Tionscnamh Ríomhchustaim
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ríomhchustaim, faoi mar a leagtar amach sa Chinneadh um Ríomhchustam, córas leictreonach slán comh-inoibritheach a bhunú chun go mbeifear in ann sonraí a aistriú idir Ballstáit agus trádálaithe, d'fhonn:
- Nósanna imeachta iompórtála agus easpórtála a éascú;
- Costais géilliúntais agus riaracháin a laghdú;
- Amanna imréitigh a fheabhsú;
- An cur chuige maidir le rialú earraí agus feidhmiú na reachtaíochta a chomhordú;
- Bailiú ceart a chinntiú maidir le dleachtanna agus muirir an Chomhphobail;
- Sreabhadh maith sonraí a chumasú idir na páirtithe bainteacha agus athúsáid sonraí a cheadú.
Sa Chlár Ríomhchustaim tá líon áirithe tionscadal ar leith a bhfuil cur síos orthu sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil. Is iad na tionscadail a bhfuil tosaíocht acu ná ECS Céim 2, ICS, AEO/EORI agus NCTS Céim 4. Tá breis sonraí faoi na tionscadail seo le fáil sna rannóga ábhartha thíos. Polasaí/Reachtaíocht
- Ceanglais ar SADS Easpórtála agus Iompórtála - 1 Iúil 2009
- Beartas & Reachtaíocht
- Plean Straitéiseach Ilbhliantúil um Ríomhchustam
- Córas Follasach Leictreonach
- Córas Rialaithe Easpórtála
- Córas Rialaithe Iompórtála
- Córas Cláraithe agus Aitheantais d'Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI)
- Idirthuras CNIR [NCTS]
- Sonraíocht Theicniúil
- Tionscadail eile
- Léirithe/Eolas Trádála
Sonraí Teagmhála:
- Le haghaidh fiosruithe Idirthurais (NCTS) cuir ríomhphost chuig: nctshelpdesk@revenue.ie
- Le haghaidh fiosruithe ECS, cuir ríomhphost chuig: ecs@revenue.ie
- Le haghaidh fiosruithe EORI, cuir ríomhphost chuig: aephelpdesk@revenue.ie
- Le haghaidh fiosruithe ICS, cuir ríomhphost chuig: icshelpdesk@revenue.ie
- Le haghaidh fiosruithe faoi Chumarsáid/Bainistíocht Athruithe maidir le Ríomhchustam, cuir ríomhphost chuig: ecustomshelp@revenue.ie
- Le haghaidh fiosruithe ginearálta faoi Ríomhchustam, cuir ríomhphost chuig: ecustoms@revenue.ie
Tabhair d'aire gur féidir go n-athródh na doiciméid le linn na forbartha seo. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach iarracht a chinntiú go mbeidh na doiciméid chearta ar fáil ar an suíomh gréasáin seo. Ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, freagracht i leith deacracht ar bith a eascraíonn as athruithe a dhéantar ar dhoiciméid le linn na forbartha seo.
