Próiseáil Isteach

D'fhéadfaí go mbeifeá in ann íoc iomláin nó coda de do dhleacht chustaim a sheachaint má allmhairíonn tú earraí ó thíortha taobh amuigh den AE le haghaidh próiseáil bhreise agus má scaoileann tú iad le haghaidh saorchúrsaíochta nó le haghaidh onnmhairiú ina dhiaidh sin ón AE.

Céard is Próiseáil Isteach Ann?

Is ionann Próiseáil Isteach agus nós imeachta faoisimh ó dhleacht chustaim de chuid an AE. Ligeann sé d'earraí a bheith allmhairithe isteach san Aontas Eorpach ("an Comhphobal"), ar mhaithe le bheith próiseáilte ansin agus onnmhairithe ina dhiaidh sin taobh amuigh de limistéar Custaim an Chomhphobail gan íocaíocht na ndleachtanna. D'fhéadfadh rud ar bith a bheith i gceist le próiseas, amhail athphacáistiú, sórtáil earraí nó déantúsaíocht den chineál is casta. Bunaíodh an scéim faoi Rialachán Comhairle (CEE) Uimh. 2913/92 (de 12 Deireadh Fómhair 1992).

Ús Cúiteach

D'fhéadfaí muirear úis cúiteach a thabhú ar earraí a chuirtear isteach faoin gcóras Fionraíochta Próiseála Isteach a scaoiltear amach ina dhiaidh sin le haghaidh saorchúrsaíochta i bhfoirm táirgí nó earraí cúiteacha sa staid gan athrú. Ríomhfar méid an úis ar bhonn na ndleachtanna allmhairithe a bhaineann leis an tréimhse atá i gceist. Tá rátaí úis chúitigh bunaithe ar na rátaí margadh airgid 3 mhí agus is féidir iad a aimsiú trí chliceáil ar an hipearnasc thíos agus cliceáil ar na ceannteidil seo a leanas de réir mar a thagann siad aníos:

Sonraí / Táscairí gearrthéarmacha / Sonraí Saor in Aisce: Táscairí Euro / Táscairí airgeadaíochta agus airgeadais / mf040rt - rátaí úis 3 mhí - Meán míosúil - NSA.

http://epp.eurostat.ec.europa.eu/portal/page/portal/eurostat/homeExternal link


Leagan furasta le priontáil