Ioncam ó dhíbhinní

Is éard is díbhinní ann ná íocaíochtaí a dhéanann cuideachta leat mar luach saothair as scair a bheith agat sa chuideachta. Tá íocaíochtaí díbhinne incháinithe agus ní mór duit an t-ioncam seo a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Má fhaigheann tú íocaíochtaí nár gearradh cáin orthu faoi Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) agus má tá iomlán na n-íocaíochtaí:

  • níos lú ná €5,000 in aghaidh na bliana, bain úsáid as moChúrsaí chun an ioncam seo a dhearbhú ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 12)
  • níos mó ná €5,000 in aghaidh na bliana, ní mór duit clárú le haghaidh an córais féinmheasúnaithe. Nuair a chláraíonn tú, tíolaic do thuairisceán cánach (Foirm 11) ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Tabhair do d’aire

Cuirtear ioncam ó dhíbhinní le d’ioncam eile. Braitheann an ráta Cánach Ioncaim a íocann tú ar d’ioncam iomlán agus ar do chúinsí pearsanta. Tá ioncam ó dhíbhinní faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Díbhinní a íocann cuideachtaí cónaitheacha Éireannacha

Má tá tú i do chónaí in Éirinn, bainfear Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID) ag ráta 25% sula bhfaigheann tú na híocaíochtaí.

Tá tú dliteanach le haghaidh cánach ar shuim chomhlán ag do ráta cánach imeallach. Ag brath ar do chúinsí pearsanta, íocfaidh tú Cáin Ioncam ag an:

  • An ráta caighdeánach (20% faoi láthair) ar ioncam faoi an banda ráta
  • agus
  • An t-ardráta (40% faoi láthair) ar iarmhéid ar bith.

Tá tú i dteideal creidmheas le haghaidh an cáin iarchoimeádta a rinne an cuideachta a d’íoc an díbhinn. Má sáraíonn iarmhéid an cáin iarchoimeádta do dhliteanas cánach, beidh tú i dteideal aisíocaíocht.

Díbhinní a íocann cuideachtaí na Ríochta Aontaithe

Íocann tú cáin Éireannach ar an díbhinn ghlan a fhaigheann tú. Ní cheadaítear aon chreidmheas i leith aon cháin na Ríochta Aontaithe a asbhaineadh cheana ón íocaíocht díbhinne.

Ní mór duit an glan-íocaíocht a fuarthas a thiontú go Euro agus í a dhearbhú ar do thuairisceán Cánach Ioncaim Éireannach.

Díbhinní Eachtracha Eile

Tá tú dliteanach le haghaidh cáin ar shuim chomhlán ag do ráta cánach imeallach.

Féadfaidh an dlínse eachtrach a íocann an díbhinn cáin a choinneáil siar ar an díbhinn a íocadh. Féadfaidh sé go bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte (CCD) i bhfeidhm idir Éire agus an dlínse eachtrach. Nuair a bhíonn, féadfaidh an CCD a fhoráil go laghdaítear an ráta iarchoimeádta i gcúinsí áirithe. Féadfaidh an CCD faoiseamh a sholáthar freisin maidir le cáin eachtrach iarchoimeádta ar an díbhinn a fuarthas.

D’fhéadfadh Cáin Réadaithe a gearradh ar díbhinní eachtracha faighte ag duine aonair atá cónaitheach in Éirinn ó thaobh na cánach de. Tá tú i dteideal creidmheas in aghaidh do dhliteanas Cánach Ioncaim le haghaidh an Cáin Réadaithe