Cáin Ghnóthachan Caipitiúil agus Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte

Foráiltear leis an Acht Airgeadais 2007 go dtabharfaidh Éire faoiseamh creidmheasa (faoiseamh aontaobhach creidmheasa) ar cháin arna híoc ar ghnóthachain chaipitiúla i dtíortha áirithe. Is iad an Bheilg, an Chipir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeapáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phacastáin agus an tSaimbia na tíortha atá i gceist. Sna cásanna seo tá conradh cánach ag Éirinn atá dátaithe roimh theacht isteach don cháin ghnóthachan caipitiúil sa Stát.

Sa chás go bhfuil duine aonair nó cuideachta inmhuirearaithe i leith cánach in Éirinn i dtaca le gnóthachan caipitúil de agus go ngearrtar cáin ar an ngnóthachan sa tír eile freisin, foráiltear leis an Acht Airgeadais 2007 go gcuirfear an cháin choigríche arna híoc chun creidmheasa na cánach gnóthachan caipitiúil Éireannaí.


Leagan furasta le priontáil