Taifid a Choimeád agus Iniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim

Leabhair agus Taifid a Choimeád

An bhfuil oibleagáid orm taifid a choimeád chun críocha cánach?

TÁ. Ní mór duit taifid chruinne iomlána a choimeád ar do ghnó ón tús. Is rud é seo a chaithfidh tú a dhéanamh, is cuma má chuireann tú achoimre shimplí ar do bhrabús/do chaillteanas isteach, nó má réitíonn tú na cuntais thú féin, nó má dhéanann cuntasóir duit é. Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú go gcaithfidh na figiúir atá i do chuntais, i d'achoimre ar bhrabúis/ar chaillteanais, nó i do thuairisceáin chánach a bheith ceart. Caithfidh na taifid a choimeádann tú a bheith dóthanach go leor le go mbeidh ar do chumas tuairisceán ceart a dhéanamh ar ioncam chun críocha cánach.

Bíodh sé i gcuimhne agat go mb'fhéidir go mbeidh ort taifid a choimeád ar chúiseanna nach mbaineann le cáin. B'fhéidir go mbeadh do bhanc, mar shampla, ag iarraidh do chuntais a fheiceáil má chuireann tú iarratas isteach ar iasacht ghnó.

Cá fhad a chaithfidh mé taifid a choimeád?

Ní mór duit do chuid taifead a choimeád ar feadh sé bliana ach amháin sa chás go gcuireann do Chigire Cánach malairt chomhairle ort.

Iniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Thuairisceáin, ar Leabhair agus ar Thaifid

Cad is Iniúchóireacht de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ann?

Is éard atá in iniúchóireacht de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ná cros-seiceáil idir an fhaisnéis agus na figiúir a thaispeánann tú i do thuairisceáin chánach agus na cinn a thaispeántar i do thaifid ghnó.

Clúdaíonn iniúchóireacht de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim na cineálacha tuairisceán cánach seo a leanas:

  • Tuairisceáin ar Cháin Ioncaim, ar Cháin Chorparáide nó ar Cháin Ghnóthachan Caipitiúil agus/nó
  • Na tuairisceáin a chuirtear isteach maidir le CBL, ÍMAT/ÁSPC nó Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI).

Ar ais go barr

Conas a roghnaítear cáiníocóirí le haghaidh iniúchóireachta?

Úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim trí mhodh roghnúcháin. Is iad sin:

Tuairisceáin chánach a scagadh:

Roghnaítear formhór mór na gcásanna iniúchóireachta ar an mbealach seo. Is éard atá sa scagadh ná hiniúchadh ar na tuairisceáin a rinne cáiníocóirí éagsúla agus athbhreithniú ar a gcúlra maidir le comhlíonadh cánach. Déantar anailís ar na figiúirí ansin i bhfianaise na dtreochtaí agus na bpatrún atá le sonrú sa ghnó nó sa ghairm sin ar leith, agus déantar iad a mheas i ndáil le heolas eile atá ar fáil.

Tionscadail ar earnálacha gnó:

Ó am go ham, tugtar faoi thionscadail chun iniúchadh a dhéanamh ar leibhéil chomhlíonta cánach i gceirdeanna nó i ngairmeacha ar leith. Déantar mionscagadh ar na tuairisceáin do líon mór cáiníocóirí in earnáil ar leith agus roghnaítear cion díobh le haghaidh iniúchóireachta.

Roghnú randamach:

Anuas ar an chéad dá mhodh tugtar faoin roghnú randamach. Ciallaíonn sin go bhfuil an seans ann go ndéanfaí iniúchóireacht ar aon cháiníocóir ar leith. Gach bliain, roghnaítear cion beag de chásanna iniúchóireachta tríd an modh seo.

Ar ais go barr

Cén t-eagar a bheidh ar an iniúchóireacht?

Go hiondúil, cuimsíonn iniúchóireacht sraith céimeanna mar a leanas:

  • Ar theacht i láthair don iniúchóir, déanfaidh sé/sí é/í féin a chur in aithne duit agus cúis na hiniúchóireachta a mhíniú duit. Cuirfear in iúl duit freisin cá fhad a shíleann an t-iniúchóir go mbeidh sé/sí i láthair ag d'áitreabh.
  • Tabharfar deis duit aon mhíchruinneas i do thuairisceán cánach a nochtadh don iniúchóir.
  • Déanfaidh an t-iniúchóir iniúchadh ar do leabhair agus ar do thaifid chun a fhíorú gur ríomhadh na figiúirí i gceart agus go bhfuil na tuairisceáin chánach agus/nó na dearbhuithe do na cánacha éagsúla ceart chomh maith.
  • Má mheasann an t-iniúchóir go bhfuil na tuairisceáin ceart den chuid is mó, mar is minic a tharlaíonn, déarfar an méid sin leat a luaithe is a bheidh sé soiléir.
  • Má mheasann an t-iniúchóir go bhfuil coigeartuithe ag teastáil, cuirfidh sé/sí na coigeartuithe agus an cháin bhreise i bhfigiúir. Pléifear leat go baileach conas mar a éiríonn an cháin bhreise agus cuirfear sin in iúl duit i scríbhinn freisin.
  • San agallamh deireanach, iarrfaidh an t-iniúchóir ort go n-aontóidh tú leis an bhfigiúr don socrú iomlán.
  • Ar aontú an fhigiúir, ba cheart an tsuim iomlán a íoc leis an iniúchóir, a thabharfaidh admháil duit.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil