Deacrachtaí maidir le Cáin a Íoc
Tá sé ar intinn ag na Coimisinéirí Ioncaim na leibhéil arda géilliúlachta a choinneáil suas in ainneoin na gcúinsí deacra eacnamaíocha atá ann do ghnólachtaí agus do cháiníocóirí. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag súil go gcuirfidh cáiníocóirí agus gnólachtaí a ngnóthaí airgeadais in eagar le cinntiú go n-íocfaidh siad a bhfiacha cánach nuair a bhíonn siad dlite.
Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil deacrachtaí ag gnólachtaí agus ag cáiníocóirí áirithe maidir lena ndualgais íocaíochta cánach a chomhlíonadh mar gheall ar an gcúlú eacnamaíoch atá ann faoi láthair fiú nuair a bhíonn siad lántiomanta do na dualgais sin a chomhlíonadh agus go ndearna siad amhlaidh nuair a bhí cúinsí eacnamaíocha agus airgeadais níos fearr ann.
Tugtar sonraí faoi chur chuige na gCoimisinéirí Ioncaim i leith daoine aonair agus gnólachtaí a bhfuil deacrachtaí acu le cánacha a íoc sna cáipéisí thíos.
Sonraí teagmhála an Ard-Bhailitheora:
Íosghlao: 1890 20 30 70
Ríomhphost: cgcustserv@revenue.ie
Bailiú Fiacha Cánach (PDF, 93KB)
Deacrachtaí Íocaíochta Cánach a láimhseáil agus Idirphlé leis na Coimisinéirí Ioncaim (PDF, 97KB)
Iomarcaíochta Lacáiste Údarú Foirm (PDF, 105KB)
