Idirthuras CNIR

CNIR (Córas Nua Idirthurais Ríomhairithe)

Is córas atá ar fud na hEorpa é an Córas Nua Idirthurais Ríomhairithe (CNIR) atá bunaithe ar dhearbhú agus ar phróiseáil leictreonach agus a dearadh le dul in áit an chórais IR a bhí bunaithe ar pháipéar agus le bainistíocht agus rialú níos fearr a sholáthar ar Idirthuras Comhphobail agus Coiteann araon. Cuimsíonn sé gach Ballstát san AE agus i LSE.

Tá an CNIR i ngach tír nasctha trí fhearann lárnach sa Bhruiséil, le gach uile thír eile. Soláthraíonn sé seo naisc idir thart ar 3000 oifig chustaim Eorpach agus chuaigh sé in ionad an chórais a bhí bunaithe ar pháipéar.

Ar mhaithe le nascadh ar líne leis an CNIR, tá an áis de dhíth ar thrádálaithe chun teachtaireachtaí leictreonacha Idirthurais a chruthú, chomh maith leis an áis chun na teachtaireachtaí seo a sheoladh/fháil chuig/ó CNIR na hÉireann. Faigheann trádálaithe nasctha freagraí leictreonacha ina bhfuil comhairle faoi phríomhchinntí i rith an nóis imeachta, amhail glacadh le dearbhú, scaoileadh earraí, fógra faoi urscaoileadh.

Ní féidir le Trádálaithe comhéadan a dhéanamh go díreach leis an CNIR. Ní bheidh siad ach in ann teachtaireachtaí sainithe struchtúrtha a mhalartú leis an gcóras.

CNIR - Sonraíochtaí Teicniúla

CNIR - Sonraí Teagmhála le haghaidh na Deisce Cabhrach

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An Rannán Custaim
An Brainse Custaim
Oifigí Rialtais
An tAonach
Co. Thiobraid Árann
Éire

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An Rannán Custaim
An Brainse Custaim
Na hOifigí Rialtais
An tAonach
Co. Thiobraid Árann
Éire

Uimhir Ghutháin: 00-67-353-63206/63208/63209

Uimhir Facs: 00-67-353-63397

Seoladh Ríomhphoist: nctshelpdesk@revenue.ie

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil