Iompórtáil agus Easpórtáil
Doiciméadúchán a chaithfear a úsáid i dtaca le hiompórtáil/easpórtáil earraí ó/chuig tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach
- Iompórtáil
- Easpórtáil
- Earraí Góchumtha & Píoráideacht
- Rialála Airgeadais
- Réamhtheachtaithe Drugaí
- Earraí a iompórtáil go sealadach gan Dleacht Chustaim agus Cáin Bhreisluacha a íoc
- Ath-iompórtáil gan dleacht chustaim a íoc (CCT) i gcás earraí de chuid an Aontais Eorpaigh a easpórtáladh lasmuigh den Aontas Eorpach
- Custaim Rialuithe i réimse na Sábháilteacht Táirgí
Iompórtáil
Nuair a iompórtáiltear earraí isteach in Éirinn ó thíortha lasmuigh de Aontas Eorpach, ní mór don iompórtálaí nó dá g(h)níomhaire foirmiúlachtaí iontrála custaim a chur i gcrích. Déantar an iontráil chustaim chuí trí aistriú sonraí leictreonach a dhéanamh ar dhearbhuithe Doiciméad Riaracháin Aonair (SAD) chuig córas na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh Próiseála um Iontráil Uathoibrithe (AEP), agus úsáidtear an tsaoráid um Ionchur Trádálaithe Aonair (DTI) chun é seo a dhéanamh Tríd an gcóras AEP, is féidir le hiompórtálaithe, nó lena ngníomhairí, coinsíneachtaí a imréiteach tráth na hiompórtála agus muirear ar bith atá dlite (dleacht chustaim, Cáin Bhreisluacha, dleacht mháil) a íoc trí chuntas faofa um Íocaíochtaí Iarchurtha, dréacht bainc, ordú airgid nó seic banc-ráthaithe, d’fhonn scaoileadh na n-earraí a chur i gcrích. Ní mór gach doiciméad atá riachtanach chun na hearraí a imréiteach trí chustam, i.e. sonrasc, deimhniú bunáite, ceadúnas iompórtála, srl, a bheith ar fáil nuair a iarrtar iad.
Treoir maidir le Nósanna Imeachta Custaim um Easpórtáil (PDF, 404KB)
Easpórtáil
Nuair a easpórtáiltear earraí ó Éirinn chuig tíortha lasmuigh den Aontas Eorpachní, mór don easpórtálaí nó dá g(h)níomhaire foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích. Déantar an iontráil chustaim chuí trí aistriú sonraí leictreonach a dhéanamh ar dhearbhuithe Doiciméad Riaracháin Aonair (SAD) chuig córas na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh Próiseála um Iontráil Uathoibrithe (AEP), agus úsáidtear an tsaoráid um Ionchur Trádálaithe Aonair (DTI) chun é seo a dhéanamh. Tríd an gcóras AEP, is féidir le heaspórtálaithe, nó lena ngníomhairí, dearbhuithe SAD comhlánaithe a thabhairt do lucht custaim agus dleacht easpórtála a íoc (más ann dí) d’fhonn scaoileadh na n-earraí a chur i gcrích. Ní mór gach doiciméad atá riachtanach chun na hearraí a imréiteach trí chustam, i.e. sonraisc, ceadúnais easpórtála, srl, a bheith in éineacht leis an bhfoirm dhearbhaithe SAD.
Treoir maidir le Nósanna Imeachta Custaim um Iompórtáill (PDF, 482KB)
Earraí a iompórtáil go sealadach gan Dleacht Chustaim agus Cáin Bhreisluacha a íoc
Is féidir earraí áirithe a iompórtáil go sealadach isteach in Éirinn gan dleacht chustaim ná cáin bhreisluacha a íoc. Ní mór na hearraí a ath-easpórtáil ón gComhphobal laistigh den teorainn ama a údaraíonn lucht custaim tráth na hiompórtála. Is í an t-uastréimhse maidir le hiompórtáil shealadach ná 24 mhí. Is féidir breis eolais a fháil sna fógraí ábhartha i rannóg na mBileog.
Ath-iompórtáil gan dleacht chustaim a íoc (CCT) i gcás earraí de chuid an Aontais Eorpaigh a easpórtáladh lasmuigh den Aontas Eorpach
Is féidir earraí de chuid an Aontais Eorpaigh (earraí a bhí i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach díreach roimh easpórtála dóibh agus nach ndearnadh, nó nach ndéanfar, aon aisíocaíocht dleachtanna ina leith ar bhonn na heaspórtála) a ath-iompórtáil gan dleacht chustaim a íoc, faoi réir choinníollacha áirithe.
Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas i dtaca le hearraí nach mbaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta:
- Teorainn Ama: ní mór na hearraí, mar riail ghinearálta, a ath-iompórtáil laistigh de thrí bliana ó dháta na heaspórtála.
- Earraí a iompórtáladh cheana ar chúis ar leith: : i gcás earraí a iompórtáladh ar dtús ag ráta dleacht chustaim laghdaithe nó ag ráta de nialais toisc go raibh úsáid ar leith le baint astu, m.sh. úsáid dheiridh, tá deonú an fhaoisimh faoi réir iad a bheith athiompórtáilte don úsáid chéanna.
- Earraí sa riocht chéanna: ghnáth, ní bhíonn earraí i dteideal faoisimh faoi na forálacha athiompórtála mura n-athiompórtáiltear iad sa riocht céanna ina raibh siad nuair a easportáladh iad.
- Fianaise: ní mór fianaise, cosúil le cóip den dearbhú easpórtála
(SAD), a thaispeáint do lucht custaim lena léiriú gurbh earraí de chuid an Aontais Eorpaigh
iad nuair a easpórtáladh iad.
Ní mór aon eolas breise, lena n-áirítear eolas a bhaineann le hathiompórtáil earraí de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta, a fháil ó Bhailitheoirí Custaim agus Máil i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh nó ó aon Stáisiún Custaim agus Máil.
