Seirbhísí Airgeadais

Tugadh isteach an "réimeas cánach ollmhéadaithe" leis an Acht Airgeadais 2000 i leith infheistíochtaí arna ndéanamh i nGnóthas Infheistíochta agus i bpolasaithe Árachais Saoil araon. Go bunúsach, ligtear do na hinfheistíochtaí a bheith ag méadú saor ó cháin go dtí go dtarlaíonn teagmhas inmhuirearaithe. Gearrtar cáin scortha ar aon ghnóchan a fhabhróidh idir an dáta fála agus dáta an teagmhais inmhuirearaithe. Tugtar díolúine ón cháin scortha do roinnt eintiteas agus pearsana aonair tríd an bhfoirm dearbhaithe is cuí dá n-imthosca féin a chomhlánú. Níl an fhormáid a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim d’Fhoirmeacha Dearbhaithe den sórt sin le fáil ach amháin san Aguisín leis na Treoirlínte dá dtagraítear thíos.

Tá Treoirlínte Ginearálta chun cáin dlite a ríomh agus chun foirmeacha dearbhaithe a chomhlánú do réimeas na nGnóthas Infheistíochta - Meitheamh 2009 agus do réimeas an Árachais Saoil - Aibreán 2008 araon - ar fáil via na naisc thíos.

Tá foirmeacha a bhaineann go sonrach le Gnóthais Infheistíochta ar fáil freisin via na naisc thíos.

  • pdfFoirm IU(3e) (PDF, 521KB) - Formáid aontaithe Tuarascála Roghnaithe "De Minimis" le Gnóthas Infheistíochta – tagraíonn Alt 739E(2A)(a)(ii), an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 do
  • pdfFoirm CCF1 (PDF, 611KB) - Formáid aontaithe Tuarascála Comhchiste Conarthach - tagraíonn Alt 739I do
  • pdfFoirm EUT1 (PDF, 195KB) - Ráiteas de réir Iontaobhais Aonad (Díolmhaithe) don Bhliain na Measúnachta

Idirbhearta Airgeadais Sonraithe

Faoin Acht Airgeadais 2010 tugadh isteach córas chun cáin a ghearradh ar idirbhearta airgeadais áirithe Ioslamacha faoi mar a ghearrtar cáin ar ghnáth-idirbhearta airgeadais.

Tá nótaí treorach maidir le conas a dhéileáiltear le cáin i gcás Idirbhearta Airgeadais Ioslamacha ar fáil tríd an nasc thíos.

Tá foirmeacha a bhaineann go sonrach le hIdirbhearta Airgeadais Ioslamacha ar fáil trí na naisc thíos.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)


Leagan furasta le priontáil