Ríomhchustam - Córas Cláraithe agus Céannachta Oibreoirí Eacnamaíocha (CCOE)

Cúlra an chórais CCOE

Is é bunchuspóir CCOE ná córas a bhunú trína leithdháiltear uimhir thagartha uathúil ar gach trádálaí a bhíonn i dteagmháil le hÚdaráis Chustaim i mBallstát ar bith de chuid an AE. Beidh an uimhir thagartha seo bailí ar fud an AE agus feidhmeoidh sé mar uimhir thagartha choiteann le haghaidh idirghníomhaíocht an trádálaí leis na hÚdarais Chustaim in aon Bhallstát. Beidh ar thrádálaithe an uimhir a úsáid i ngach dearbhú custaim, le héifeacht ó 1 Iúil 2009. Úsáidfear é le haghaidh malartú eolais idir údaráis Chustaim an AE agus idir lucht Custaim agus údaráis eile, pé áit ar iomchuí, m.sh. údaráis staidrimh.

Ionas gur féidir an cur isteach ar thrádálaithe a íoslaghdú, tá cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim an uimhir CCOE a ailíniú leis an uimhir CBL chun cás ina mbeadh ar thrádálaithe athruithe móra a dhéanamh ar a gcórais leictreonacha inmheánacha féin a sheachaint.

Conas a oibreoidh CCOE?

Tá dhá ghné ar leith sa chóras CCOE, is iad sin, ceann amháin ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal Ballstáit agus ceann amháin ar leibhéal an AE.

  1. Córas náisiúnta CCOE
    Ar leibhéal náisiúnta, sannann gach Údarás Custaim uimhir chéannachta uathúil (an uimhir CCOE) do gach trádálaí a bhíonn i dteagmháil le lucht Custaim. Tá ceangal ar thrádálaithe an uimhir seo a úsáid ó 1 Iúil 2009 i ngach dearbhú custaim a bhíonn taiscthe acu nó ar a son, beag beann ar an mBallstát ina dtaisctear na dearbhuithe sin. Tá an uimhir seo bailí le bheith úsáidte sna Ballstáit go léir.
  2. Bunachar sonraí lárnach CCOE den AE
    Beidh dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim sonraí a sholáthar don Choimisiún Eorpach ar na trádálaithe sin go léir ar sannadh uimhir CCOE dóibh. Beidh na sonraí seo á gcoinneáil i mbunachar sonraí lárnach de chuid an AE a bheidh á chothabháil ag an gCoimisiún Eorpach agus beidh eolas comhchosúil a bhíonn curtha ar fáil ag an 26 Ballstát eile ann chomh maith. Cuirfear nuashonrúcháin ar bhunachar sonraí náisiúnta CCOE na gCoimisinéirí Ioncaim in iúl don bhunchar sonraí lárnach de chuid an AE go tráthrialta.
    Beidh gné phoiblí ag baint leis an mbunachar sonraí lárnach de chuid an AE chomh maith, rud a ligfidh do thríú páirtithe féachaint ar shonraí teoranta áirithe ar na trádálaithe cláraithe CCOE go léir (i. uimhir CCOE, ainm agus seoladh). Beidh sé seo ann go príomha chun cás a éascú ina mbeidh an tríú páirtí ag déanamh gníomhaíocht chustaim (amhail dearbhú custaim a dhéanamh) ar son trádálaí agus nuair is gá don uimhir CCOE a bheith ar eolas aige/aici. Ach ní cheadófar teacht ag tríú páirtí ar an mbunachar sonraí ach i gcásanna go bhfuil toiliú scríofa sonrach agus eolach tugtha ag trádálaí le haghaidh fhoilsiú na sonraí sin. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim déileáil leis an gceist ar an mbonn nach bhfoilseofar aon eolas maidir le trádálaí Éireannach, ach amháin má tá a mhalairt ceadaithe go sonrach do na Coimisinéirí Ioncaim ag an trádálaí.

Struchtúr uimhir CCOE

Beidh an réimír IE roimh gach uimhir Éireannach CCOE. I gcomhréir leis an gcinneadh ailíniú a dhéanamh ar an uimhir CCOE leis an uimhir CBL, beidh an chuid is mó uimhreacha CCOE comhionann le huimhir CBL an trádálaí. I gcás na coda is mó de na trádálaithe, ciallóidh sé seo go mbeidh an uimhir CCOE a bheidh á cur isteach acu i ndearbhuithe allmhairithe agus onnmhairithe díreach mar an gcéanna leis an uimhir reatha CBL atá acu agus an réimír IE roimpi
Mar shampla, cuireann trádálaí a bhfuil uimhir CBL IE 1234567 aige/aici "VAT 1234567" isteach faoi láthair i ndearbhuithe custaim (níl gá leis an IE). Is é an cás a bheidh ann le héifeacht ó 1 Iúil 2009 ná go mbeidh uimhir CCOE eisithe don trádálaí atá díreach mar an gcéanna leis an uimhir reatha CBL, ach cuirfidh an trádálaí "IE 1234567" isteach in áit "VAT 1234567" ar an dearbhú custaim.

Úsáid uimhir CCOE i ndearbhuithe

Is gnách go luann trádálaithe uimhreacha C agus M nó uimhreacha CBL ar dhearbhuithe leictreonacha i láthair na huaire. D'fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar thabhairt isteach an chórais CCOE go mbeidh orthu a mbogearraí a uasghrádú chun soláthar a dhéanamh le haghaidh chur isteach na huimhreach CCOE in áit na n-uimhreacha atá á n-úsáid faoi láthair. Cuireadh soláthraithe bogearraí ar an eolas faoin riachtanas seo cheana agus tá sonraíochtaí mionsonraithe le haghaidh na bhfeidhmchlár éagsúil Custaim ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Beidh gá leis an uimhir CCOE a úsáid i mboscaí 2, 8 agus 14 den dearbhú DRA. Ach ba chóir a thabhairt faoi deara nach rachaidh an uimhir CCOE in áit na huimhreach tagartha Cuntasaíochta (bosca 48) a rialaíonn íocaíocht dleachtanna agus cánacha.
Ní bheidh trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CCOE in ann aon uimhir eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid a thuilleadh ó 1 Iúil 2009, i mboscaí 2, 8 ná 14 agus diúltófar do dhearbhuithe ina bhfuil aon uimhreacha eile curtha sna boscaí seo.

Trádálaithe nach bhfuil PIU á úsáid acu faoi láthair

Mar a luadh cheana, sannfar uimhir CCOE go huathoibríoch do gach trádálaí a úsáideann PIU suas go dtí 1 Iúil 2009, le húsáid ón dáta sin i leith. Má tá trádálaí ag iarraidh earraí a allmhairiú nó a onnmhairiú ina dhiaidh sin, beidh air/uirthi na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas sula ndéanfaidh sé/sí an dearbhú custaim d'fhonn uimhir CCOE a fháil.

Conas a chláraíonn trádálaí le haghaidh CCOE?

Shann agus d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim uimhir CCOE go huathoibríoch do thrádálaí ar bith in Éirinn a bhfuil téagmháil déanta aige/aici leis an gcóras PIU, idir tabhairt isteach PIU 2 i Meitheamh 2007 agus 30 Meitheamh 2009. Moltar gur chóir do gach trádálaí athbhreithniú a dhéanamh ar chórais inmheánacha agus an cheist seo a phlé le gníomhaire imréitigh ar bith agus/nó soláthraí bogearraí a bhíonn ag déileáil faoi láthair le ceisteanna allmhairithe/onnmhairithe, le bheith cinnte go bhfuil cur amach aige/aici ar an gcóras nua cláraithe CCOE.

Cúrsa ríomhfhoghlama ar CCOE

Tá eolas breise ar fáil i bhfoirm uirlis ghearr ríomhfhoghlama is féidir a íoslódáil ó láithreán gréasáin an Choimisiúin EorpaighExternal link

Is gá do thrádálaí ar bith a bhíonn i dteagmháil leis an gcóras PIU den chéad uair tar éis 1 Iúil 2009 clárú le haghaidh CCOE. Is féidir an méid seo a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le hoifig aitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le aephelpdesk@revenue.ie , le do thoil. Ina mhalairt de chás, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an nguthán mar seo a leanas:

  • Má tá tú ag glaoch ón taobh istigh de Phoblacht na hÉireann - Guthán 1890 204 304
  • Má tá tú ag glaoch ón taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann - Guthán 00 353 6763400

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil