VIES agus INTRASTAT

Tá freagrachtaí ag trádálaithe atá páirteach in allmhairiú agus onnmhairiú earraí taobh istigh den AE sna córais VIES agus Intrastat araon.

Lámhleabhar Trádálaithe VIES agus INTRASTAT

Déanann Lámhleabhar Trádálaithe VIES agus INTRASTAT cur síos do thrádálaithe ar na riachtanais atá i gceist agus tairgeann sé eolas agus cúnamh le comhlánú na dtuairisceán bainteach.

Sonraí Teagmhála:

VIMA, Oifigí an Rialtais, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, Co. Lú, Éire

Cabhair le VIES:
Ríomhphost vies@revenue.ie nó Íosghlao 1890 251 010
nó ó uimhir theileafóin thar lear +353 42 9353300

Cabhair le INTRASTAT:
Ríomhphost intrastatinfo@revenue.ie nó Íosghlao 1890 311 322
nó ó uimhir theileafóin thar lear +353 42 9353300

Cúnamh le CN:
Ríomhphost tarclass@revenue.ie nó teileafón 067 33533
nó ó uimhir theileafóin thar lear +353 67 33533

Cabhair le ROS (Comhdú):
Ríomhphost vimahelp@revenue.ie nó teileafón 042 9353413/9353369
nó ó uimhir theileafóin thar lear+ 353 42 9353413/9353369

Cabhair le ROS (clárú & deimhniúcháin):
Ríomhphost roshelp@revenue.ie nó Íosghlao 1890 201 106 (rogha 1)
nó ó uimhir theileafóin thar lear +353 1 7023021 (rogha 1)

Cabhair le Cúnamh Frithpháirteach (fíorú uimhreacha CBL)

Féadfaidh trádálaithe Éireannacha na huimhreacha clárúcháin CBL a bhíonn luaite ag a gcustaiméirí i mBallstáit eile a fhíorú trí logáil ar an suíomh idirlín Europa.

VIES

Baineann sé seo le honnmhairí taobh istigh den AE amháin Is gá do thrádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn a sholáthraíonn earraí do thrádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL i mballstáit eile den AE gan CBL na hÉireann a ghearradh, is gá dóibh tuairisceán VIES a comhlánú le haghaidh na gCoimisinéirí Ioncaim. Níl aon tairseacha i gceist agus is gá gach soláthar dá leithéid a thuairisciú.

Déanann an pdfTreoir VIES do Chomhdaitheoirí Móra (PDF, 481KB) cur síos ar na próisis atá ann chun tuairisceáin mhóra a ghabháil le haghaidh VIES.

Fógra Tábhachtach do gach rialtóir airgeadais agus bainisteoir sinsearach
Tabhairt Isteach Seirbhísí chuig VIES agus coinníollacha comhdaithe mhíosúil le haghaidh VIES maidir le soláthairtí earraí.

INTRASTAT

Baineann sé le hAllmhairí agus Onnmhairí taobh istigh den AE. Is gá do gach trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL Boscaí E1 agus E2 a chomhlánú ar a dtuairisceáin VAT 3. Is gá do thrádálaithe a dhéanann allmhairiú ó bhallstáit eile de chuid an AE ar luach de bhreis is €191,000 go bliantúil agus/nó onnmhairiú chuig ballstáit eile san AE ar luach de bhreis is €635,000 go bliantúil, is gá dóibh an tuairisceán mionsonraithe míosúil intrastat a chomhlánú.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil