PN No.1878:Faisnéis faoi Chustam agus Mál do Dhaoine atá ag teacht go hÉirinn ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh
Réamhrá
Tá an fógra seo ceaptha do thaistealaithe atá ag teacht go hÉirinn ó aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach (AE). Ba cheart do thaistealaithe atá ag teacht go hÉirinn ó thír lasmuigh den AE nó ó na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Mhuir nIocht nó ó Ghiobráltar - fiú má d’aistrigh siad a gcuid eitiltí i dtír eile de chuid an AE -féachaint ar an a mBileog Faisnéise do Thaistealaithe ag Teacht go hÉirinn ó Thír Lasmuigh den AE..
Nótaí Faisnéise
- Ní mór Táirgí Alcóil agus Tobac atá á dtabhairt isteach go hÉirinn ó thír eile san AE gan dleachtanna a íoc a bheith ar iompar agat féin agus a bheith i do sheilbh agat féin, .i. ní cheadaítear iad a sheoladh chuig an tír seo.
- Ní cheadaítear na hearraí seo a úsáid chun críocha tráchtála. Ní mór dóibh a bheith d’úsáid phearsanta. Má tá sé ar intinn agat glacadh le haon chineál íocaíochta as na hearraí a thugann tú isteach, rangaítear é sin mar úsáid thráchtála.
- Má tá tú ag tabhairt isteach earraí alcóil nó tobac agus má tá cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint go bhféadfadh go bhfuil siad ceaptha do chuspóirí tráchtála, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh Oifigeach Custaim ceisteanna ort agus go ndéanfadh sé/sí seiceálacha a chuirfeadh ar a c(h)umas a chruthú go bhfuil na hearraí ceaptha d’úsáid phearsanta.
- Níl cead ag taistealaithe faoi bhun 17 mbliana d’aois Táirgí Alcóil agus/nó Tobac a thabhairt leo faoi na forálacha sin..
- Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh ná:
- An Ostair, An Ghearmáin, An Ísiltír, An Bheilg, An Ghréig, An Pholainn, An Bhulgáir, An Ungáir, An Phortaingéil, An Chipir, Éire, An Rómáin, Poblacht na Seice, An Iodáil, An tSlóvaic, An Danmhairg, Laitvia, An tSlóivéin, An Eastóin, An Liotuáin, An Spáinn*, An Fhionlainn, Lucsamburg, An tSualainn An Fhrainc, Málta, agus an Ríocht Aontaithe*
*Cé go bhfuil Giobráltar, na hOileáin Chanáracha agus na hOileáin Mhuir nIocht ina gcuid den AE, tá siad faoi réir forálacha speisialta agus mar sin tá feidhm ag na liúntais saor ó dhleacht le haghaidh tíortha lasmuigh den AE.
Smuigleáil
Má fhaightear amach go raibh tú ag smuigleáil
d’fhéadfadh sé go ngearrfaí pionós airgid ort, go ndéanfaí do chuid earraí a urghabháil, go ndéanfaí tú a ionchúiseamh nó d’fhéadfadh sé go gcuirfí meascán de na bearta sin go léir i bhfeidhm ort.
Má thugann tú aon rud amhrasach faoi deara nó má tá aon fhaisnéis agat faoi smuigleáil drugaí nó aon chineál smuigleála cuir Oifigeach Custaim ar an eolas nó déan teagmháil le:
Saorghlao 1800-295 295
Ná Déan Neamhaird de – Tabhair Tuairisc faoi!
Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le haon Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó trí fhéachaint ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Earraí Dleachtíoctha agus Cáiníoctha
(i) Ginearálta
Ní ghearrfar aon dleacht ná cáin bhreise ar earraí a ceannaíodh dleachtíoctha agus cáiníoctha (m.sh. i siopaí, in ollmhargaí srl.) i dtír AE eile. Féach thíos, áfach, chun faisnéis a fháil faoi Tháirgí Alcóil agus Tobac.
(ii) Táirgí Alcóil agus Tobac
Maidir le táirgí alcóil agus tobac:
- ní mór dóibh a bheith d’úsáid phearsanta,
- ní mór duit d’admhálacha a choinneáil mar chruthúnas go bhfuil dleacht agus cánacha íoctha agat, agus
- ní mór na hearraí a bheith ar iompar agat féin agus i do sheilbh agat féin.
Go ginearálta, má cheannaíonn tú na táirgí sonracha thíosluaite ar mhéideanna atá cothrom le nó níos lú ná na méideanna atá léirithe sa tábla, glacfar leis go bhfuil na hearraí i gcomhair úsáid phearsanta.
| Uasmhéid | Earraí |
|---|---|
| 800 | Toitín |
| 400 | Todóigín |
| 200 | Todóg |
| 1kg | Tobac |
| 10 lítear | Biotáille (fuisce, jin, vodca srl) |
| 20 lítear | Táirgí Idirmheánacha - Deochanna alcólacha nach mó a dtoirt ná 22%. (m.sh. pórtfhíon, seiris, roinnt licéar srl.) |
| 90 lítear | Fíon (ní féidir ach le 60 lítear a bheith súilíneach)Fíon (ní féidir ach le 60 lítear a bheith súilíneach) |
| 110 lítear | Beoir |
Earraí Dleachtíoctha agus Cáiníoctha
Níl earraí den sórt sin ar fáil le ceannach ag daoine atá ag taisteal idir tíortha AE ach amháin chun iad a chaitheamh ar bord bád farantóireachta nó aerárthach. Ní mór na dleachtanna agus/nó na cánacha go léir a íoc ar aon earraí atá á n-iompar agus duine ag tuirlingt in Éirinn.
Nósanna Imeachta Custaim
- A. Farraige
Má thagann tú go hÉirinn ar bhád farantóireachta ón AE agus mura bhfuil aon earraí le dearbhú agat, féadann tú, mura gcuirtear ceist ort (féach mír 7 thíos) imeacht díreach ón bport gan dul trí rialuithe Custaim. - Aer
- Más rud é gur thosaigh do thuras agus an eitilt a raibh tú ag taisteal uirthi i dtír de chuid an AE ba chóir duit an Cainéal Gorm a úsáid.
- Má tá tú ag teacht go hÉirinn ó thír eile de chuid an AE ar eitilt a d’fhág tír taobh amuigh den AE ar dtús (m.sh Nua Eabhrac-Londain-Baile Átha Cliath), ní mór duit dul trí Chustam trí úsáid a bhaint as an gCainéal Uaine (Dada le Dearbhú) nó as an gCainéal Dearg (Earraí Indleachta) , beag beann ar do náisiúntacht nó do thír chónaithe.
Seiceálacha Roghnaíocha ar Thaistealaithe chun an tsochaí a chosaint
Faoi fhorálacha i gConarthaí an AE, is féidir le hoifigigh Chustaim tabhairt faoi sheiceálacha roghnaíocha i gcónaí ar thaistealaithe laistigh den AE chun smuigleáil earraí toirmiscthe nó srianta a chosc. D’fhéadfadh Oifigigh Chustaim ceisteanna a chur ar thaistealaí dá bhrí sin, agus d’fhéadfadh dualgas a bheith air/uirthi a b(h)agáiste a thaispeáint le haghaidh scrúdaithe.
Earraí Toirmiscthe nó Srianta
Tá roinnt earraí ann nach gceadaítear a allmhairiú ó thír eile san AE. Is iad na príomhearraí ná:
- Drugaí dainséaracha,
- Earraí mígheanasacha nó graosta,
- Bia-ábhair áirithe.
Tá roinnt earraí eile ann nach bhfuil ceadaithe a allmhairiú ach faoi cheadúnas, mar:
- Cait agus madraí (peataí) tí, seachas ón RA, ó na hOileáin Mhuir nIocht agus ó Oileán Mhanann,
- Arm tine agus/nó lón lámhaigh,
- Tinte ealaíne agus pléascáin.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach Toirmiscthe nó Srianta.
Rialuithe Airgid
Féadann Oifigeach Custaim cuardach a dhéanamh ar aon airgead atá á allmhairiú isteach sa Stát nó á onnmhairiú amach as, é a urghabháil nó a choinneáil mura bhfuil sé níos lú ná €6348.59 agus má tá cúis réasúnach ag an oifigeach le creidiúint:
- go bhfuil an duine ag allmhairiú nó ag onnmhairiú méid airgid nach bhfuil níos lú ná €6348.69 ón Stát nó go bhfuil sé ar intinn aige é a allmhairiú nó a onnmhairiú, agus
- gur fáltais dhíreacha nó indíreacha coireachta atá san airgead nó go bhfuil sé ceaptha le húsáid ag aon duine maidir le hiompar coiriúil.
(Alt 38(1) An tAcht um Cheartas Coiriúil 1994, arna leasú ag Alt 20 den Acht um Fháltais ó Choireacht (Leasú) 2005)
Nuashonraithe go Deireanach: Márta 2010
