Faoiseamh Cánach Ola Mianra chun críocha gairneoireachta

Faoi dhlí na Cánach Ola Mianra (COM), cáilíonn breoslaí áirithe a úsáidtear chun críocha gairneoireachta le haghaidh faoiseamh:

  • ola throm (Ola Gáis Mharcáilte, ceirisín agus ola bhreosla)
  • agus
  • gás peitriliam leachtaithe (GPL).

Cáilíonn na breoslaí seo a leanas le haghaidh aisíocaíocht páirteach nuair a úsáidtear iad le haghaidh:

  • táirgeadh gairneoireachta i dtithe gloine
  • saothrú muisiriún i bhfoirgnimh.

Ón 1 Meitheamh 2023, cáilíonn breoslaí a úsaidtear do tháirgeadh gairneoireachta nó do shaothrú muisiriún le haghaidh aisíocaíocht na comhpháirte carbóin den COM. Tugtar an cháin charbóin nó an muirear carbóin ar an gcomhpháirt carbóin den COM chomh maith.

Roimh an 1 Meitheamh 2023, feidhmítear rátaí aisíocaíochta níos ísle.

Ní mór éilimh ar aisíocaíocht a dhéanamh go leictreonach. Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le héileamh a thíolacadh sa rannán ar Éileamh ríomh-aisíocaíochta Cánach Ola Mianraí (COM) a thíolacadh.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa rannán Treoir bhreise ar an leathanach seo.