Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona

Léargas ginearálta

Féadfaidh sealbhóir Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona seiris, fíon den chéad rogha agus deochanna meisciúla coipthe a dhíol a bhfuil toirt níos lú ná 23% ann. Tá an ceadúnas faoi réir srian d’áitreabh a meastar gur Tithe Úrúcháin iad.  

Is é an sainmhíniú ar Theach Úrúcháin ná:

'gach teach, seomra, siopa nó foirgneamh a choinnítear le haghaidh úrúcháin, gnáthaimh agus siamsaíochta ag tráth ar bith idir 10 a chloig agus 7 a chloig an mhaidin dar gcion nach bhfuil ceadúnaithe chun beoir, leann úll, fíon ná biotáille, faoi seach, a dhíol'.

Más mian leat beoir a dhíol chomh maith, féadtar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche le haghaidh Deimhniú Bialainne nuair a thugtar an ceadúnas. Má éiríonn leis, beidh tú i dteideal faoin gceadúnas seo chomh maith beoir a dhíol lena n-ól in éineacht le béile.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse ceadúnú. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

Tá costas €500 sa bhliain ar an gceadúnas seo.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona