Foirm P45 a Chomhlánú
Sa chás go mbíonn breis agus tréimhse amháin fostaíochta ag fostaí leis an bhfostóir céanna sa bhliain chánach:
- Ní mór 'Dáta Tosaithe' na tréimhse fostaíochta is déanaí a bheith comhlánaithe ar an P45
- Níor chóir ach na sonraí pá agus cánach maidir leis an tréimhse fhostaíochta seo is déanaí leis an gcuideachta a iontráil ag '(b) Má thosaigh fostaíocht ó 1 Eanáir seo caite, iontráil Pá agus Cáin a asbhaineadh (nó Cáin a aisíocadh) don tréimhse fhostaíochta seo amháin'
- Ba chóir an Pá agus an Cháin Iomlán ó gach fostaíocht sa tréimhse 1 Eanáir go dtí an dáta scoir is déanaí (ag cur fostóirí eile san áireamh más ann dóibh) a iontráil ar an P45 ag '(a) Pá & Cáin Iomlán a asbhaineadh ó 1 Eanáir seo caite go dtí an Dáta Scoir' '
Sampla
D'oibrigh fostaí ar feadh 2 thréimhse fhostaíochta leis an bhfostóir céanna i 2010.
Tréimhse 1: 1 Eanáir go 25 Márta 2010
Tréimhse 2: 10 Meitheamh go 15 Meán Fómhair 2010
Imíonn an fostaí ar an 15 Méan Fómhair tar éis an 2ú tréimhse fhostaíochta agus comhlánaíonn an fostóir an P45 mar seo a leanas:
- Dáta Tosaithe - 10 Meitheamh 2010 (i bhformáid LL/MM/BB)
- Dáta Scoir - 15 Meán Fómhair 2010 (i bhformáid LL/MM/BB)
- Níor chóir ach figiúr Pá an fhostaí don tréimhse fhostaíochta ó 10 Meitheamh go dtí 15 Méan Fómhair amháin a iontráil ag '(b) Pá (an fhostaíocht seo)'
- Níor chóir ach figiúr Cánach an fhostaí don tréimhse ó 10 Meitheamh go dtí 15 Méan Fómhair amháin a iontráil ag '(b) Cáin a Asbhaineadh nó Cáin a Aisíocadh'
- Ba chóir an Pá agus an Cháin Iomlán ó gach fostaíocht sa tréimhse 1 Eanáir go dtí 15 Meán Fómhair (ag cur fostóirí eile san áireamh más ann dóibh) a iontráil ar an P45 ag '(a) Pá & Cáin Iomlán a asbhaineadh ó 1 Eanáir seo caite go dtí an Dáta Scoir'
Ba chóir go mbeadh suim na míreanna seo a leanas san áireamh san fhigiúr Pá Iomlán:
Pá do Thréimhse 1: 1 Eanáir go 25 Márta 2010
Sonraí pá ó fhostaíocht(aí) eile: 26 Márta 2010 go 09 Meitheamh 2010 (más ann dóibh)
Tréimhse 2: 10 Meitheamh go 15 Meán Fómhair 2010
