Idirthuras CNIR

Cad é an Córas Idirthurais?

Is áis é an Córas Idirthurais atá ar fáil d'oibreoirí, a ligeann do ghluaiseacht earraí tarlú thar theorainneacha idirnáisiúnta faoi rialú custaim, chomh maith le cinntiú go bhfaightear aon mhuirir atá dlite ar na hearraí sin ina dtír ceann scríbe.

pdfFP 1187 - Idirthuras (TIR san áireamh) agus Stádas (PDF, 259KB)

Ar ais go barr

Cé mhéad cineál Idirthurais atá ann?

Tá trí chineál Idirthurais ann:

  1. Idirthuras Pobail: ligeann sé do ghluaiseacht earraí tarlú taobh istigh de chríoch chustaim an Chomhphobail,
  2. Idirthuras Coitianta: ligeann sé do ghluaiseacht earraí tarlú:
    idir an Comhphobal, na tíortha i LSE (.i. An Íoslainn, An Iorua, An Eilvéis agus Lichtinstéin) agus
    idir na tíortha i LSE iad féin;
    Tugtar an Comhlimistéar Idirthurais ar chríocha comhcheangailte an Chomhphobail agus na dtíortha i LSE agus
  3. TIR: Ligeann (Transport Internationaux Routiers) do ghluaiseacht earraí tarlú go hidirnáisiúnta thar theorainn amháin nó níos mó agus nuair a dhéantar cuid den turas idir tús agus deireadh na hoibríochta TIR ar bhóithre.

Ar ais go barr

Cad é an Córas Nua Idirthurais Ríomhairithe (CNIR)?

Déanann an Córas Nua Idirthurais Ríomhairithe (CNIR) soláthar le haghaidh ionchur agus phróiseáil an dearbhaithe idirthurais trí mhodhanna leictreonacha a sholáthraíonn bainistíocht agus rialú níos fearr ar Idirthuras Comhphobail agus Coiteann trí:

  1. éifeachtúlacht agus éifeachtacht na nósanna imeachta idirthurais a mhéadú
  2. fheabhsú ar chosc agus ar bhrath calaoise
  3. brostú idirbheart agus tairiscint urrúis lena n-aghaidh

Faisnéis bhreise ar CNIR

Úsáideann Ballstáit uile an Chomhphobail agus na tíortha i LSE CNIR.

Ar ais go barr

Cé atá freagrach as oibríochtaí Idirthurais?

Is iad an príomhphearsanra atá freagrach as oibríochtaí Idirthurais ná an Príomhaí agus an Ráthóir.

Bíonn gach Oibríocht Idirthurais á déanamh ag duine darb ainm an Príomhaí, atá freagrach as táirgeadh na n-earraí (agus séalaí slána orthu pé áit ar iomchuí) agus an Dearbhú Idirthurais ag an Oifig Ceann Scríbe taobh istigh den teorainn ama fhorordaithe. Tá an Príomhaí freagrach chomh maith as íocaíocht dleachtanna agus muirear eile a d'fhéadfadh a bheith dlite dá dtarlódh mírialtacht.

D'fhéadfadh duine, gnólacht nó comhlacht eile atá cáilithe le feidhmiú mar thríú páirtí dlíthiúil (Banc nó Comhlacht Árachais de ghnáth) a bheith mar Ráthóir. Is gá do Ráthóirí a bheith ina ngnáthchónaí nó bunaithe sa Chomhphobal agus a bheith ceadaithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an ráthaíocht á soláthar (i gcás na hÉireann, is é seo an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta). Tá an Ráthóir freagrach as íocaíocht dleachtanna agus muirear eile ar tháinig an Príomhaí faoi dhliteanas lena n-aghaidh mar thoradh ar mhírialtacht ar bith maidir leis an Dearbhú Idirthurais.

Ní ceadmhach go mbeadh an duine céanna mar Ráthóir agus mar Phríomhaí.

Ar ais go barr

Cén tsláine airgeadais atá ag teastáil le haghaidh oibríochtaí Idirthurais?

Is gá do gach oibríocht Idirthurais a bheith cuimsithe faoi mhéid Ráthaíochta atá curtha ar fáil ag an bPríomhaí ag am críochnaithe an dearbhaithe idirthurais agus is gá dó a bheith dóthanach chun gach dleacht/muirear a íoc i gcás go dtarlódh mírialtacht.

Cuimsíonn Ráthaíocht Chuimsitheach roinnt oibríochtaí idirthurais a bhíonn déanta ag Príomhaí, faoi réir teorainneacha áirithe agus de réir choinníollacha na ráthaíochta mar a bhíonn socraithe ag an Lár-Oifig Idirthuras (LOI) agus cuimsíonn Ráthaíocht Aonair an méid dleachta agus muirir eile ar na hearraí ina aon oibríocht Idirthurais amháin.

Ar ais go barr

Cad is Nósanna Imeachta Simplithe Idirthurais ann?

I gcásanna áirithe (agus faoi réir coinníollacha áirithe) is féidir le trádálaithe Nósanna Imeachta Idirthurais Simplithe a úsáid, trínar féidir leo deasghnátha idirthurais a chur i gcrích ag a n-áitribh féin trí chumarsáid a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an CNIR, má tá siad ceadaithe mar Choinsíneoirí Údaraithe nó mar Choinsínithe Údaraithe.

Ar ais go barr

Cad is Coinsíneoir Údaraithe ann?

Is ionann coinsíneoir údaraithe agus coinsíneoir rialta earraí a d'fhéadfadh a bheith údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun doiciméid idirthurais a eisiúint agus a fhíordheimhniú, gan gá a bheith le hiad a thaispeáint do lucht Custaim ag am an onnmhairithe/tseolta.

Ar ais go barr

Cad is Coinsíní Údaraithe ann?

Is ionann coinsíneoir údaraithe agus trádálaí a d'fhéadfadh a bheith údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun earraí a thagann faoin gCóras Idirthurais a bhogadh go dtí a (h)áitreabh féin gan iad a thaispeáint ar dtús do lucht Custaim ag an Oifig Ceann Scríbe.

Ar ais go barr

Cad is T.I.R. ann?

Is córas é TIR a bunaíodh faoi Choinbhinsiún TIR 1975, chun gluaiseacht earraí a éascú faoi shéala custaim, i bhfeithiclí nó i gcoimeádáin cheadaithe, i dtrádáil idirnáisiúnta, chomh maith le cosaint éifeachtach a dhéanamh ar ioncam gach Stáit trína mbíonn earraí dá leithéid á n-iompar. Tá sé mar choinníoll den chóras gur gá cuid den turas idir tús agus deireadh na hoibríochta TIR a dhéanamh ar bhóithre.

Sonraí Teagmhála

An Lár-Oifig Idirthurais
An tAonad Idirthurais
An Rannán Custaim
Bóthar Naomh Conlán
An tAonach
Co. Thiobraid Árann

Guthán: 00 353 67 63352, 00 353 67 63351 nó 00 353 67 63323

Facs: 00 353 67 44126

Ríomhphost: centraltransitofficenenagh@revenue.ie

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil