Achomhairc

Céard nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh

Tá roinnt ábhar ann nach bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina gcoinne chun an Choimisiúin um Achomhairc Chánach. Tá liosta thíos de na hábhair is tábhachtaí.

  • Mshástacht le hiompar oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Mshástacht le cuid áirithe den reachtaíocht agus má cheapann tú go bhfuil sé éagórach nó míbhunreachtúil.
  • Dfríocht tuairime idir tú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim sa chás nach bhfuil tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim ag céim ina bhfuil measúnú nó cinneadh foirmiúil déanta.
  • Do dhliteanas féinmheasúnaithe cánach nó dleachta nó suim chomhaontaithe nó ábhar atá curtha san áireamh i dtuairisceán agat nó ráiteas eile a thíolaic tú chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Masúnú ar cháin nuair nach bhfuil tuairisceán ioncaim tíolactha agat ná an dliteanas cánach féinmheasúnaithe a dhearbhaítear sa tuairisceán a bheith íoctha.
  • Roinnt achomharc i dtaca le díospóid faoi luach margaidh talaimh nó maoine, ní mór iad a dhéanamh chun comhlachta ar a dtugtar an Coiste Tagartha Luachanna Talaimh, agus níor chóir iad a dheanamh chun an Choimisiúin um Achomhairc Chánach. Baineann sé seo le luacháil a úsáidtear chun dliteanas duine a dheimhniú i dtaca le Dleacht Stampála, Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) agus an Muirear Sainchónaithe.
  • Ní fhéadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF)Dleacht Custam chun an Choimisiúin um Achomhairc Chánach gan iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim an t-ábhar a athbhreithniú i dtosach báire. Tá roinnt ábhar ann nach bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina gcoinne chun an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.
  • Ní mór gur cúirt a dhéantar cinntí ar dhíospóidí i dtaca le pionós a ghearrtar de réir an dlí cánach agus ní féidir leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach cinneadh mar sin a dhéanamh.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hachomharc a dhéanamh