Nochtadh a Dhéanamh

Scarbhileog ríomha um cháin ioncaim ag an ráta ard

Tá na scarbhileoga atá ceangailte á soláthar chun cabhrú le cáiníocóirí ar mian leo nochtadh a dhéanamh maidir le mainneachtain cháin ioncaim. Ríomhfaidh na scarbhileoga cáin ioncaim, PRSI agus tobhaigh atá dlite de cháiníocóir féinfhostaithe, a bhfuil iomlán a chuid ioncaim neamhnochtaithe inchánach ag an ráta níos airde nó is airde sna blianta uile, agus atá faoi dhliteanas PRSI agus tobhaigh a íoc ar a ioncam neamhnochtaithe sna blianta uile Tá bileoga oibre ar leith do cháiníocóirí féinfhostaithe agus PAYE.

Taispeánann an excel"scarbhileog ríomha shamplaigh" (MS Excel, 40KB) dliteanas duine aonair a raibh ioncam neamhnochta de IR10,000 i 1988/89, IR20,000 i 1994/95, agus €50,000 in 2003. Roghnaíodh na blianta seo chun ríomh cánach a thaispeáint i mbliain nach féidir pionóis a mhaolú inti; ríomh i mbliain ina raibh stádas dlíthairisceana ag Puint éireannacha agus inar féidir pionóis a mhaolú, agus ríomh i mbliain ina bhfuil stádas dlíthairisceana ag € agus inar féidir pionóis a mhaolú.

Chun an cháin, an t-ús agus an dliteanas pionóis a ríomh, cuirtear na figiúirí le haghaidh ioncaim neamhnochta isteach faoi mar a thaispeántar:

  • do 1988/89, 10,000 i gcill B8;
  • do 1994/95, 20,000 i gcill B14;
  • agus do 2003, 50,000 i gcill B28.

[Tabhair faoi deara go gcaithfidh na méideanna a chuirtear isteach a bheith i bpuint éireannacha do bhlianta suas go dtí 2001, agus i €anna do bhlianta ó 2002 ar aghaidh.]

Ríomhann an scarbhileog go huathoibríoch an cháin ioncaim atá dlite ag an leibhéal níos airde nó is airde, móide PRSI agus tobhaigh: 59% i 1989/90, 50.25% i 1994/95, 47% i 2003 do cháiníocóirí féinfhostaithe, agus 44% in 2003 do cháiníocóirí PAYE.

Ríomhtar an t-ús reachtúil atá dlite trí thagairt do dháta an lae inniu (is é sin, an dáta ar a líonann tú an scarbhileog). Nuashonraíonn an scarbhileog go huathoibríoch chuig dáta an lae inniu.

Sa excel"Ríomh samplach" (MS Excel, 40KB), ríomhtar an pionós ar an mbonn go bhfuil an duine aonair i dteideal na sochar a ghabhann le nochtadh cáilitheach. Ina leithéid de chásanna déantar an pionós as gearríocaíocht chánach do bhlianta cánach ó 1991/92 ar aghaidh, a mhaolú chuig 10% den cháin dlite. Ní féidir an pionós do bhlianta roimhe a mhaolú. Is féidir le cáiníocóirí ina leithéid de chás úsáid a bhaint as an *scarbhileog um phionós 10% chun a ndliteanais a ríomh.

Taispeánann an excel"Ríomh samplach" (MS Excel, 40KB), an figiúr dliteanais do chúinsí inarb amhlaidh nach féidir leis an duine aonair nochtadh cáilitheach a dhéanamh agus nach féidir an pionós a mhaolú ach go dtí 75% den cháin atá dlite. [Tá roinnt cáiníocóirí ann nach bhfuil cead acu leas a bhaint as na sochair a ghabhann le nochtadh cáilitheach toisc, mar shampla, go mb'fhéidir go mbaineann siad le haicme daoine a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim orthu, nó go mb'fhéidir go ndearna siad nochtadh easnamhach cheana. Maidir le heolas faoi cháiníocóirí nach bhfuil cead acu nochtadh cáilitheach a dhéanamh, féach ar an pdfCode of Practice for Revenue Audit (PDF, 1.24MB).

Is féidir le cáiníocóirí ina leithéid de chás úsáid a bhaint as an *scarbhileog um phionós 75% (MS Excel, 52KB) chun a ndliteanais a ríomh.

Tá gach ceann de na bileoga inscríofa ceangailte le áireamhán úis reachtúil, a ríomhann an t-ús ón dáta ar a bhfuil an cháin iníoctha go dtí an dáta ar a n-íoctar í. Téann na lánfhigiúirí ráta úis ón mbileog seo ar ais chuig na rátaí úis ar na bileoga inscríofa. Taispeántar an "t-áireamhán úis reachtúil" leis an "ríomh samplach".

excelBileog ríomha shamplaigh (MS Excel, 40KB)

*Bileog um Ríomh Pionóis 10%

*Bileog um Ríomh Pionóis 75%

* Tá leagan nuashonraithe de na na scarbhileoga thuasluaite a ullmhú ag an am seo

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil