Conas gníomhaíocht amhrasach a thuairisciú go sábháilte
Má Tá Aon Eolas Agat Maidir le Smuigleáil Drugaí...... Ná Déan Neamhshuim De!......Tuairiscigh É!
Uimhir Shaorghlao Rúnda: 1800-295-295 (Éire amháin)
nó antidrugs@revenue.ie
nó
Beolíne Toitíní Neamhdhleathach - Má tá eolas agat maidir le toitíní neamhdhleathach déan teagmháil ar ár beolíne rúnda ...... Saorghlao 1800 295 295

Ag dul i ngleic le Smuigleáil Drugaí
Toisc go bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint le gáinneáil drugaí is gá úsáid spriocdhírithe a bhaint as acmhainní agus teicnící chun déileáil leis an gcoir trasnáisiúnta seo. Bíonn gáinneálaithe de shíor ag lorg custaiméirí nua, margaí nua agus bealaí soláthair nua. Tá gá le gníomhaíocht dhírithe agus le forbairt leanúnach ar chomhoibriú náisiúnta agus idirnáisiúnta idir gníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí maidir le cur in aghaidh smuigleáil drugaí agus coiriúlacht ghaolmhar. Ag déileáil di le gáinneáil mhídhleathach drugaí agus le bearta forfheidhmithe i leith soláthair drugaí, díríonn Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh (2005-2012) ar sciúradh airgid, ar atreorú ceimicí réamhtheachtacha (i gcomhair tháirgeadh drugaí mídhleathacha) agus ar chomhoibriú éifeachtach idir lucht Custaim, Póilíní agus údaráis ionchúisimh, sa chath in aghaidh gháinneáil drugaí. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag leanúint ag glacadh páirte san obair chun teorainneacha na tíre agus an Aontais Eorpaigh a chosaint trí aghaidh a thabhairt ar gháinneáil idirnáisiúnta drugaí agus ar ghníomhaíochtai gaolmhara agus trí chomhoibriú leis an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, ar a bhfuil oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má tá eolas ar bith agat maidir le smuigleáil drugaí déan teagmháil le -
- Saorghlao Rúnda Custaim 1800 295 295, nó
- trí r-phost @ antidrugs@revenue.ie, nó
- An Oifig Chustaim is gaire duit ar an teileafón, nó
- mura bhfuil tú in ann teagmháil phearsanta a dhéanamh, ar chúis ar bith, bain úsáid as ár bhFoirm Thuairisce ar féidir í a íoslódáil, a chomhlánú agus a sheoladh trí r-phost chuig antidrugs@revenue.ie nó a phostáil chuig:

SAORPHOST,
Custam agus Forfheidhmiú an Dlí um Dhrugaí,
Rannán Imscrúduithe & Ionchúiseamh na gCoimisinéirí Ioncaim,
Bloc D, Geata Bhaile an Ásaigh,
Baile Átha Cliath 15.
Faire Drugaí agus Forfheidhmiú an Dlí i dtaca le Custaim
Nuashonraithe go deireanach: Iúil 2010
