Nósanna Imeachta Custaim Simplithe
Faisnéis Ghinearálta
Réamhrá
Le Rialachán 2913/92 (Airteagal 76) ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (An Cód) agus Rialachán 2454/93 ón gCoimisiún lena mbunaítear na Forálacha chun an Cód Custaim (Airteagail 253-278) a Chur Chun Feidhme
bunaíodh an coincheap maidir le Nósanna Imeachta Simplithe chun earraí a allmhairiú agus a onnmhairiú ó Thíortha nach bhfuil san AE agus chucu.
Tá faisnéis bhreise maidir leis na simplithe allmhairithe agus onnmhairithe náisiúnta éagsúla, atá ar fáil mar aon leis na foirmeacha iarratais iomchuí, lena n-áirítear treoracha maidir lena gcomhlánú, ar fáil ó na naisc thíos.
Maidir le húdaruithe le haghaidh nósanna imeachta simplithe lena bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin, is féidir faisnéis maidir le coincheap an Údaraithe Aonair le haghaidh Nósanna Imeachta Simplithe nó SASP a fháil tríd an nasc seo a leanas:
Údarú Aonair le haghaidh Nósanna Imeachta Simplithe
Cineálacha Nósanna Imeachta Simplithe
Faoi na nósanna imeachta simplithe seo, tá roinnt modhanna difriúla éascaithe ar fáil ina dtugtar cead allmhairí agus onnmhairí a imréiteach trí Chustam níos tapúla agus níos éasca ná mar a cheadófaí murach sin. I measc na gcineálacha nósanna imeachta simplithe atá ar fáil le linn allmhairithe agus onnmhairithe tá siad seo a leanas
- Dearbhú Neamhiomlán le linn Allmhairithe
- Dearbhú Neamhiomlán le linn Onnmhairithe
- Nós Imeachta Dearbhaithe Simplithe le linn Allmhairithe
- Nós Imeachta Dearbhaithe Simplithe le linn Onnmhairithe
- Nós Imeachta Imréitigh Áitiúil le linn Allmhairithe
- Nós Imeachta Imréitigh Áitiúil le linn Onnmhairithe
Meastar gur chomhlíon iarratasóirí a bhfuil deimhniú Oibreora Eacnamaíochta Údaraithe (OEÚ) acu (dá bhforáiltear in Airteagal 14a(1) (a) agus (c) d’Fhorálacha Cur Chun Feidhme an Chóid Chustaim) na ceanglais ar fad chun leas a bhaint as na nósanna imeachta simplithe.
Foirm iarratais don Nós Imeachta Dearbhaithe Simplithe nó don Nós Imeachta Imréitigh Áitiúil (PDF, 70KB)
Nótaí mínitheacha don Nós Imeachta Dearbhaithe Simplithe nó don Nós Imeachta Imréitigh Áitiúil (PDF, 77KB)
Ceistneoir féinmheasúnaithe agus nótaí mínitheacha i ndáil leis an gceistneoir féinmheasúnaithe ( (PDF, 253KB)
Tuilleadh eolais
Is féidir fiosrúcháin maidir le hábhar ar bith atá sa Bhileog Eolais seo a sheoladh chuig Rannóg na gCoimisinéirí Ioncaim atá freagrach as do chúrsaí cánach.
Rannóg Custaim,
An Brainse Nósanna Imeachta Custaim,
Oifigí an Rialtais,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann.
Márta 2012.
Naisc úsáideacha
Rialachán 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear an Cód Custaim (Airteagal 76)

-
Rialachán 2454/93 ón gCoimisiún maidir le Forálacha Cur Chun Feidhme an Chóid Chustaim
- Uirlis oiliúna ríomhfhoghlama SASP

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil os cionn 700 leathanach sna forálacha cur chun feidhme agus b’fhéidir go mbeadh tamall fada i gceist leis an íoslódáil.
