Ag Clárú do Cháin

Conas a chláraím le haghaidh cánach?

Ní mór duit an oifig chánach a chur ar an eolas nuair a thosaíonn tú i mbun gnó. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí cheann de na foirmeacha seo a líonadh:

Tá na foirmeacha seo ar fáil ó aon Oifig Ioncaim, agus is féidir iad a úsáid chun clárú le haghaidh aon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas:

  • Cáin Ioncaim
  • ÍMAT/ÁSPC Fostóra
  • Cáin Bhreisluacha
  • Cáin Chonarthaí Iomchuí

Má tá tú ag bunú cuideachta is cóir duit pdfFoirm TR2 - Foirm chláraithe chánach do chuideachtaí (PDF, 75KB) a líonadh. Is féidir í seo a úsáid chun clárú le haghaidh aon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas:

Go gairid tar éis cláraithe, is féidir go dtabharfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim cuairt ort, nó is féidir leat é seo a iarraidh, chun cabhrú leat an córas cánach a oibriú. Déileálfar le haon deacrachtaí nó ceisteanna agus tabharfar cúnamh ginearálta chun cabhrú leat do dhualgais chánach a chomhlíonadh. Is féidir leat "Cuairt um Chuideachta Nua" a iarraidh ar d'Oifig Ioncaim áitiúil.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil