Ráiteas Inrochtaineachta
Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta do shuíomhanna idirlín a chur ar fáil atá insroichte ag an méid is mó daoine agus is féidir gan bacaint leis an teicneolaíocht atá acu nó a gcumas.
Táimid ag obair chun an inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suíomh Gréasáin a mhéadú. Trí sin a dhéanamh táimid ag cloí leis an gcuid is mó de na caighdeáin agus na treoirlínte a bhfuil ar fáil.
Bhronn an tÚdarás Náisiúnta Míchumais An Dámh um Fheabhas trí Ionrochtaineacht
ar na Coimisinéirí Ioncaim ag Leibhéal Ardchaighdeáin sa bhliain 2007.
I mí na Nollag 2008, láinseáileamar an leagan reatha de shuíomh gréasáin Revenue.ie. Dearadh an suíomh seo le hinrochtaineacht in intinn ón tús, ag leanúint ní amháin riachtanais na gcaighdeán atá leagtha amach thíos, ach le rudaí eile freisin, mar shampla:
- Aibhsiú fócais ionas go ndéantar nascleanúint méarchláir níos easca.
- Nascthéacs bríoch
- Naisc “Téigh chuig ábhar” ar mhaithe le nascleanúint closáin níos sciobtha
Sonraí teagmhála Oifigigh Rochtana na gCoimisinéirí Ioncaim
Formáidí an Doiciméid
Tá roinnt eolais ar fáil i bhformáid FDI (= PDF) ar an láithreán gréasáin. Osclaíonn doiciméid FDI i mbogearra eile mar shampla Adobe Reader
atá ar fáil go forleathan; - tá bogearraí den chineál seo suiteáilte cheana féin ar an gcuid is mó de ríomhairí nua. Baineann doiciméid FDI nua úsáid as FDI "lipéadaithe" a bhfuil teacht níos fearr air, cé go bhfuil roinnt seandoiciméad níos sine ná an fhormáid seo agus go bhfuil siad dílipéadaithe. Go tipiciúil, baintear leas as FDI toisc go bhfuil leagan amach clóite beacht ag teastáil ón doiciméad, mar shampla foirmeacha, nó do cháipéisí tagartha móra áit nach mbeadh an líon úsáideoirí mór go leor chun an obair bhreise a chosaint. Bheadh orthu é a lámhthiontú go xHTML so-rochtana.
I gcás go bhfuil deacrachtaí agat le formáid aon doiciméad agus go bhfuil eolas uait i bhformáid leictreonach eile, le do thoil cuir ar an eolas muid agus déanfaimid ár ndícheal leagan a bhfuil teacht níos fearr air a sholáthar. Ba cheart aon iarratais a chur ar aghaidh chuig webmaster@revenue.ie Má tá eolas uait i gcló mór, clostéip nó i mBraille, le do thoil déan teagmháil le hOifigeach Rochtana na gCoimisinéirí Ioncaim
Tionscnamh Inrochtaineachta an Gréasán
Tá an láithreán gréasáin seo ag iarraidh inrochtaineacht “Trí-A” a bhaint amach i dtaca le Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhair Ghréasáin 1.0 (WCAG 1.0
), de chuid Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C), ag baint úsáid as teicnící dea-chleachtais áit a bhfuil seicphointí Tosaíocht a 3 as dáta.
Míníonn WCAG 1.0 conas ábhar ón ngréasán a dhéanamh níos so-rochtana do dhaoine faoi mhíchumais. Trí chloí leis na treoirlínte déantar an Gréasán níos éasca le haghaidh an úsáideora.
Caighdeáin W3C
Tógadh an suíomh seo ag baint úsáid as cód a chloíonn le caighdeáin W3C do xHTML agus CSS. Taispeántar an suíomh i gceart sna brabhsálaithe reatha agus tá sé i gcomhréir le móramh na mbrabhsálaithe a cuireadh ar fáil ó 2002. Baineann sé leas as caighdeáin a chloíonn le cód xHTML/CSS rud a chiallaíonn go mbeidh aon bhrabhsálaí sa todhchaí in ann é a thaispeáint i gceart.
Eisceachtaí
Cé go gcloíonn na Coimisinéirí le treoirlínte na hinrochtaineachta agus na hinúsáideachta níl sé i gcónaí indéanta cloí go hiomlán le gach seicphointe. Tá brabhsálaithe agus teicneolaíochtaí rochtana tar éis cuid mhaith de na seandeacrachtaí a shárú, san áit a mbíodh treoirlínte ag teastáil chun iad a shárú tráth, agus mar gheall air sin níl gá le roinnt seicphointí anois.
Mar gheall air seo, táimid i gcónaí ag iarraidh teacht ar réitigh chun a chinntiú go gclaíonn an láithreán gréasáin le spiorad gach seicphointe, agus ardchaighdeán inrochtaineachta agus inúsáideachta a thabhairt tríd an láithreán gréasáin. Tá na heisceachtaí a leanas ar aon dul leis an leagan nua de threoirlínte na hinrochtaineachta, a eiseofar go luath.
Réimsí Réamh-líonta d'Fhoirmeacha
Molann Seicphointe 10.4
de chuid an WCAG 1.0 gur cheart go mbeadh réimsí téacs i bhfoirmeacha réamh-líonta le téacs go dtí gur féidir le gníomhairí úsáideora (mar brabhsálaithe nó léitheoirí scáileáin) réimsí téacs a aithint nach bhfuil téacs réamhshocraithe ann.
Léiríonn tástáil na n-úsáideoirí, agus fianaise ónár staitisticí gréasáin, nach bhfuil gá leis seo anois ó thaobh na hinrochtaineachta de. Léiríonn taighde gur féidir le réimsí téacs réamhshocraithe deacrachtaí a chruthú do roinnt léitheoirí scáileáin nua-aimseartha; mar sin, ní chuireann muid iad san áireamh.
Eochracha Rochtana
Molann Seicphointe 9.5
go soláthrófaí aicearraí méarchláir chuig nascanna tábhachtacha, a dtugtar "eochracha rochtana" orthu go minic. Chruthaigh siad seo fadhbanna áfach, agus léirigh tástálacha a rinneamar féin agus eagrais eile go bhfuil sé níos fearr gan iad a chur ar láithreáin ghréasáin phoiblí.
Straitéis na Todhchaí
- Beidh chuile rud nua a fhoilsítear ar an láithreán gréasáin go hiomlán insroichte.
- Beidh sé mar aidhm againn ábhar a scríobh atá níos éasca le haghaidh an úsáideora agus atá dírithe ar an gcustaiméir.
- Laghdóimid líon na ndoiciméad a fhoilsítear in FDI agus leanfaimid orainn ag aistriú na leaganacha oiriúnacha FDI go HTML.
- Chun tiomantacht na gCoimisinéirí Ioncaim a léiriú maidir le hinrochtaineacht a sholáthar agus a chaomhnú, beidh athbhreithniú inrochtaineachta bliantúil againn agus tabharfaimid faoi na ceisteanna a thagann aníos.
Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta d'inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin a chaomhnú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi. Mar chuid den phróiseas seo cuirimid lánfháilte roimh thuairimí, moltaí agus sonraí mar gheall ar fhadhbanna na n-úsáideoirí. Má bhíonn fadhb ar bith agat leis an suíomh gréasáin seo, le do thoil déan teagmháil linn ag webmaster@revenue.ie.
