Tuairisceán trádstórais Cánach Ola Mianraí (COM)

Ní mór do choimeádaithe trádstórais Cánach Ola Mianraí (COM) tuairisceán míosúil a thíolacadh maidir leis an gcáin iníoctha i leith ola mianraí a bhaintear ón trádstóras. Is é an dáta dlite don tuairisceán seo ná an 15ú lá den mhí tar éis na míosa inar tháinig an dliteanas aníos.

Ón tréimhse tuairisceáin Feabhra 2017, ní mór duit tuairisceáin trádstórais ola mianraí a thíolacadh go leictreonach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Is comhdhlúthú é an tuairisceán leictreonach de na seanleaganacha páipéar-bhunaithe de na tuairisceáin seo a leanas agus tagann sé in áit an mhéid seo a leanas:

  • Barántas Trádstórais Ola Mianraí (C&M 1108)
  • An Tuairisceán Ex-Trádstórais um an Muirear Carbóin ar Ola Mianraí (MOT CC1)
  • Tuairisceán Míosúil Stoic (C&M 1122).

Tá an tíolacadh Tuairisceáin Gluaiseachtaí Ola (ROM1) fós ar leithligh ón tuairisceán trádstórais. Ní mór do gach coimeádaí trádstórais leanúint de thuairisceáin ROM1 a thíolacadh.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoin méid seo:

  • cén chaoi le tuairisceán trádstórais a thíolacadh agus a leasú
  • agus
  • cén uair agus cén chaoi le cuntas a thabhairt i leith dliteanais COM

sa rannán Treoir Bhreise ar an leathanach seo.