Imréiteach Cánach

Deimhnithe Imréitigh Cánach

Is éard atá sa Deimhniú Imréitigh Cánach ná dearbhú i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cúrsaí cánach duine in ord ar dháta eisiúna an Deimhnithe. I gcásanna áirithe, is féidir go n-eiseofar Deimhniú do chustaiméir a bhfuil riaráistí cánach aige/aici, ar choinníoll go gclúdaítear na riaráistí sin faoi chomhaontú tráthchoda arna chomhaontú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Is i gcomhthéacs duine a bheith ag iarraidh airgead a fháil ón Stát (m.sh. conarthaí nó deontais Rialtais) nó ceadúnas a fháil (m.sh. ceadúnas máil, ceadúnas iompair ar bhóthar) is iondúil a éiríonn an ceanglas Deimhniú Imréitigh Cánach a sholáthar, ach is féidir go n-éireoidh sé i gcásanna eile freisin (m.sh. de réir an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, cuireadh an ceanglas le haghaidh imréitigh cánach i bhfeidhm ar dhaoine a thoghtar don Dáil nó don Seanad, ar cheapaithe breithiúnacha agus ar dhaoine a cheaptar chuig oifigí sinsearacha). Amach ó chásanna ina bhfuil ceanglas faoin dlí ar dhuine Deimhniú Imréitigh Cánach a sholáthar, tá na Coimisinéirí Ioncaim in ann Deimhniú a eisiúint do chustaiméir ar bith a bhfuil a c(h)úrsaí cánach in ord.

Ar ais go barr

Déan Iarratas ar Líne ar Imréiteach Cánach

Déan iarratas ar líne ar dheimhniú imréitigh cánach ginearálta

Tabhair do d'aire: Ní bhaineann an tseirbhís seo le hiarratasóirí neamhchónaitheacha agus ÍMAT nach bhfuil cláraithe i gcomhair cánach Éireannaí ná le hiarratasóirí faoi Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (CIOP).

Is féidir le hiarratasóirí ÍMAT pdfTC11 - Iarratas ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ÍMAT (PDF, 65KB) a íoslódáil. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig do Cheantar Áitiúil Ioncaim.

Is féidir le hiarratasóirí CIOP pdfTC (SIPO) - Iarratas chuig an Ard-Bhailitheoir ar dheimhniú imréitigh cánach de réir an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 (PDF, 34KB) a íoslódáil.

Ba chóir d'iarratasóirí CIOP a n-iarratais a sheoladh ar ais chuig:

Aonad CIOP,
Teach an tSáirséalaigh,
Sráid Phroinséis,
Luimneach
Fón: Íosglao 1890 203070
Ríomhphost chuig sipo@revenue.ie

Is féidir le hiarratasóirí neamhchónaitheacha pdfTC1 - Foirm Iarratais ar Dheimhniú Imréitigh Cánach (PDF, 259KB) a íoslódáil. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar aghaidh chuig an seoladh cuí, ag féachaint do na catagóirí d'iarratasóirí neamhchónaitheacha a sonraítear thíos

Tá trí chatagóir d'iarratasóirí neamhchónaitheacha ann:

  • Maidir le hiarratasóirí neamhchónaitheacha atá cláraithe i gcomhair cánach Éireannaí ach nach bhfuil buanáit ghnó bhunaithe acu sa Stát, ní mór dóibh cur isteach ar imréiteach cánach ag Ceantar Ioncaim Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, 9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath 1 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig dubcitycentretaxclearance@revenue.ie.
  • Maidir le hiarratasóirí neamhchónaitheacha atá cláraithe i gcomhair cánach Éireannaí agus a bhfuil buanáit ghnó bhunaithe acu sa Stát, ní mór dóibh cur isteach ar imréiteach cánach ag an gCeantar Ioncaim a bhfuil an áit ghnó lonnaithe ann. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig do Cheantar Áitiúil Ioncaim.
  • Maidir le hiarratasóirí neamhchónaitheacha nach bhfuil cláraithe i gcomhair cánach Éireannaí ná nach bhfuil buanáit ghnó bhunaithe acu sa Stát [i.e. trádálaithe eachtracha], ní mór dóibh cur isteach ar imréiteach cánach ag an Aonad do Neamhchónaitheoirí, Oifig an Ard-Bhailitheora, Teach an tSáirséalaigh, Sráid Phroinséis, Luimneach nó trí ríomhphost chuig nonrestaxclearance@revenue.ie

Nóta:
Is é an tAonad do Neamhchónaitheoirí in Oifig an Ard-Bhailitheora a dhéanann próiseáil ar gach iarratas ar Dheimhniú Imréitigh Cánach don chatagóir dheireanach sin thuas.

Má éilíonn cineál an chonartha go mbeadh an t-iarratasóir neamhchónaitheach cláraithe chun críocha cánach Éireannaí agus má tá buanáit bhunaithe acu sa Stát, ba chóir don iarratasóir teagmháil a dhéanamh lena (h)oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Féach Ceantar Áitiúil Ioncaim.

Is iondúil gur i gcomhair Cánach Ioncaim amháin a chláraítear iarratasóirí neamhchónaitheacha a dhéanann iarratas i ndáil le hathnuachan ar cheadúnas máil - bainfidh formhór na gcásanna sin le geallghlacadóirí nach mbeadh oifig acu sa Stát ach a mbeadh seastán acu ar ráschúrsa. Áirítear sin mar áit ghnó agus tá oibleagáid orthu clárú i gcomhair Cánach Ioncaim dá réir.

Ní féidir le neamhchónaitheoirí nach bhfuil cláraithe i gcomhair cánach Éireannaí cur isteach ar Dheimhniú Imréitigh Cánach (DIC) ginearálta ar líne.

Ar ais go barr

Iarratais ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

Ba chóir do chustaiméirí a dteastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach uathu a chinntiú go bhfuil a gcúrsaí cánach in ord sula gcuireann siad iarratas isteach ar Dheimhniú. Is féidir le custaiméirí (nó lena ngníomhairí) atá cláraithe le Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) seiceáil a dhéanamh ar stádas a gcúrsaí cánach trí ROS\Seirbhísí Eolais do Chustaiméirí a úsáid. Mura bhfuil cúrsaí cánach in ord ag custaiméir is fánach an mhaise dó a bheith ag cur isteach ar Dheimhniú - ní chuireann iarratais dá leithéid ach moill agus costas nach gá ar chách a mbaineann siad leo agus diúltófar dóibh ar aon nós.

Á ghlacadh leis go bhfuil cúrsaí cánach in ord ag custaiméir, is féidir leis/léi an fhoirm iarratais is gá a fháil ach cliceáil ar an rogha chuí thíos. Tá foirmeacha iarratais ar fáil in MS Word agus is féidir iad a íoslódáil agus a chomhlánú as líne.

  • Deimhniú C2 d'Fhochonraitheoirí.
    • Foirm RCT5- Iarratas ag Fochonraitheoir ar Dheimhniú Údaraithe (C2).

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig do Cheantar Áitiúil Ioncaim

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig do Cheantar Áitiúil Ioncaim.

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar aghaidh chuig an seoladh cuí, ag féachaint do na catagóirí d'iarratasóirí neamhchónaitheacha a sonraítear.

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig Oifig an Ard-Bhailitheora, Teach an tSáirséalaigh, Sráid Phroinséis, Luimneach, Co. Luimnigh nó trí ríomhphost chuig sipo@revenue.ie

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig do Cheantar Áitiúil Ioncaim.

Deimhniú ar Cháin Ghnóthachan Caipitiúil

Ar ais go barr

Breis eolais maidir le himréiteach cánach

Má theastaíonn breis eolais uait maidir le himréiteach cánach, cliceáil ar na hábhair chuí thíos:

Chun a fhíorú go bhfuil duine imréitithe i ndáil le cáin

Cuireann an tsaoráid ar-líne seo ar chumas tríú páirtí agus ar chumas an iarratasóra stádas imréitithe cánach an iarratasóra a dhearbhú. Is saoráid shábháilte í nach féidir a rochtain gan chead an iarratasóra a thabharfaidh an uimhir chustaiméara agus an uimhir imréitigh cánach don tríú páirtí. Murar féidir an stádas a dhearbhú ar líne, ní mór don pháirtí conarthach dul i dteagmháil leis an iarratasóir chun an bundeimhniú a fheiceáil.

Fíoraigh Deimhniú Imréitigh Cánach

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil