Nós imeachta achomhairc i dtaca le Gnóthaí Custaim - C&E 5

Cé na daoine ar féidir leo achomharc a dhéanamh?

Aon duine arb éagóir leis cinneadh scríofa de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó oifigigh dá gcuid i dtaca le saincheist chustaim atá clúdaithe ag reachtaíocht chustaim an Aontais Eorpaigh, is féidir leis achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Tá an reachtaíocht atá i gceist i gCód Custaim an Chomhphobail (Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle) agus ina fhorálacha forfheidhme.

Cad iad na saincheisteanna custaim atá i gceist?

Samplaí dá leithéid de chinntí is ea:

  • Rialuithe i dtaca le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha (BTI)
  • Rialuithe i dtaca le dleacht chustaim a íocadh nó atá le híoc
  • Diúltú faoisimh nó díolúine nó aisíocaíochta nó loghtha i dtaca le dleacht chustaim
  • Méid na dleachta custaim atá i gceist
  • Faomhadh nó neamhfhaomhadh custaim maidir le hionramháil nó úsáid earraí (e.g. na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim cosúil le iad a scaoileadh i gcomhair saorghluaiseachta).

Is féidir achomharc a dhéanamh maidir le haon ní eile a eascraíonn as forfheidhmiú rialacha custaim an Aontais Eorpaigh.

Ní féidir cásanna lena mbaineann imeachtaí coiriúla nó urghabháil earraí a phróiseáil faoin nós imeachta seo.

Conas a dhéanaim achomharc?

Is cóir duit bunús an achomhairc a leagan amach i scríbhinn agus a chur ar aghaidh, in éineacht le haon doiciméid (nó cóipeanna), chuig an duine óna bhfuair tú an cinneadh scríofa a bhfuil ag déanamh achomhairc ina aghaidh. Admhálfaidh an t-oifigeach sin an t-achomharc ach ní shocróidh sé/sí é. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara gur gá duit an t-achomharc a dhéanamh laistigh de 30 lá den tarlú, ach amháin i gcás cúinsí eisceachtúla, agus gur gnách go gcaithfear aon dleacht chustaim atá á hachomharc a íoc nó a urrú sular féidir an t-achomharc a phróiseáil.

Conas a oibreoidh prói s seas an achomhairc?

Nuair a fhaightear d’achomharc, próiseálfaidh oifigeach é a bheidh ainmnithe don aidhm sin ag na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh céim shinsearach ag an oifigeach agus ní bheidh sé tar éis a bheith bainteach leis an saincheist atá faoi achomharc. Is féidir go n-iarrfar ort breis eolais nó cúnaimh a sholáthar.

Cuirfear toradh d'achomhairc in iúl duit i scríbhinn laistigh de 30 lá ón dáta ar chuir tú isteach é. Tabharfar na cúiseanna a ghabhann le cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le d'achomharc.

Is féidir gur gá achomhairc áirithe, m.sh. achomharc i leith aisíocaíocht dleacht chustaim, a chur ar aghaidh go dtí Coimisiún an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le foláirimh Chód Custaim an Choimisiúin. Is é Coimisiún an Aontais Eorpaigh, agus ní na Coimisinéirí Ioncaim, a dhéanfaidh an cinneadh ina leithéid de chásanna. Cuirfear a leithéid de chás, agus an toradh a bheidh air, in iúl duit.

An féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim?

Is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim trí iarratas a dhéanamh ar do chás a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Achomhairc atá ceaptha ag an Aire Airgeadais faoin Acht um Cháin Ioncaim, 1967

Ní mór duit:-

  • Fógra scríofa a thabhairt go bhfuil i gceist agat achomharc a dhéanamh laistigh de 30 lá de dháta fógartha an chinnidh a thug na Coimisinéirí Ioncaim sa chéad achomharc
  • Íoc as aon dleachtanna custaim a éilítear díot mar thoradh ar an gcinneadh sa chéad achomharc.

Is cóir duit an fógra a chur chuig an duine óna bhfuair tú an cinneadh scríofa a bhfuil tú ag déanamh achomhairc ina aghaidh. Nuair a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim cóip den fhógra achomhairc, déanfaidh siad socrú leis na Coimisinéirí Achomhairc maidir le dáta agus leis an ionad ina gcloisfear an t-achomharc agus cuirfidh siad na socruithe in iúl duit. Más mian leat, is féidir le do ghníomhaire, do chuntasóir, d'abhcóide, d'aturnae, nó duine éigin eile a cheadaíonn na Coimisinéirí Achomhairc, ionadaíocht a dhéanamh thar do cheann.

Sula dtarlaíonn an t-achomharc, is féidir áitiú i scríbhinn a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Achomhairc. Ar an gcaoi chéanna, is féidir go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Achomhairc breis eolais ort maidir leis an gcás.

Cad a tharlaíonn ag an éisteacht?

Ag an éisteacht, cuireann an dá thaobh a gcás agus is féidir go gceisteoidh na Coimisinéirí Achomhairc iad.

Cad a tharlaíonn tar éis na héisteachta?

Nuair a éistear achomharc ina iomláine is féidir go dtabharfar cinneadh foirmiúil na gCoimisinéirí Achomhairc ag an éisteacht nó go bhforchoimeádfar é lena chur in iúl duit i scríbhinn ar ball. Cinneadh deireanach is ea é seo murar gá cinneadh Ard-Chúirte a fháil ina leith.

Nóta: Clúdaítear achomhairc maidir le mál sa Bhileog Eolais - c&e 6.

Meitheamh 2006

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil