freisin as an táirge lánchóimeáilte a dhíon ar aghaidh. |
| 105 |
Bealtaine-11 |
4 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le bainistiú airgid, seirbhísí fálaithe agus maoiniú Dolar SAM a sholáthar do chuideachtaí an ghrúpa. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go bpléann an chuideachta le méid mhór bearta fálaithe gach mí. Tá an chuideachta freagrach as maoiniú an ghrúpa, as gníomhaíochta pleanála airgeadais agus as airgeadas inghrúpa. Tá an saineolas, na scileanna agus an taithí riachtanach ag Bord na Stiúrthóirí agus ag na fostaithe Éireannacha le gníomhaíochta na cuideachta a chur i gcrích. |
| 106 |
Iúil-11 |
1 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le seirbhísí Cisteáin a sholáthar do chuideachtaí an Ghrúpa. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go bhfuil an chuideachta freagrach as idirbheartú, faireachas agus daingniú an mhaoiniú le haghaidh iasachtaí an Ghrúpa. Tá fostaí bunaithe in Éirinn, leis an saineolas, na scileanna agus an taithí ábhartha earcaithe le hobair Chisteán an Ghrúpa a dhéanamh. |
| 107 |
Iúil-11 |
6 laistigh den chéad 18 mí. |
Cuideachta bunaithe le Maoin Intleachtúil a fháil ó chuideachtaí cleamhnaithe an ghrúpa agus iad a shaothrú. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go bhfuil fostaithe Éireannacha leis na scileanna, an saineolas agus an taithí ábhartha earcaithe. Beidh an chuideachta freagrach as deiseanna ionchasacha a lorg le ceadúnú táirgí MI a shaothrú agus deiseanna forbartha a lorg go domhanda . |
| 108 |
Meán Fómhair-11 |
5-15 laistigh den chéad 12 mí |
Cuideachta bunaithe le seirbhísí tráchtála, airgeadais agus bainistiú dlíthiúil a sholáthar do chuideachta an Ghrúpa atá lonnaithe sn Eoraip. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go bhfuil na scileanna, an saineolas, an taithí agus an t-údarás ag na fostaithe atá lonnaithe in Éirinn le gníomhaíochtaí beartaithe na cuideachta a dhéanamh. Tá an chuideachta freagrach as bainistiú tráchtála, airgeadais agus dlíthiúil gach tionscadal nua de chuid an ghrúpa a dhéanamh. |
| 109 |
Lúnasa-11 |
Neamhluaite |
Cuideachta bunaithe le feidhmiú mar ainmní nó mar gníomhaire don phríomhchuideachta. |
Níl cinneadh déanta. |
Ní dhearnadh aon chinneadh sa chás seo mar nach bhfuil gníomhaíochta na cuideachtaí Éireannaigh faighte amach go cruinn. Ní thugtar tuairimí maidir le rangú gníomhaíochtaí mar thrádáil ach i gcásanna ina bhruil sé soiléir ó na fíricí, mar atá imlínithe, go mbeidh gníomhaíochtaí trádála á ndéanamh ag cuideachta. |
| 110 |
Meán Fómhair-11 |
Neamhluaite |
Cuideachta bunaithe le gnó léasú aerárthach a rith. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go mbeadh an chuideachta freagrach as gach cinneadh maidir le haerthárthaigh a fháil, a cheannach agus a léasú. |
| 111 |
Meán Fómhair-11 |
Neamhluaite |
Cuideachta bunaithe le maoiniú a sholáthar le líon aerárthach a fháil faoi léasuithe airgeadais. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go mbeadh an chuideachta freagrach as gach cinneadh maidir le líon aerárthach a fháil faoi léasanna airgeadais. |
| 112 |
Deireadh Fómhair-11 |
10 ar dtús ag ardú go 20 faoi dheireadh 2011 |
Cuideachta bunaithe le bainistiú gníomhach a dhéanamh ar phunann infheistíochta an ghrúpa. Beidh an chuideachta freagrach freisin as tiomsú seachtrach airgid don ghrúpa. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go mbeidh an gnó á bhainistiú go gníomhach ag an gcuideachta agus go ndéanfaidh foireann bunaithe in Éirinn an chinnteoireacht straitéiseach maidir le gníomhaíocht bainistiú an phunann infheistíochta. |
| 113 |
Samhain-11 |
25 ar dtús |
Cuideachta bunaithe le seilbh a choinneáil ar Mhaoin Intleachtúil táirge de chuid an ghrúpa. Beidh an chuideachta freagrach as an táirge a dhéanamh agus a dhíol. |
Cás 1 deimhnithe |
Cás 1 deimhnithe ar an mbonn go bhfuil an chuideachta freagrach as déantúsaíocht agus díol an táirge agus go mbeidh lucht foirne leis na scileanna, an saineolas agus an taithí ábhartha rannpháirteach i ndéantúsaíocht agus i ndíol an táirge. |