Ceadúnas Tábhairneora

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire:

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Ligeann an Ceadúnas Tábhairneora don sealbhóir alcól a dhíol lena ól san áitreabh agus ar shiúl ón áitreabh araon. Ní dheonófar é d’aon áitreabh ina bhfuil sé beartaithe alcól a dhíol lena ól ar shiúl ón áitreabh amháin.

Is iad seo na catagóirí ceadúnais a chlúdaíonn Tithe Tábhairne:

  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas 7 lá)
  • Ceadúnas Tábhairneora (6 lá)
  • Ceadúnas Tábhairneora (6 lá & Dúnadh Luath)

I measc na gceadúnas eile i gcatagóir an Tábhairneora, tá:

  • Ceadúnas Óstáin
  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) le haghaidh Amharclainne
  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) le haghaidh Campa Saoire
  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) le haghaidh Rás-rian Con
  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) le haghaidh Rás-rian Capall
  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) le haghaidh Seomra Úrúcháin Bóthair Iarainn
  • Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) le haghaidh Áitreabh Portaigh.

Tá rialáil agus costais shonracha i gceist i leith na 5 cheadúnas dheireanacha. Ba chóir aon fhiosruithe faoi na ceadúnais seo a chur chuig an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

An costas atá ar an gcéad Cheadúnas do Theach Tábhairne ná €250.

Tá costas na hathnuachana bunaithe ar láimhdeachas an ghnó roimhe seo. Is ar láimhdeachas an ghnó roimhe seo a bhunaítear an costas chomh maith nuair a aistrítear ceadúnas chuig trádálaí nua.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Tábhairneora