PN 1878a: Faisnéis faoi Chustam agus Mál do Dhaoine atá ag taisteal go hÉirinn ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach
1. Réamhrá
Tá an fógra seo ceaptha do dhaoine atá ag taisteal go hÉirinn
- díreach ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach (AE), nó
- ó thír nach bhfuil san AE trí thír AE eile, nó
- ó na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Mhuir nIocht nó ó Giobráltar..
Ba cheart do dhaoine atá ag taisteal ó thír AE eile áit nach ndearnadh aon chuid dá dturas lasmuigh den AE féachaint ar an mBileog Faisnéise do Dhaoine atá ag Teacht go hÉirinn ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Nuair a thagann daoine go hÉirinn ó thír lasmuigh den AE d’fhéadfadh go mbeidís faoi dhliteanas Dleacht Chustaim, Dleacht Mháil (áit a mbaineann) agus CBL a íoc ag an aerfort nó port farraige a dtagann siad chuige ar earraí a cheannaigh siad ansin. Féadann daoine atá ag taisteal, áfach, earraí a thabhairt isteach suas go dtí na teorainneacha atá léirithe i mír Liúntais Saor ó Dhleacht gan dleacht ná CBL a íoc sa tír seo.
2. Nótaí Faisnéise
- Ní mór na hearraí a allmhairíodh faoi na liúntais saor ó dhleacht do dhaoine a bhíonn ag taisteal a bheith ar iompar agat féin agus a bheith i do sheilbh agat féin.
- Ní cheadaítear iad a úsáid chun críocha tráchtála. Ní mór go mbeidís ceaptha le húsáid duit féin nó mar bhronntanais. Má tá sé ar intinn agat glacadh le haon chineál íocaíochta as na hearraí a thugann tú isteach, rangaítear é sin mar úsáid thráchtála.
- Ní mór earraí a dhéantar a allmhairiú chun críocha tráchtála a fhógairt do Chustam.
- Ní fhéadann dream daoine atá ag taisteal le chéile a gcuid liúntas aonair a chur le chéile chun earraí a cheannach.
- Níl daoine atá ag taisteal agus atá faoi bhun 17 mbliana d’aois i dteideal liúntais tobac nó alcóil.
- Is iad Ballstáit an AE ná:
- An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn*, an tSualainn, agus an Ríocht Aontaithe*.
*Cé go bhfuil Giobráltar, na hOileáin Chanáracha agus na hOileáin Mhuir nIocht ina gcuid den AE, tá siad faoi réir forálacha speisialta agus mar sin tá feidhm leis na liúntais saor ó dhleacht le haghaidh tíortha lasmuigh den AE.
3. Smuigleáil
Má fhaightear amach go raibh tú ag smuigleáil, d’fhéadfadh sé go ngearrfaí pionós airgid ort, go ndéanfaí do chuid earraí a urghabháil, go ndéanfaí tú a ionchúiseamh nó d’fhéadfadh sé go gcuirfí meascán de na bearta sin go léir i bhfeidhm ort.
Má thugann tú aon rud amhrasach faoi deara nó má tá aon fhaisnéis agat faoi smuigleáil drugaí nó aon chineál smuigleála cuir Oifigeach Custaim ar an eolas nó déan teagmháil le:
Saorghlao 1800-295 295
Ná Déan Neamhaird de – Tabhair Tuairisc faoi!
Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le haon Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó trí fhéachaint ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
4. Liúntais Saor ó Dhleacht
(i) Ginearálta
Ceadaítear duit earraí (lena n-áirítear bronntanais, cuimhneacháin, cumhrán agus éadaí) a thabhairt isteach saor ó dhleacht, nuair nach bhfuil luach na nithe sin le chéile os cionn:
- €430 i gcás duine aonair atá 15 bliana d’aois nó níos sine
- €215 i gcás duine aonair faoi 15 bliana d’aois
Tá sé tábhachtach a thuiscint nach mbaineann na liúntais airgid thuas le haon earra aonair a sáraíonn a luach na teorainneacha ábhartha. Má thugann tú isteach rud éigin a bhfuil a luach níos mó ná an teorainn ábhartha de €430 nó €215, ní mór duit muirir allmhairithe a íoc ar an luach iomlán.
Ina theannta sin, ceadaítear duit earraí a thabhairt isteach saor ó dhleacht sna catagóirí go léir atá léirithe thíos faoi réir na n-uasteorainneacha atá sonraithe.
Má tá tú ag tabhairt ar ais aon earraí saor ó dhleacht a cheannaigh tú nuair a thaisteal tú amach as Éirinn, cuirtear iad siúd san áireamh mar chuid de do liúntas.
(ii) Táirgí Tobac
| Uasmhéid | Earraí |
|---|---|
| 200 | Toitín, nó |
| 100 | Todóigín, nó |
| 50 | Todóg, nó |
| 250 grammes | Tobac |
Tá leithdháileadh na liúntas thuas ceadaithe ar bhonn codánach m.sh. 100 toitín móide 50 todóigín.
(iii) Táirgí Alcóil
| Uasmhéid | Earraí |
|---|---|
| 1 lítear | 1 lítear Biotáille (fuisce, jin, vodca, srl.) |
| 2 lítear | Deochanna alcólacha nach mó a dtoirt ná 22% (m.sh. pórtfhíon, seiris, fíon súilíneach, licéir áirithe, srl.) |
| Uasmhéid | Earraí |
|---|---|
| 4 lítear | Fíon gan Súilíní |
| 16 lítear | Beorach |
Tá leithdháileadh na liúntas thuas ceadaithe ar bhonn codánach m.sh. 1/2 lítear biotáille móide 1 lítear pórtfhíona
Gearrtar Dleacht Chustaim, Dleacht Mháil agus CBL áit a mbaineann ar earraí a sháraíonn na liúntais saor ó dhleacht.
5. Dleacht Chustaim
Is gnách go ngearrtar Dleacht Chustaim mar chéatadán de luach an earra. Is féidir na rátaí Dleachta Custaim a fháil trí fhéachaint ar TARIC
, ar bunachar sonraí é a ndéanann an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil bainistíocht air agus a úsáideann na Ballstáit go léir.
6. Ráta Caighdeánach (Comhréidh) de Dhleacht Chustaim
Gearrtar Dleacht Chustaim ag ráta caighdeánach de 2.5% ar earraí neamhthráchtála ar choinníoll nach sáraíonn luach na n-earraí atá faoi réir na dleachta sin €700 in aghaidh an taistealaí. Chun socrú an sáraíonn an luach iomlán €700, tógtar san áireamh an liúntas airgid de €430/€215, más infheidhmithe chomh maith le luach na n-earraí nach bhfuil faoi réir Dleachta Custaim.
Gearrtar Dleacht Chustaim ag ráta caighdeánach de 2.5% ar earraí neamhthráchtála ar choinníoll nach sáraíonn luach na n-earraí atá faoi réir na dleachta sin €700 in aghaidh an taistealaí. Chun socrú an sáraíonn an luach iomlán €700, tógtar san áireamh an liúntas airgid de €430/€215, más infheidhmithe chomh maith le luach na n-earraí nach bhfuil faoi réir Dleachta Custaim.
Féadann daoine atá ag taisteal roghnú na hearraí a imréiteach ag rátaí taraife na dleachta
7. Dleacht Mháil
IBíonn earraí mar bhiotáille, fíon, beoir agus táirgí tobac faoi dhliteanas Dleachta Máil. Is féidir na rátaí infheidhme de Dhleacht Mháil a fháil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
8. CBL
Tá CBL iníoctha ar gach allmhaire ag ráta a chuirfí i bhfeidhm ar an earra céanna dá gceannófaí é sa tír seo. Is é luach na n-earraí chun an méid CBL atá iníoctha a ríomh ná a luach chun críocha custaim agus méid aon dleachta eile atá dlite curtha leis. Tá liosta sonrach de rátaí CBL ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
9. Samplaí de dhleachtanna/CBL a ríomh ar allmhairí neamhthráchtála i mbagáiste taistealaithe.e.
(Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil anseo ach samplaí den chaoi a ndéantar dleacht a ríomh. Athraíonn rátaí dleachta ó am go chéile).
1. Samplaí den Ráta Iomlán Dleachta agus CBL
1 ghúna cadáis mná ar chostas €800 (dleacht 12%)
(Ní chuirtear an Ráta Caighdeánach i bhfeidhm toisc go sáraíonn na hearraí atá faoi réir dleacht iompórtála €700)
Is é an luach do Dhleacht Chustaim ná €800. Dleacht Chustaim @12% = €96
Is é an luach do CBL ná €896 .i. €800 + €96. CBL @ 23% = €206.08
Is é luach iomlán na ndleachtanna agus an CBL atá dlite ná+ €206.08 = €302.08
2.Sampla den Ráta Caighdeánach Dleachta agus CBL
1 ghúna cadáis mná ar chostas €400 (dleacht 12%); 1 cheamara digiteach ar chostas €500 (dleacht 0%) agus deich léine cadáis fir ar chostas iomlán €600 (dleacht 12%)
Dleacht Chustaim:
Tá luach níos lú ná €430 ar an ngúna agus tá sé ceadaithe faoin liúntas saor ó dhleacht..
Níl aon dleacht dlite ar an gceamara digiteach agus ní chuirtear san áireamh é do Dhleacht Chustaim.
Cuirtear an ráta caighdeánach dleachta 2.5% i bhfeidhm ar na léinte toisc nach sáraíonn a luach €700 mar sin €600 @ 2.5% = Dleacht Chustaim de €15 dlite.
CBL:
Tá an gúna ceadaithe faoin liúntas do thaistealaithe
Is é comhluach an cheamara (€500) agus na léinte (€600) + an Dleacht Chustaim de €15, .i. €1115, an luach do CBL.
Mar sin €1115 @ 23% = CBL de €256.45 dlite
Is é an méid iomlán atá dlite ná Dleacht Chustaim de €15 móide CBL de €256.45 = €271.45
10. Nósanna Imeachta Custaim
Má tá tú ag teacht go hÉirinn:
- díreach ó thír nach bhfuil san AE, nó
- (m.sh. Nua Eabhrac - Londain - Baile Átha Cliath)**, nó
- ó na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Mhuir nIocht nó Giobráltar
ní mór duit dul trí Chustam trí dhul tríd an gCainéal Uaine nó Dearg beag beann ar do náisiúntacht ná do thír chónaithe.
Úsáid an Cainéal Uaine má tá earraí agat:
- nach bhfuil a luach níos mó ná na liúntais a bhfuil tú ina dteideal, mar atá leagtha amach i Liúntais Saor ó Dhleacht , agus
- nach bhfuil toirmiscthe ná srianta (féach Earraí Toirmiscthe nó Srianta)
Bain úsáid as an gCainéal Dearg más rud é:
- o bhfuil amhras ort, nó
- go bhfuil earraí agat a bhfuil a luach níos mó ná na liúntais a bhfuil tú ina dteideal, nó
- go bhfuil earraí toirmiscthe nó srianta agat
** Má bhíonn tú ag taisteal mar atá in (b) thuas, ní mór duit an Cainéal Uaine nó Dearg a úsáid, de réir mar is cuí, ach amháin más rud é go ndeachaigh do bhagáiste UILE (bagáiste láimhe agus bagáiste boilg) trí Chustam sa chéad aerfort nó calafort a bhain tú amach san AE. Má tá do chuid bagáiste go léir imréitithe ag Custam nuair a thagann tú chuig an AE féadann tú imeacht tríd an gCainéal Gorm. (Is é atá sa Chainéal Gorm ná áis do thaistealaithe laistigh den AE atá ag imeacht ón limistéar bailithe bagáiste. Féadann Oifigigh Chustaim idirghabháil a dhéanamh sa Chainéal Gorm, áfach, áit a bhfuil cúis réasúnach acu le creidiúint go bhfuil toirmeasc nó srian náisiúnta ar allmhairiú á sárú nó go bhfuil cion a bhaineann le táirgí inmháil á dhéanamh).
Meabhraítear do thaistealaithe gur ionann dul isteach sa Chainéal Uaine nó sa Chainéal Dearg agus Dearbhú custaim a dhéanamh
11. Earraí Toirmiscthe nó Srianta
Tá roinnt earraí ann nach gceadaítear a allmhairiú ó lasmuigh den AE. Is iad na príomhearraí ná:
- drugaí dainséaracha,
- earraí mígheanasacha nó graosta,
- plandaí nó bleibeanna,
- ainmhithe beo nó marbh,
- éanlaith clóis, éin nó uibheacha,
- féar nó tuí nó earraí atá pacáilte leis na hábhair sin,
- le heisceachtaí ar leith bainne nó táirgí bainne, feoil nó táirgí feola agus bia-ábhair áirithe.
Tá roinnt earraí eile ann nach bhfuil ceadaithe a allmhairiú ach faoi cheadúnas, mar:
- cait agus madraí (peataí) tí,
- arm tine agus lón lámhaigh,
- tinte ealaíne agus pléascáin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Earraí Toirmiscthe nó Srianta.
12. Rialuithe Airgid
Má tá airgead luach €10,000 nó níos mó á iompar agat agus tú ag dul isteach san AE nó ag imeacht as, nó ag taisteal chuig Oileán Mhanann, nó na hOileáin Mhuir nIocht nó ar ais astu, trí phort nó aerfort Éireannach, ní mór duit foirm dhearbhaithe chomhlánaithe a chur faoi bhráid Custaim. Áirítear le hairgead a choibhéis in airgeadra eile nó sócmhainní is féidir a aistriú go héasca mar sheiceanna nach bhfuil crosáilte.
Tá foirmeacha dearbhaithe ar fáil ó oifigíCustaim i ngach port agus aerfort.
SMar ábhar ar leithligh, faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1994, arna leasú ag an Acht um Fháltais ó Choireacht (Leasú) féadannOifigeach Custaim cuardach a dhéanamh ar aon airgead atá á allmhairiú isteach sa Stát nó á onnmhairiú amach as, é a urghabháil nó a choinneáil mura bhfuil sé níos lú ná €6348.59 agus má tá cúis réasúnach ag an oifigeach le creidiúint:
- go bhfuil an duine ag allmhairiú nó ag onnmhairiú méid airgid nach bhfuil níos lú ná €6348.69 ón Stát nó go bhfuil sé ar intinn aige/aici é a allmhairiú nó a onnmhairiú
- gur fáltais dhíreacha nó indíreacha coireachta atá san airgead nó go bhfuil sé ceaptha le húsáid ag aon duine maidir le hiompar coiriúil.
13. Liúntais do Chriúnna
Tá na liúntais laghdaithe seo a leanas i bhfeidhm do chriúnna iompair idirnáisiúnta. Tá gach liúntas eile mar an gcéanna le liúntais paisinéirí taistil.
Táirgí Tobac:
- 40 Toitín nó
- 10 Todóg nó
- 20 Todóigín nó
- 50 gram de Thobac
Táirgí Alcóil:
- Biotáille (m.sh. Branda, Vodca, srl): 0.35 lítear nó
- Táirgí Idirmheánacha: 0.50 lítear
Deochanna alcólacha nach mó a dtoirt ná 22% (m.sh. pórtfhíon, seiris, fíon súilíneach, licéir áirithe srl.)
Súilíní agus Beoir:
- Fíon gan Súilíní: 0.75 lítear
- Beoir: 4 lítear
Nuashonraithe go deireanach: Eanair 2012
