ÍMAT Fostóra
Is é atá sa chóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) ná modh asbhainte cánach faoina ríomhann agus faoina n-asbhaineann fostóir aon cháin ioncaim atá dlite gach uair a dhéantar íocaíocht phá, thuarastail srl. le fostaí.
Chomh maith leis sin, tá dualgas ar fhostóirí aon dliteanas i leith Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus i leith tobhach ioncaim a ríomh agus a asbhaint.
Ní mór duit clárú le haghaidh ÍMAT/ÁSPC má íocann tú:
- €8.00 in aghaidh na seachtaine (€36.00 sa mhí) nó níos mó, le fostaí nach bhfuil aige/aici ach aon fhostaíocht amháin
- €2.00 in aghaidh na seachtaine (€9.00 sa mhí) nó níos mó, le fostaí a bhfuil níos mó ná fostaíocht amháin aige/aici.
Ní mór do chuideachta clárú mar fhostóir agus ÍMAT/ÁSPC a oibriú ar phá stiúrthóirí fiú mura bhfuil aon fhostaithe eile.
Chun clárú le haghaidh ÍMAT/ÁSPC ní mór duit ceann de na foirmeacha seo a leanas a líonadh:
PREM Reg
- Foirm chláraithe chánach d'fhostóirí (ÍMAT/ÁSPC) (PDF, 189KB)
Foirm
Chláraithe TR1 más duine aonair nó páirtnéireacht (PDF, 77KB)
TR2 más ag
trádáil mar chuideachta atáthar (PDF, 75KB)
Is féidir na foirmeacha seo a úsáid freisin chun clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL). Nuair a dhéanann tú an fhoirm a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig d'oifig Ioncaim áitiúil, gheobhaidh tú deimhniú go bhfuil tú cláraithe mar fhostóir, mar aon le huimhir chláraithe chun críocha ÍMAT agus eolas mionsonraithe maidir le hoibriú ÍMAT/ÁSPC.
