Próiseáil faoi Rialú Custaim

Céard is Próiseáil faoi Rialú Custaim Ann?

Is scéim faoisimh ó dhleacht chustaim de chuid an AE í Próiseáil faoi Rialú Custaim (PRC). Ligeann sí d'earraí a bheith allmhairithe ó thíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach le haghaidh oibríochtaí próiseála a athraíonn a nádúr nó a staid, gan a bheith faoi réir dleachtanna allmhairithe ná bearta áirithe polasaí tráchtála. Bíonn dleacht iníoctha nuair a chuirtear an táirge críochnaithe ar Mhargadh an Chomhphobail. Bíonn an dleacht iníoctha ar an táirge críochnaithe ansin amhail is gur allmhairíodh é go díreach. Bunaíodh an scéim seo faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle.

Nós Imeachta Iarratais Simplithe

Próiseáil Isteach agus Próiseáil faoi Rialú Custaim

I gcásanna áirithe, is féidir le trádálaithe iarratas a chur isteach ar Phróiseáil Isteach agus ar Phróiseáil faoi Rialú Custaim le nós imeachta simplithe trínarb ionann an dearbhú iontrála earraí agus iarratas ar an nós imeachta. Tá sé seo iomchuí sa chás nach ndéanann tú ach allmhairiú fánach leis na nósanna imeachta. Má tá tuilleadh eolais uait, féach ar na treoirlínte do thrádálaithe, le do thoil ( Próiseáil Isteach - alt 11 Próiseáil faoi Rialú Custaim - alt 9) nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Aonad Nós Imeachta Eacnamaíoch Custaim.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link )


Leagan furasta le priontáil