Mál ginearálta

Léargas ginearálta

Feidhmítear riachtanais comónta a leagtar amach i Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) agus Tuaisceart Éireann i leith táirgí áirithe inmháil atá faoi réir Dleachtanna Máil.

Clúdaíonn na riachtanais seo an méid seo a leanas, mar shampla:

  • na táirgí inmháil nach mór do Bhallstáit AE Dleachtanna Máil a ghearradh ina leith
  • rialacha comónta i leith táirgeadh, próiseáil agus gluaiseacht tairgí inmháil
  • údarú ó d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • ceadúnú.

Tá na táirgí inmháil seo a leanas faoi réir na riachtanas comónta seo:

  • táirgí alcóil
  • táirgí tobac
  • agus
  • táirgí fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh agus iompair, chomh maith le leictreachas.

Tá riachtanais éagsúla ann ag brath ar an méid seo a leanas:

  • ar íocadh an Dleacht Mháil roimh ré (rud ar a dtugtar ‘dleacht íoctha’)
  • nár íocadh an Dleacht Mháil mar gheall nár scaoileadh na táirgí lena gcaitheamh (rud ar a dtugtar ‘dleacht ar fionraí’). 

Ar aghaidh: Gnó máil a chur ar bun