ÍMAT - Líne chabhrach poist agus pinsin do neamhchónaitheoirí

Ba chóir na sonraí teagmhála a úsáid le haghaidh fiosruithe maidir le ÍMAT. Tabhair do d’aire gurb é an bealach is éasca agus is tapúla do chúrsaí cánach a bhainistiú ach úsáid a bhaint as ár seirbhísí ar líne.

An bealach is tapúla agus is éasca chun do chúrsaí cánach a bhainistiú ná lenár seirbhísí ar líne moChúrsaí.

Fón

00353 1 738 3636


Féadfaidh taillí fóin a bheith éagsúil ag brath ar chonradh seirbhíse do sholáthraí fóin.

Línte fóin ar oscailt: 09.30 go 13.30 (Luain go hAoine).

Ríomhphost

Bain úsáid as an seirbhís slán ‘M’Fhiosruithe’ atá ar fáil in moChúrsaí nó ROS.

Seoladh poist

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach
Baile Átha Cliath 1.

Seirbhís Coinní Poiblí

Féadtar an chuid is mó d’fhiosruithe a réiteach trínár seirbhís shlán M’Fhiosruithe a úsáid nó trí ghlaoch a chur ar ár seirbhís thiomnaithe teileafóin. Má tá coinne ag teastáil uait, áfach, féadann muid coinne fhíorúil nó i bpearsa a éascú.

Le coinne fhíorúil a éascú, ní mór go mbeadh an méid seo a leanas agat:

  • seoladh ríomhphoist pearsanta leis an nasc don choinne MS Teams a fháil
  • gléas le ceamara agus micreafón (amhail fón cliste, ríomhaire glúine nó táibléad)
  • ceangal gníomhach idirlín nó ceangal iontaofa 3G nó 4G.

Toisc gur seirbhís shruthach sonraí, féadfaidh sé go ngearrfaidh d’oibreoir bille ort ag brath ar do phacáiste sonraí. Más rud é go mbeidh tú ag rochtain ar an gcoinne fhíorúil ó:

  • fhón cliste nó táibléad - ní mór duit an aip MS Teams a íoslódáil roimh do choinne sceidealaithe. Tá an aip le fáil saor in aisce ón Apple App Store nó ón Google Play Store.
  • ríomhaire glúine nó ríomhaire pearsanta - féadtar rochtain ar an gcoinne ó bhrabhsálaí gréasáin agus cuirfear an nasc ar fáil duit.

Le coinne a dhéanamh, glaoigh ar: 01 738 3660

Uaireanta oscailte na líne coinne: 09.30 go 13.30 (Luan go hAoine).